Ní Riada ‘ag díriú’ ar an Eoraip ‘faoi láthair’ agus í á lua le rás an Árais

Agus ceist na huachtaránachta le plé ag Sinn Féin go luath, níl sé curtha as an áireamh ag an bhfeisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada go mbeadh sí ina hiarrthóir ag a páirtí

Ní Riada ‘ag díriú’ ar an Eoraip ‘faoi láthair’ agus í á lua le rás an Árais

An Feisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall IReland

Níl sé curtha as an áireamh ag an fheisire Eorpach Gaeltachta Liadh Ní Riada go seasfadh sí d’uachtaránacht na hÉireann.

Tá Ní Riada á lua mar iarrthóir de chuid Shinn Féin ar an uachtaránacht ó dúirt ceannaire a páirtí Mary Lou McDonald go gcreideann sí gur chóir go dtabharfaí dúshlán an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn sa chás go bhfógródh sé go bhfuil an dara téarma uaidh.

Dúirt McDonald go bpléifidh Sinn Féin ceist na huachtaránachta ag cruinniú d’Ard-Chomhairle an pháirtí seachtain ón Satharn seo chugainn.

Tuairiscítear go bhfuil Liadh Ní Riada, arb as Cúil Aodha i nGaeltacht Chorcaí di, i measc na ndaoine atá á lua i Sinn Féin mar iarrthóir sa chás go socródh an páirtí duine dá gcuid féin a chur chun cinn i dtoghchán.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Liadh Ní Riada go bhfuil “ardmheas” aici ar an Uachtarán Ó hUigínn agus gur “léir go bhfuil éacht déanta agus á dhéanamh aige ina ról”. 

“Buailfidh Ard-Chomhairle Shinn Féin lena chéile ar an Satharn [an 14 Iúil] le cinneadh a dhéanamh dul nó gan dul i gcomórtas don uachtaránacht. 

“Táim féin thar a bheith gnóthach faoi láthair ag seasamh ar son leas na hÉireann i bParlaimint na hEorpa. Leis na dualgaisí móra atá romhainn, is anseo atá mé ag díriú mo chuid fuinnimh agus fócais faoi láthair,” a dúirt Ní Riada.

Táthar ag súil le fógra gan mhoill ó Mhicheál D. Ó hUigínn faoina bhfuil sé chun an dara téarma mar uachtarán a lorg.

Tá ráite ag Fianna Fáil agus ag roinnt airí rialtais go dtacóidís leis an Uachtarán sa chás go mbeadh an dara téarma uaidh.

Tá suim léirithe cheana féin ag polaiteoir Gaeltachta eile i bpost an Uachtaráin agus an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh as an Spidéal i gConamara fós i mbun machnaimh faoi ainmniúchán a lorg.

Fág freagra ar 'Ní Riada ‘ag díriú’ ar an Eoraip ‘faoi láthair’ agus í á lua le rás an Árais'