Ní ceadmhach éisteacht le tuairimí Nigel Farage mar gur Sasanach é nach maith leis an tAontas Eorpach

Táimid i mbaol ár mbáite, is cosúil, san Eoraip nua, ach b’fhearr leis na boic mhóra é sin ná cluas a thabhairt do Nigel Farage agus a leithéidí

Ní ceadmhach éisteacht le tuairimí Nigel Farage mar gur Sasanach é nach maith leis an tAontas Eorpach

Nigel Farage. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Ba bheag an baol nach n-ionsófaí Nigel Farage nuair a tháinig sé go dtí Baile Átha Cliath, agus níorbh aon iontas ach oiread gur faoi féin seachas faoina chuid argóintí i gcoinne an Aontais Eorpaigh a rinneadh an t-ionsaí.

Sasanach é Farage agus is fear é a thaobhaíonn leis an gcóras rachmasach, agus is fear é a airíonn uaidh laethanta glórmhara na himpireachta.

Más leor gur Sasanach é chun ionsaí a dhéanamh air, cén fáth nach n-ionsaítear Tony Blair, David Cameron, nó Sadiq Khan ar an dul céanna?  Nach Sasanaigh iadsan freisin?

Agus más ceart é a ionsaí toisc luí a bheith aige le córas an rachmais, nach mar a chéile dearcadh Jean Claude Juncker, Angela Merkel, Emanuel Macron, Leo Varadkar, Mícheál Martin, Brendan Howlin agus daoine mór le rá eile?

Agus más ceart lucht na himpireachta a chur an doras amach, cén fáth gur cuireadh fáilte chomh mínáireach sin roimh Phrionsa Séarlas Shasana nó roimh Bhanríon Shasana, Éilís?

Tá cead, is cosúil, ag Sasanaigh a bheith ag labhairt faoi Éirinn ar an aon choinníoll amháin – go dtacaíonn siad leis an Aontas Eorpach.

Mar is é fírinne an scéil gur tugadh fogha faoi Farage mar gheall ar an dochar a dhein sé don Aontas Eorpach is mar gheall ar an mbaint mhór a bhí aige leis an  reifreann i bhfabhar an Bhreatimeachta.

Seo peaca nach féidir a mhaitheamh, is cosúil.  Ní féidir, ach an oiread, na hargóintí atá aige a mheas go hoibiachtúil. Mar de réir na tuisceana sin, is diabhal é Farage agus is ceart é a dhíbirt.

Tá olc curtha ag Farage ar lucht rialaithe an stáit seo mar nach bhfuil aon tuairim acu cén chaoi faoi conas iad féin a chosaint sa saol nua atá ag teacht.

Tá súil acu, súil le Dia, go ndéanfar athmhachnamh ar an scéal seo i Sasana, ach tuigeann siad i ndáiríre nach ndéanfar is go mbeidh an Breatimeacht ann.

Tá siad ag súil go seasfaidh an tAontas Eorpach linn, mar atá geallta dúinn. Ach níl na piardaí móra cinnte faoi sin ach oiread, nó níl siad cinnte faoi cé chomh haontaithe is atá an tAontas faoi na nithe seo ar fad.

Cheana féin tá ag géarú ar na coimhlintí idir ballstáit an Oirthir is ballstáit an Iarthair. Níl an tOirthear sásta géilleadh don Aontas maidir le ceist na hinimirce, ceist riaradh na polaitíochta, nó eile. Níl siad sásta ach an oiread leis na moltaí atá á gcur chun cinn ag Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, agus ceannaire na nDaonlathach Sóisialta sa nGearmáin (SPD), Martin Schulz,

Tá an bheirt sin go láidir ar son dlús a chur leis an bpróiseas láraithe san Aontas, agus aithníonn tráchtaire Eorpach an Financial Times, Wolfgang Muenchau, gur sa treo sin a bhrúfar an tAontas má ghlacann an SPD leis na moltaí faoi rialtas nua na Gearmáine.

Ach aithnítear freisin nach nglacfaidh ballstáit an Oirthir leo.

San Eoraip anois táthar ag caint go hoscailte faoi chóras dhá luas: croí-stáit, bunaithe timpeall ar an nGearmáin is ar an bhFrainc, a mbeidh comhtháthú láraithe i bhfeidhm iontu, agus stáit imeallacha, taobh amuigh den chiorcal órga – agus b’fhéidir ciorcal eile taobh amuigh díobh ina dhiaidh sin, a nascfadh an Bhreatain, an Tuirc agus b’fhéidir an Úcráin leis an Aontas.

Cá bhfágfadh na forbairtí seo an tír seo?  Léirigh géarchéim na baincéireachta, agus an chaoi ar cuireadh iallach orainn an chuid ba mhó den ualach a iompar, nach dtugann an Eoraip nua seo tosaíocht do leas na tíre seo thar leas na gcroí-stát.

Tá argóint fhíochmhar ar siúl cheana féin faoi céard is cóir a dhéanamh leis an bParlaimint Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta.  Caillfidh an Bhreatain an 73 suíochán atá acu, ina measc na trí shuíochán atá ag an Tuaisceart. Tá plean á mholadh 46 suíochán a choinneáil le haghaidh stáit nua sna Balcáin nó do liosta uile-Eorpach, agus an 27 suíochán eile a roinnt ar na ballstáit reatha.

Rachadh 16 go dtí an tIarthar, cúig cinn go dtí an Oirthear, agus péire dúinne anseo in Éirinn.  Treisiú eile ar an Iarthar a bheadh anseo, rud nach dtaitneoidh  le tíortha an Oirthir.

Agus in ainneoin na cainte uilig faoi thábhacht na teorann, níl aon phlean ag an rialtas abhus aon cheann den dá shuíochán bhreise a chinntiú don Tuaisceart, cé go bhféadfaí toghchán a reáchtáil ansin de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá sé ródheacair na roghanna seo go léir a phlé, is cosúil; agus toisc nach dtaitníonn teachtaireacht Farage leis an mBunaíocht tá sé níos éasca é a dhamnú agus beag is fiú a dhéanamh dá chuid argóintí.

Agus sin é an fáth nár léigh tú aon rud faoi na hargóintí sin sna mórmheáin is nár chuala tú na hargóintí céanna ar an raidió nó ar an teilifís.

Táimid i mbaol ár mbáite, is cosúil, san Eoraip nua, ach b’fhearr leis na boic mhóra é sin ná cluas éisteachta ar bith a thabhairt do Farage agus a leithéidí.

Fág freagra ar 'Ní ceadmhach éisteacht le tuairimí Nigel Farage mar gur Sasanach é nach maith leis an tAontas Eorpach'

  • Cailleach an Airgid

    Nach Teachta ón mBreatain a bhí ann san Aontas Eorpach ionadaí don Bhreatain amhain agus ar son n -impireachta a bhéadh sé rachmás den scóth é agus beidh an Eoraip cinealta leis le Pension brea ?????

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Eoin ag buaileadh a dhruma frith Aontas Eorpach arís! An uair seo ag iarraidh orainn cluas a thabhairt do UKIP agus Nigel Farage. (Is ar mhaithe linn in Éirinn atá siad cinnte!)

    Ní heol dom go bhfuil éinne ag cur cosc cainte ar Farage, ná go bhfios dom ag cur cosc ar dhaoine a bheith ag éisteacht len a chuid argóintí. Ní hé seo an Aontas Sóibhéadach, Eoin, aontas brúidiúl ar thacaigh tú féin leis ar feadh na mblianta, gan gíog ná míog asat faoin easpa saoirse cainte agus easpa saoirse polaitiúil a chleachtaíodh ar bhonn seasta go dtí gur thit an córas lofa as a chéile.

    Tá damáiste mór déanta ag Farage agus UKIP i Sasana lena reitric caolaigeantach a thugann le tuiscint do chuid mhaith Sasanaigh, go mór mhór ón aicme ar bheagán oideachais atá ag braith ar na ceannlínte sna tabloids lena dtuairimí a dhaingniú, gur de bharr na n-imirceoirí atá an saol ag dul in olcas orthu. Ar an gcaoi céanna chuir an Páirtí Naitsíoch an locht ar na Iúdaigh faoin droch caoi a bhí ar an nGearmáin sna 1930aí. Ní hé an cheist ar cheart éisteacht le argóintí UKIP sa tír seo ach ar cheart dúinn glacadh len a pharanoia faoin Aontas na hEorpa, paranoia atá ar Eoin chomh maith.

    Is ceart dúinn i gcónaí a bheith ag ceistniú polasaithe na hEorpa agus glacaim leis an méid a deireann Eoin gur údar imní an bealach a bhfuil Macron agus Merkel ag iarraidh an clár oibre a cheansú ar mhaithe leo féin. Ach ní leor é sin le mé le bheith báúil le Farage agus UKIP agus a gcuid caolaigeantas faoin náisiúnachas.

  • Dáire

    Tá an ceart ar fad agat! Is iontach an rud é léargas úr a léamh ó thaobh cúrsaí polaitíochta de :D D’éist mé le hóráid Farage ina hiomlán agus bhí sé thar barr.