Tá plean síochána 28 pointe Trump cáinte ar an údar go dtugann sé buntáiste don Rúis. Tugann sé amhlaidh, ar ndóigh, ach sin mar gheall ar an bhfíric shimplí go bhfuil an Rúis ag buachan an chogaidh ar láthair na troda.
Céard atá riachtanach le go mbeadh socrú síochána inghlactha? An ceart dó fírinne an scéil ar an talamh a léiriú nó socrú cothrom a lorg? Bíonn an téarma cothrom sách suibiachtúil: dar le ceannairí na hEorpa is cóir go dtabharfadh an socrú tacaíocht don Úcráin mar gurb í an Rúis an t-ionsaitheoir agus an Úcráin an t-íospartach. Ní ghlacann siad leis go bhfuil aon fhreagracht ar NATO féin as an gcogadh.
Ar deireadh thiar is cuma faoi dhearcadh na gceannairí Eorpacha faoi céard is ceart nó mícheart is é an méid atá ag tarlú ar an talamh is tábhachtaí agus ní bhaineann buaileam sciath moráltachta le cumhacht pholaitiúil.
Tá daoine ann, cinnte, a chuirfidh an dallamullóg orthu féin nach bhfuil an Rúis ag buachan, ach, tá dul chun cinn á dhéanamh ar láthair na troda.
Thug ceannairí na hEorpa frith-mholadh seachmallach mar fhreagra ar phlean Trump: ag éileamh go mbeadh cead ag an Úcráin páirt a ghlacadh in NATO, go mbeadh barántais shlándála aici ón Eoraip (saighdiúirí ó NATO ar an talamh), nach gceadófaí aon chríocha gafa don Rúis, agus go n-íocfadh an Rúis cúiteamh as dochar an chogaidh.
Géilleadh glan na Rúise atá sna héilimh seo, ach ní réitíonn siad ar chor ar bith lena bhfuil ar siúl ar láthair na troda. Ní ghlacfaidh an Rúis leo, is ní féidir iad a bhrú ar an Rúis. Bheadh sé ar an gcéad uair sa stair go mbeadh cead ag an taobh ar buadh orthu coinníollacha comhaontaithe síochána a leagan síos.
Iarracht le haird a tharraingt ó na fírinní atá sa bplean Eorpach. Ní plean síochána ar chor ar bith é plean na hEorpa ach iarracht go leanfaí leis an seachmall gur féidir an Rúis a lagú an oiread sin trí smachtbhannaí is eile go mbeidh orthu éirí as.
Theip ar na smachtbhannaí go dtí seo mórán difir a dhéanamh, is níl aon chomhartha eacnamúil ann a thugann le fios go mbeidh difear ar bith sa naoú pacáiste déag nó, nuair a thiocfaidh sé, sa bhfichiú pacáiste smachtbhannaí.
Fiú na hEorpaigh, tá siad éirithe as a bheith ag rá gur féidir na críocha gafa a fháil ar ais ón Rúis, ach fós déanann siad neamhaird ar an scéal mar atá ar an talamh le héileamh go mbeadh an Úcráin bainteach – go díreach nó go hindíreach– le NATO.
Is fíor gur socrú uafásach agus náireach don Úcráin plean Trump, ach rachaidh an scéal in olcas gach lá go dtí go nglacfar le socrú. Níor ‘dhíol’ Trump an Úcráin amach – is iad an dream a loic orthu ná an dream a dhiúltaigh le blianta do gach bealach síochána agus iad ag iarraidh go leanfaí leis an gcogadh go dtí go marófaí an ‘saighdiúir Úcránach deireanach’.
Tuigim go bhfuil daoine ann nach dteastaíonn uathu géilleadh go bhfuil an Úcráin buailte. Ach ligean do na mílte bás a fháil le leanacht le cogadh nach féidir a bhuachan? An fiú neamhní a dhéanamh den fhírinne go mbeidh an Donbas ar fad faoi cheannas na Rúise faoi lár na bliana seo chugainn ar aon chuma, is nach ndéanfadh sé ach difear bheag an chuid atá fágtha ag an Úcráin faoi láthair a ghéilleadh anois?
Ní cairde don Úcráin na dreamanna san Iarthar atá ag iarraidh leanacht leis an gcogadh. Ní cairde don Úcráin í an chomhghuaillíocht a cheapann an Taoiseach go bhfuil an tír seo ina ball di.
Ach fiú plean Trump ní léir go nglacfaidh na Rúisigh leis ina iomláine. Deir siad gur túsphointe maith atá ann don idirbheartaíochta atá uathu, is tá an-amhras ann an nglacfadh siad le harm Úcránach de 600,000 nó le cead a thabhairt do Stáit Aontaithe Mheiriceá $100 billiún dá gcuid sócmhainní a chaitheamh ar atógáil na hÚcráine i ndiaidh an chogaidh.
É sin ráite, is ábhair dhíospóireachta is idirbheartaíochta na pointí sin. Ach sé an pointe is tábhachtaí ná go n-aithneodh muid uilig fírinne an scéil is go n-éireodh muid as an seachmall.
Indrek
Deir údar an ailt gur ‘socrú uafásach agus náireach’ atá i bplean Trump, ach fós féin molann sé glacadh leis. Nach aisteach an chomhairle í sin? Ní ag gríosadh na nUcránach chun cogaidh atá tíortha na hEorpa, ach ag tacú leo chun an fód an seasamh le coinníollacha síochána níos cothroime a bhaint amach. Cé go bhfuil fórsaí na hUcráine ag cúlú go mall, níl aon chúis acu na hairm a leagan i láthair na huaire agus an bua a thabhairt don Rúis. Go deimhin, ní bheadh sochaí na hUcráine i gcoitinne sásta lena léitheid ach oiread. Mura dteastaíonn uathu féin géilleadh, an ceart dúinne iad a thréigean anois?
Carraig
” Láimh Láidir abú”, an mana a bhí ag Murchadh Ó Briain, Tiarna Ínse Uí Choinn (Lord Inchiquin) nó mar ab fhearr aithne air “Murchadh na dTóiteán”.
Is é an dála céanna ag Putinín é; an diabhal féin ina chrutaon.
Ní thuigim ón spéir anuas cén chaoi a bhféadfadh aon duine daonna a bheith fabhrach dá leithéid.
Donncha Ó hÉallaithe
An Rúis a chuir cogadh ar an Ucráin. An Rúis atá ag leanacht leis an gcogadh chuile lá, chuile oíche. Dá n-eireodh an Rúis as an iarracht atá ar bun talamh na Ucráine a ghabháil le fórsa míleata agus sléacht uafásach dá bharr, stopfaí an cogadh. Cé hiad na ceannairí Eorapacha seo atá ag iarraidh go leanfaidh an Rúis ar aghaidh leis an ionsaí ar an Ucráin? Ainmnigh iad? Níl ach ceannaire amháin san Eoraip a fhéadfadh stop a chur leis an gcogadh, Eoin. An duine nach gcáintear i do cholún.
Colin Ryan
Tá dhá dhream sa Rúis, na teicnealaithe atá i mbun reachtála agus an scothaicme cham atá ag déanamh brabús ar an gcogadh le caimiléireacht agus gadaíocht. Ba mhaith leis na teicnealaithe éirí as an gcogadh toisc go bhfuil an stát ag rith as airgead. Ba mhaith leis an dream eile leanúint ar a láimh ag cruinniú airgid le cogaíocht, agus is é a leas é coinníollacha síochána a thairiscint nach dtig leis an Úcráin a ghlacadh. Is iad na caimiléirí úd an chonstaic is mó roimh lucht déanta síochána. Agus déarfainnse (ar nós a lán eile) gur é an cogadh a choinníonn Putin i gcumhacht.
Tá fadhbanna míleata ag an Úcráin agus ag an Rúis araon. Tá ‘buanna’ na Rúise an-bheag ar fad faoin am seo; is léir go bhfuil ag teip uirthi aon ghluaiseacht mhór chun tosaigh a dhéanamh de cheal fear agus fearais. Tá easpa saighdiúirí ar an Úcráin chomh maith, agus is léir nach bhfaighidh sí ar ais na tailte atá caillte aici. Níor dhóichí scéal de ná go mbeadh sos éigin cogaidh ann feasta gan síocháin cheart a fhógairt.