Ní chuirfeadh ráitis an Aire Airgeadais faoi IBRC mórán ar a suaimhneas

Fiú sara bhfiosraíonn breitheamh a ndearna IBRC, is léir nach bhfuil gach rud i gceart sa Roinn Airgeadais

 

Michael Noonan. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland
Michael Noonan. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Bunaíodh IBRC i 2011 agus cuireadh deireadh leis i 2013 chun déileáil leis na fiacha as cuimse a d’fhág Anglo-Irish Bank ina dhiaidh. Theastaigh €34.7bn d’iasachtaí chun déileáil le fiacha Anglo-Irish, agus €30bn lena chois chun fiacha na mbanc eile a ghlanadh. Fiacha a bheidh mar bhró mhuilinn ar mhuineál an stáit ar feadh i bhfad.

Níl aon amhras mar sin faoi thábhacht na hoibre, ná faoin mbrú oibre agus airgeadais a bhí ar Alan Dukes agus ar fhoireann IBRC. Níl amhras ach oiread faoin maoirseoireacht aireach a shílfeá a bheadh idir lámha ag an rialtas chun a dheimhniú go raibh an obair á déanamh i gceart. Ach más mar sin a shílfeá, bheadh mearbhall ort. Mar is eol dúinn anois.

Chuir Michael Noonan litir leithscéalach chuig Micheál Martin Dé Céadaoin, litir inar admhaigh sé gur chuir sé amú é agus freagra ar cheist Dála á thabhairt aige ar 6 Bealtaine. Dúirt an tAire an lá sin nár seoladh cur síos ar chruinnithe bhord IBRC chuig an Roinn Airgeadais sarar díoladh Siteserv i mí na Márta 2012.

Dúirt an tAire Airgeadais ina litir gur “aimsíodh” cáipéisí faoi chruinnithe an bhoird ó shin i leith, agus gur léir gur cuireadh go dtí an Roinn iad sarar díoladh Siteserv. Bhí faisnéis nach raibh cruinn tugtha i ngan fhios aige sa Dáil, a dúirt sé.

Shéan Michael Noonan mar sin féin go raibh a fhios ag an Roinn Airgeadais roimh ré go raibh Siteserv le díol. Ach fiú má ghlactar lena mhíniú ar ar tharla, is léir an t-ábhar imní ina ráiteas.

Aistriúchán:

  1. Ní raibh a fhios agam ná ag foireann mo Roinne go raibh Siteserv á dhíol.
  2. Ní raibh a fhios agam ná ag foireann mo Roinne gur cuireadh cáipéisí faoi dhíol Siteserv chugainn roimh ré.
  3. Ní raibh a fhios agam ná ag foireann mo Roinne go raibh na cáipéisí san oifig.
  4. Níor aimsíodh na cáipéisí fiú nuair a chuir Micheál Martin a cheist sa Dáil, ach thángthas orthu an mhí dar gcionn.
  5. Ná bíodh aon imní oraibh; tá an Roinn Airgeadais ag faire go géar ar chúrsaí, agus cuirtear an tAire ar an eolas de réir mar is gá.

Fiú má ghlactar leis nach bhfuil éagumas ná miord dá leithéid i réim de ghnáth, ní chuirfeadh ráitis an Aire Airgeadais mórán ar a suaimhneas. Anuas ar na ceisteanna a spreag an scéal seo, tháinig admháil eile. Ní caillteanas €110m a bhí i gceist nuair a díoladh Siteserv, ach €119m (cuimhnigh gurb ionann an cailteanas seo agus costas don cháiníocóir). Bhí na sonraí sin ar fáil sna miontuairiscí ar chruinniú bhord IBRC i 2012 a chuaigh “as áit” sa Roinn (aistriúchán: “ar strae”) ar feadh tamaill, dar leis an Roinn féin.

Bheadh na ceisteanna a spreagann na ráitis seo go léir ó bhéal Aire Rialtais tromchúiseach go leor dá mbainfidís le mionchomhlacht stáit. Ach ar ndóigh baineann said go léir le comhlacht a bunaíodh d’aon ghnó chun déileáil leis an ngéarchéim airgeadais is measa dár tharla ó bunaíodh an stát.

Beidh neart le déanamh ag an mbreitheamh a cheapfar sara bhfoilseofar tuairisc ar an bhfiosúchán seo tar éis an olltoghcháin.

– Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTÉ

Fág freagra ar 'Ní chuirfeadh ráitis an Aire Airgeadais faoi IBRC mórán ar a suaimhneas'