Rinne comhairleoirí bhaile Rhonnda Cynon Taf sa Bhreatain Bheag cinneadh stairiúil Dé Luain seo caite.
Vótáil siad i bhfabhar plean faoina gceannófar 16 teach i sráidbhaile Ynysybwl, atá 25 ciliméadar siar ó thuaidh ón bpríomhchathair Caerdydd (Cardiff), agus faoina leagfar iad go léir.
Caithfear £2.5m (€2.8m) ar cheannach na dtithe a tógadh ar shráid atá ar bhruach srutháin i lár an bhaile.
Moladh an plean de thoradh tuilte in 2020 agus in 2024 a d’fhág na tithe faoi uisce a shroich suas le doimhneacht dhá mhéadar. Mheas saineolaithe ó údarás tuilte na Breataine Bige go mbeadh tógáil balla cosanta ar bhruach an tsrutháin breis agus trí huaire níos costasaí ná an scéim aslonnaithe agus nach ndeimhneodh sé lánchosaint in aghaidh tuilte amach anseo.
D’fháiltigh daoine atá ina gcónaí sna tithe roimh an gcinneadh. Rinne bean amháin cur síos ar shnámh amach as a teach toisc go raibh t-uisce chomh domhain nach raibh sí ábalta seasamh ag bun an staighre.
Dúirt Amanda Ellis, comhairleoir áitiúil, go dtagann eagla thar cuimse orthu le linn drochstoirme toisc gur léir dóibh nach uair amháin in imeacht céad bliain ach uair gach cúpla bliain a fhágfar a dtithe faoi uisce.
Measann an Chomhairle nár cuireadh scéim chomh mór a bhain le tionchar athraithe aeráide i bhfeidhm riamh sa Ríocht Aontaithe.
Is ábhar suntais mar sin féin é gur dhúirt an príomhfheidhmeannach, Paul Mee, nach raibh aon oibleagáid orthu na tithe a cheannach. Moladh é, a dúirt sé, toisc go raibh sé ar a gcumas déileáil le fadhb a chuir beatha agus maoin i mbaol.
Ó d’fhág an stoirm Chandra tithe, sráideanna agus bailte ar fud oirthear agus iardheisceart na hÉireann faoi uisce tá gearáin réasúnta agus ceisteanna fiúntacha á bplé go tréan.
Ceisteanna mar shampla faoi phlean cosanta Inis Córthaidh, a moladh in 2018 ach ar diúltaíodh cead pleanála dó in 2022 ar fhaitíos go ndéanfaí dochar do ghnáthóg diúilicíní in Abhainn na Sláine.
Cén fáth nár moladh leagan eile den phlean roimhe seo agus cén fáth nach bhfuil a leithéid á chur i bhfeidhm faoin am seo?
I ndeisceart chontae Bhaile Átha Cliath, cén fáth nár chuir an chomhairle áitiúil málaí gainimh ar fáil in am chun cabhrú le háitritheoirí i Ráth Fearnáin a dtithe a chosaint?
Ar an taobh ó thuaidh den phríomhchathair, cén fáth nach bhfuil balla nó córas cosanta de chineál eile tógtha taobh leis an mbóthar cois farraige i gCluain Tarbh ainneoin na dtuilte a léiríonn an riachtanas gach re bliain ar a laghad?
Tarraingíodh anuas go leor ceisteanna dá leithéid i nDáil Éireann i rith na seachtaine. Pléadh chomh maith an cheist is géire maidir le tuilte a chuireann an freasúra ar an rialtas i gcónaí, cuma cén páirtí atá i gcumhacht. Mar a chuir Pearse Doherty ar an Tánaiste Simon Harris Déardaoin.
I mbeagán focal (agus achoimre á déanamh anseo ar cheist fhada) cén fáth go raibh faillí déanta ag Simon Harris, agus ag na rialtais ina raibh páirt aige le deich mbliana, san obair chosanta agus mhaolaithe a bhí riachtanach agus geallta ar fud na tíre? Líomhain a shéan an Tánaiste ar ndóigh.
Is féidir talamh slán a dhéanamh de (maith dhom an leagan ró-oiriúnach) go bhfuil go leor de na gearáin thuas réasúnta. Léirigh Chandra arís do chách nár chóir moill a chur ar an gcur chuige a theastaíonn chun déileáil le baol tuilte, is é sin (a) más léir an fiúntas agus (b) más fiú an caiteachas.
Sin ráite áfach, ní foláir a admháil go dtabharfaidh gach rialtas tosaíocht i gcónaí do chaiteachas ar ábhair eile seachas cosaint i gcoinne tuilte. Ar chúis shoiléir amháin: cuireann tuilte as do dhaoine in áiteanna áirithe ó am go ham. Teastaíonn feabhsú áfach ar sheirbhísí eile (sláinte, oideachas, bóithre, an córas iompair srl.) ó mhórán an t-am ar fad.
Ní haon iontas go mbeidh an scéal amhlaidh go deo.
Dúisíonn an cinneadh a rinne Comhairle Rhonnda Cynon Taf ceist níos doimhne. Ceist nach bpléitear ach go hannamh sa Dáil ach nach mbeifear ábalta í a sheachaint de réir mar a threisíonn tionchar athraithe aeráide agus costas na mbeartas a iarrfar lena mhaolú.
Cáintear gach rialtas tar éis drochthuilte toisc nach bhfuil dóthain caite acu ar bheartais chosanta ná dlús mar ba chóir curtha acu leis na scéimeanna a ghealladar. Ní athróidh an scéal sin ach leathnóidh an bhearna idir iarratais ar scéimeanna agus cumas an stáit íoc astu.
Is é bun agus barr an scéil nach mbeidh aon dul as ag rialtais agus ag údaráis eile amach anseo ach rogha a dhéanamh idir trí straitéis a leagadh amach i dtuairisc a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil trí bliana ó shin: cosaint, maolú agus cúlú eagraithe.
Níl plean rialtais a thabharfadh aghaidh ar na roghanna sin dréachtaithe ná fiú beartaithe fós. Ní bheidh fonn ach oiread ar mhórán Teachtaí Dála roghanna áitiúla a phlé, fiú amháin sula ndéanfar iad.
Ní sheachnaíonn tost rogha dhosheachanta, áfach, ach ar feadh tamaill. Mura bpléitear agus mura gcíorfar roghanna crua in am déanfaidh athrú aeráide an rogha ar dhóigh thubaisteach lenár neamhthoil.
Eoghan Ó Néill
Sin é go díreach. Is faidhb domhanda í an t-athrú aeráide agus a mó taise dá bhárr thuas a mó báisteach agus bailceanna anuas orainn. Barraíocht dó ola i gcarrannaí, eitealáin etc. , an iomarca plaisteach agus sa tír seo barraíocht eallaigh , beagán foraoiseacha agus gantannas bradán sna haibhneacha.
Nuala de Paor
An- suimiúil agus rian na fírinne air déarfainn – agus tá sé gear!