‘Ní campas dátheangach é OÉ, Gaillimh’ — Uachtarán na hOllscoile

In ainneoin a bhfuil scríofa ar shuíomh idirlín Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ar ábhar poiblíochta eile de chuid an choláiste, deir an tUachtarán Jim Browne nach campas dátheangach atá ann

‘Ní campas dátheangach é OÉ, Gaillimh’ — Uachtarán na hOllscoile

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní campas dátheangach é campas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, dar le huachtarán na hollscoile, Jim Browne, in ainneoin an mana “campas dátheangach” a bheith luaite ar shuíomh idirlín na hollscoile agus ábhar poiblíochta eile.

Agus ceist riachtanas na Gaeilge do phost an uachtaráin san ollscoil á plé i dTithe an Oireachtais inné, dúirt Browne, a bheidh ag éirí as cúram na huachtaránachta go luath nach ‘campas dátheangach’ atá in OÉ, Gaillimh “chun an fhírinne a insint” ach gur “aspiration” atá ann an stádas sin a bhaint amach. “Sin í an fhírinne,” a dúirt sé.

Baineadh stangadh as Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, ar Teachta Dála do Ghaillimh Thiar agus céimí de chuid na hollscoile í, nuair a chuala sí an méid sin.

“Gabh mo leithscéal, ní campas dátheangach é? Tá sé sin thuas ar an suíomh idirlín nach bhfuil?” a d’fhiafraigh Connolly den uachtarán.

Dúirt Browne go bhfuil lucht na hollscoile “ag déanamh [a] ndíchill” le go mbeadh an campas dátheangach.

“Tá muid ag cur seirbhísí ar fáil i nGaeilge, tá sé sin fíor. Ach níl Gaeilge ag gach aon duine sa champas,” a dúirt sé.

Maítear ar shuíomh aonteangach na hollscoile go bhfuil áit faoi leith ag an nGaeilge san ollscoil agus go bhfuil “timpeallacht dhátheangach” le fáil ar champas na hollscoile “áit a n-úsáidtear an Ghaeilge go rialta in imeachtaí acadúla agus sóisialta an champais”.

Maítear go bhfuil an scéim teanga a tugadh isteach faoi Acht na dTeangacha Oifgiúla 2003 “lárnach i gcruthú campas eiseamláireach dátheangach” in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Deirtear ar an suíomh go bhfuil sé mar aidhm ag an scéim teanga soláthar na seirbhísí Gaeilge i réimsí acadúla agus riaracháin na hollscoile a leathnú chomh maith le seirbhísí ginearálta eile.

Dúirt Browne le linn an chruinnithe chéanna go bhfuil sé “an-deacair” cúrsaí ollscoile a theagasctar i nGaeilge, ach nach cúrsaí sa Ghaeilge iad, a chur ar fáil mar nach bhfuil an fhoireann, na hacmhainní ná na téacsleabhair chuige sin ar fáil.

Dúirt sé freisin nach mbíonn mórán éilimh ar chúrsaí a chuirtear ar fáil “trí mheán na Gaeilge” agus gur “fadhb mhór” í sin.

Chuir an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív i leith ionadaithe na hollscoile a bhí ag an gcruinniú inné gur “loic siad” i leith na gcúrsaí Gaeilge agus gur “léir go bhfuil tarraingt siar ar chúrsaí nua a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge” san ollscoil.