B’fhada an fuireachas é. 37 bliain ó maraíodh an dlíodóir, Pat Finucane, tá céim shuntasach glactha maidir le fiosrú poiblí neamhspleách ar an uafás. Dé Luain, i bhfógra Parlaiminte i scríbhinn nocht Státrúnaí Thuaisceart Éireann na téarmaí tagartha don mBinse fiosraithe. Bhí marú an dlíodóra ar cheann de na cásanna ab iomráití den chlaonpháirteachas idir seirbhísí slándála agus paraimíleataigh dhílseacha, é ina cause celebre sa bhaile agus i gcéin.
Ba mhinic ba chosúil nach gceadódh rialtas na Breataine aon fhiosrú a bheadh in ann a theacht ar na fíricí ar fad faoin marú. Bhí sé róbhrocach lena nochtadh faoi sholas an lae a dúradh; é soiléir ó pháipéir stáit atá tagtha chun solais le tamall de bhlianta gur chuir seirbhísí faisnéise brú ar phríomh-airí chun rúndacht a chosaint.
Ar an 12 Feabhra 1989 bhris fir ghunna ón UDA isteach i dteach mhuintir Finucane i mBéal Feirste nuair a bhí an teaghlach ag ithe an dinnéir. Scaoil na dílseoirí 14 piléar le Pat Finucane agus goineadh a bhean Geraldine freisin os comhair a dtriúr páistí. Ba ghearr gur fhás amhras go raibh claonpháirteachas idir fórsaí slándála agus na paraimíleataigh; bhí na fir ghunna in ann éalú gan éinne ag cur isteach orthu cé go raibh fórsaí sa cheantar go dtí tamall roimh an ionsaí.
Mhaígh an UDA go raibh Pat Finucane san IRA ach bhréagnaigh an RUC é sin, mar a rinne Sir John Stephens, iarcheannaire ar phóilíní Londan a bhí i gceannas ar fhiosruithe a dhearbhaigh go raibh claonpháirteachas san dúnmharú.
Tá breis is scór go leith bliain caite ag Geraldine Finucane agus a muintir ag éileamh fiosraithe a bheadh poiblí agus neamhspleách chun a theacht ar ról an stáit i marú a fir chéile. Gheall rialtas Tony Blair an fiosrú sin bunaithe ar thuairisc an Bhreithimh, Peter Cory, as Ceanada a dhearbhaigh go raibh claonpháirteachas san marú. Nuair a d’athraigh rialtas Blair an dlí maidir le fiosruithe in 2005 thit an plean as a chéile toisc gur bhraith muintir Finucane go raibh srianta á gcur ar chumhacht an fhiosraithe. Ghabh Príomh-Aire na gCaomhach, David Cameron, leithscéal in 2012 ach dhiúltaigh sé binse fiosraithe poiblí a bhunú.
In 2019 rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine gur sháraigh easpa fiosraithe faoin dúnmharú Airteagail 2 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Bliain go leith ó shin ghabh an Státrúnaí Hilary Benn leithscéal le muintir Finucane agus gheall sé an fiosrú poiblí neamhspleách a bhí ceilte orthu go dtí seo.
Dé Luain d’fháiltigh muintir Finucane roimh fhoilsiú na dtéarmaí. Sin iad, dar dualgas faoi airteagal 2 den Choinbhinsiún agus faoi Acht 2005 go bhféachfadh an Binse lena fháil amach –
Na tosca a bhain leis an dúnmharú
Cérbh iad na daoine go léir a raibh baint acu leis an dúnmharú?
Agus cén bhaint go sonrach a bhí acu leis?
An dtugann an fhianaise le fios gurbh fhéidir an dúnmharú a chosc?
Gníomhartha nó Faillí bainteach leis an dúnmharú a fhiosrú.
Dúirt an Státrúnaí Benn go gcaithfeadh an Binse a chinntiú nach ndéanfaí ‘dúbailt neamhriachtanach’ ar obair fhiosrúcháin a rinneadh cheana féin- tagairt do na fiosruithe a rinne John Stephens, an Breitheamh Cory, ionchoisne, agus athbhreithniú ar chomhaid a rinne Sir Desmond De Silva. Dúirt sé freisin áfach go dtiocfadh leis an mBinse ábhar a scrúdaíodh cheana ach ‘nár shásaigh na riachtanais faoi airteagal 2 den Choinbhinsiún’ a fhiosrú.
An raibh srian ar chumhacht an Bhinse á ordú ag Hilary Benn? Chífimid. Dúirt an Státrúnaí gur aontaíodh na téarmaí tagartha le Cathaoirleach an fhiosraithe, Sir Gary Hickinbottom a chuaigh i gcomhairle roimhe sin le muintir Finucane a thug aischothú cuiditheach dó.
Bíodh sin mar atá, níor léir gur mheas Geraldine Finucane go raibh deireadh ráite faoi na téarmaí tagartha. D’fháiltigh sí roimh a bhfoilsiú agus roimh thús foirmeálta na hoibre. Gheall sí déileáil go dearfach leis an bpróiseas ach dúirt sí go scrúdódh an teaghlach na téarmaí go grinn. ‘Tá sé riachtanach,’ ar sí ‘go mbeadh an Cathaoirleach agus an fiosrú iomlán neamhspleách agus cead acu an fhianaise a thóraíocht cibé treo is gá.’ Ba é éileamh an teaghlaigh, a dúirt sí, go ndéanfadh an fiosrú a chuid oibre go críochnúil, trédhearcach, ag comhlíonadh dualgas an stáit faoi airteagail 2 den Choinbhinsiún. Is é atá uathu, mar a bhí ón tús, an fhírinne ina hiomláine faoi dhúnmharú Pat Finucane a aimsiú agus a nochtadh.
I bhfianaise gach a bhfuil tarlaithe sna blianta ó maraíodh an dlíodóir seans go mbeadh sé soineanta a cheapadh go bhfuil gach constaic curtha as bealach agus go n-aimseofar an fhírinne. Tá greim docht ag lucht na seirbhísí rúnda ar rialtais ach tá seantaithí ar an gcath ag Geraldine Finucane agus a muintir; tá sí diongbháilte agus neamheaglach.
Fág freagra ar 'Céim chun tosaigh do mhuintir Pat Finucane, ach an dtiocfar ar an bhfírinne?'