‘Duine gan dídean anois mé – duine gan dídean lán airgid’

Agus teach a mhuintire díolta, tá ár gcolúnaí ag taisteal ó tholg go tolg go dtí go n-aimseoidh sé baile nua dó féin

‘Duine gan dídean anois mé – duine gan dídean lán airgid’

Nuair a dhún mé doras theach mo mhuintire i mo dhiaidh den uair dheireanach Dé Luain na seachtaine seo a chuaigh thart, ní raibh liom ach mála droma agus mála beag ar rothaí; i ngaráiste cara de mo chuid atá gach rud eile atá agam de mhaoin an tsaoil.

Duine gan dídean anois mé. Duine gan dídean lán airgid. Fuair mé féin agus mo dheartháir óg praghas maith ar an teach, dóthain agus a chuirfidh ar ár gcumas árasán an duine a cheannach, ach ós rud é nach thar oíche a cheannaítear árasáin is ag stopadh le cairde agus gaolta atá mé faoi láthair.

Tar éis dúinn eochracha an tí a thabhairt ar lámh do na húinéirí nua chaith mé féin agus mo dheartháir óg breis agus uair an chloig ag uaigh ár máthar, ach ina dhiaidh sin níor theastaigh uaim ach imeacht, imeacht i bhfad. Thóg mé an traein go dtí an Bheilg, thit mé i mo chodladh ar leaba aeir i seomra breise bheirt chairde, agus nuair a chuaigh mé ar shiúlóid sa choill an mhaidin dár gcionn thit mé i mo chodladh arís – ar bhinse adhmaid. Ní chreidfeá an tuirse a chuirfidh sé ort, teach a fholmhú agus slán a fhágáil ag gach ba bhaile duit – an cat bocht, ar le comharsa í dáiríre ach a chónaigh liomsa, san áireamh.

Tar éis seachtaine, gan choinne, thug mo chamchuairt ó leaba bhreise go leaba bhreise ar ais go dtí mo bhaile dúchais mé. Bhí cóisir i dteach an chara ar léi an garáiste ina bhfuil mo chuid stuif agus ghlac mé go fonnmhar lena cuireadh dinnéar a ithe le dream cairde agus fanacht thar oíche.

Ach tháinig dúlagar aisteach orm an nóiméad a tháinig mé den bhus i lár an bhaile. Ba bheag nár shiúil mé sa treo mícheart go huathoibríoch, agus ó shin i leith tá mo sheacht ndícheall á ndéanamh agam chun an tsráid inar fhás mé aníos agus ina gcónaíonn an cat a chronaím a sheachaint.

Tá gach rud mar a chéile ach tá cuma éagsúil ar gach rud. Turasóir i mo bhaile féin anois mé, an baile nach baile dom níos mó.

Nuair a dhúisigh mé ar maidin cheil brat trom ceo an saol ar fad orm, ceo chomh dlúth sin nach bhfaca mé an ród a bhí romham agus mé ar mo rothar go dtí an teach caife ina bhfuil an colún seo á scríobh agam. Tá an todhchaí i bhfolach i gceo an ama i láthair, ach scaipfidh sé sin, tiocfaidh an ghrian amach, agus éireoidh gach rud soiléir.

Fág freagra ar '‘Duine gan dídean anois mé – duine gan dídean lán airgid’'

  • Máire

    Ga raibh síochán, suaimhneas agus sonas ort.