Níor chaill fir an mhisnigh riamh é…

In ainneoin na deacrachtaí a chruthaigh Tiobraid Árann, agus Séamus Callanan go háirithe dóibh, níor ghéill na Gaillimhigh riamh i gceann de na cluichí is fearr atá feicthe le fada an lá. Tuairisc ó Pháirc an Chrócaigh

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Semi-Final, Croke Park, Dublin 16/8/2015 Tipperary vs Galway Joe Canning and winning point scorer Shane Moloney of Galway celebrate at the final whistle Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Joe Canning agus  Shane Moloney ag ceiliúradh a mbua i gcluiche leathcheannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaaigh inniu. ©INPHO/Donall Farmer

Bhí séasúr iománaíochta dona go leor againn go dtí seo ach tá an chuma ar an scéal go raibh déithe na gcamán ag iarraidh an méid sin a chúiteamh linn inniu.

Ba dhealraitheach ar feadh tamaill go raibh Séamus Callanan chun Gaillimh a bhualadh as féin, ach gan ach cúpla soicind fágtha, sheol an t-ionadaí Shane Maloney iarracht thar an trasnán a d’fhág gurb iad na Gaillimigh a thabharfaidh aghaidh ar chluiche ceannais na hÉireann faoi cheann trí seachtaine.

Bhí roinnt daoine ag magadh faoi Anthony Cunningham i ndiaidh chluiche ceannais Chúige Laighean nuair a dúirt sé le Brian Cody go bhfeicfeadh sé arís é ag tús mí Mheáán Fómhair ach fíoraíodh an ráiteas sin inniu i gceann de na cluichí is fearr atá feicthe le fada an lá.

Níl aon amhras ach go raibh an bua tuillte go hiomlán ag fir an iarthair. D’aimsigh said seacht scór níos mó ná Tiobraid Árann, 26 i gcoinne 19, agus bhraith muid ag leath ama gur acu a bheadh an lá dá n-éireodh leo cúl a fháil sa dara leath.

Mar a tharla sé, ba iad Tiobraid Árann a fuair na cúil ar fad. Chuir siad tús den scoth leis an gcluiche nuair a bháigh Callanan an sliotar san eangach taobh istigh den chéad nóiméad. Chríochnaigh an lántosach le 3-8 i gcoinne na Gaillimhe i nDurlas anuraidh agus bhí lá níos fearr fós inniu aige agus 3-9 faighte aige. Ní raibh cosantóirí na Gaillimhe in ann dó agus aon uair a chuaigh an sliotar in aice leis, fuair sé scór.

Chuaigh sé féin agus Pádraig Mannion in iomaíocht lena chéile san aer faoi thrí agus tháinig Callanan síos leis an sliotar chuile bhabhta acu sin agus é báite san eangach aige sular thuig an cosantóir céard a bhí ag tarlú. Faoin am gur cuireadh an ceathrú pas fada i dtreo Callanan, bhí John Hanbury á mharcáil agus is ba é an t-aon chaoi ar éirigh leis sin stop a chur leis an Tiobradach ná é a tharraingt go talamh.

Dá mbeadh locht beag amháin agat ar a thaispeántas, ba é an chaoi gur roghnaigh sé an chumhacht seachas an cruinneas lena phoc éirice. Bhí Colm Callanan sa chúl, in ann é a threorú thar an trasnán agus dá mbeadh a cheathrú cúl faighte ag an Tiobradach, b’fhéidir go mbeadh teipthe ar mhisneach na Gaillimhe sa deireadh.

Mar sin féin, bhí mí-ádh ar an lántosach inniu mar dá mbeadh fiú leath an spioraid a thaispeán Callanan ag cuid de thosaithe eile Thiobraid Árann, seans go mbeadh an lá leo.

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Semi-Final, Croke Park, Dublin 16/8/2015 Tipperary vs Galway Tipperary’s Seamus Callanan wins the ball ahead of Padraig Mannion of Galway to score his sides second goal Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Seamus Callanan ag fáil an ceann is fearr ar Phadraig Mannion na Gaillimhe  ©INPHO/James Crombie

Caithfear, áfach, aitheantas a thabhairt do na Gaillimhigh. Sna blianta atá imithe, seo é go díreach an cineál cluiche a bheadh caillte ag an bhfoireann seo ach thaispeán siad croí agus anam dochreidte chun a n-áit sa chluiche ceannais a chinntiú.

Gach uair a fuair Tiobraid Árann cúl, bhí freagra ag na Gaillimhigh, go háirithe sa dara leath. Nuair a fuair Callanan cúil sa 39ú agus 53ú nóiméad, fuair Gaillimhe pointí taobh istigh de 60 soicind. I ndiaidh an tríú cúl, fuair na Gaillimhigh ceithre phointe gan aon fhreagra ó na Tiobradaigh, biaiste scórála a d’fhág pointe chun cinn arís iad.

Cé go raibh sé éasca acu i gcoinne Chorcaí, thaispeán tosaithe na Gaillimhe go raibh siad sásta an obair chrua a chur isteach inniu agus bhí toradh ar a ndíograis. Sa 54ú nóiméad, chruinnigh ceathrar Gaillimheach timpeall ar aon Tiobradach amháin ar an line 21m chun an sliotar a bhaint de agus an deis a chruthú do Conor Whelan an bhearna a laghdú. Ansin, gan ach dhá nóiméad fágtha, rinne Jonathan Glynn húcáil iontach ar Pádraic Maher; bhris an sliotar chuig Cathal Mannion agus sheol sé thar an trasnán é chun an cluiche a chothromú.

Tugadh bualadh bos ollmhór do Noel McGrath, ar bualadh le hailse é ag tús na bliana, nuair a tháinig sé isteach agus ceathrú huaire fágtha. Dhealraigh sé go raibh an cluiche buaite aige nuair a chuir sé Tiobraid Árann chun cinn sa nóiméad deireanach ach ar ais le Gaillimh arís.

Bhí Gaillimh cliste tomhaiste i mbun na seilbhe agus chuir sáriarracht ó Jason Flynn na foirne ar comhscór agus ansin tháinig scór na cinniúna, scór Maloney.

Ní raibh sé ach cúplá nóiméad ar an bpáirc agus bhí deis curtha amú aige cheana féin ach nuair a sheol Joe Canning pas álainn chuige. Léirigh sé a mhianach, d’fhág sé a chéile comhraic sínte ar an talamh agus chinntigh sé go raibh bua dochreidte ag na Gaillimhigh i gcluiche dochreidte.

Fág freagra ar 'Níor chaill fir an mhisnigh riamh é…'