Ní bheidh mórán idir MIC agus UCC

Is iontach an comórtas é Corn Mhic Giobúin agus bíonn an-tóir ag na himreoirí ar bhonn Mhic Giobúin

Ní bheidh mórán idir MIC agus UCC

Darragh Fitzgibbon (UCC). Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá mórán cluichí iomána ar siúl arís an deireadh seachtaine seo, ach is é an ceann is tábhachtaí, is dócha, ná cluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin. Tá an corn ainmnithe i ndiaidh an Dochtúra Mac Giobúin a bhí ina Chaipisíneach agus ina léachtóir le Fealsúnacht i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ó 1911 go dtí 1936. Deirtear gur chaith sé an chuid ba mhó dá thuarastal bliantúil i 1912 ar an gcorn luachmhar seo.

Agus um thráthnóna inniu beidh sé á bhronnadh arís i lárionad spóirt Institiúid Phort Láirge (WIT) i ndiaidh an chluiche ceannais idir ríthe an chomórtais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh (UCC), a bhfuil an corn seo tugtha leo acu 38 uair, agus Coláiste Mhuire Gan Smál Luimneach (MIC ) ar éirigh leo greim a fháil air faoi dhó.

Is iontach an comórtas é agus bíonn an-tóir ag na himreoirí ar bhonn Mhic Giobúin a bhuachan. Is iomaí craobh iontach a bhí againn thar na blianta agus is iomaí imreoir a chuir tús lena shaol mar imreoir idirchontae sa chomórtas seo.

Tá dhá cluiche de chuid UCC feicthe agam féin i mbliana agus bhíodar go maith sna cluichí sin. Le blianta beaga anuas bhíodh foirne thar a bheith láidir ag Corcaigh ach, minic go maith ní bhídís ag imirt mar fhoireann. Bhí plean, cur chuige agus spiorad in easnamh ar na taispeántais a chonaic mise le cúpla bliain anuas. An uair dheireanach a bhuadar an cluiche ceannais in 2013 bhíodar an-eagraithe agus bhí spiorad iontach iontu. Ba in aghaidh MIC a bhíodar an uair sin chomh maith. An lá sin bhí geansaí uimhir a cúig MIC ar leaid óg as Cill Bhriotáin i gCorcaigh darbh ainm Jamie Wall. Eisean atá mar bhainisteoir ag MIC um thráthnóna agus é i gcathaoir rothaí de bharr drochghortú cnámh droma.

Beidh an-aicsean ar an bpáirc anocht agus an dá fhoireann ag déanamh a seacht míle dícheall an corn ársa a thabhairt leo.

Tá iarbhainisteoir Átha Cliath, Ger Cunningham ina chóitseálaí ag UCC agus rian a chuid oibre ar an stíl imeartha atá in úsáid acu. Tá dhá réalta acu, Mark Coleman agus Darragh FitzGibbon, chomh maith le cuid mhaith imreoirí atá díreach tosnaithe nó ar tí tosnú ar an mbóthar casta idirchontae. Ina measc tá Shane Conway Chiarraí, David Griffin agus Shane Kingston Chorcaí, Paddy O’Loughlin Luimnigh, fear a bhí ar phainéal buacach a chontae anuraidh, agus Mark Keogh as Tiobraid Árann.

Tá buíon dheas imreoirí ag MIC freisin. Aaron Gillane Luimnigh an té is aitheanta díobh, fear a scóráil 1-12 sa chluiche leathcheannais i gcoinne OÉ Gaillimh. Tá Luke Meade Chorcaí acu agus an fear óg, Colin Guilfoyle atá ag gnóthú clú dó féin le foireann an Chláir i mbliana. Ina dteannta sin, tá Darren Browne Chorcaí a bhí ar fheabhas go dtí seo sa chomórtas, Thomas Monaghan na Gaillimhe agus Thomas Grimes Luimnigh. Tá bonn faoi fiche a haon ag Grimes.

Is deacair toradh an chluiche seo a thuar. Ag UCC atá an traidisiún agus an stair ach tá fios a gceirde ag lucht bainistíochta MIC agus an corn cáiliúil seo buaite acu in 2016 agus 2017. Bhí Gillane agus Meade ar an fhoireann in 2017 agus tháinig Monaghan isteach mar ionadaí.

Ceapann na geallghlacadóirí agus a gcuid algartam go mbeidh an lá le buachaillí Chorcaí agus iad láidir go leor mar rogha acu. Bunaithe ar dhéanamh na bhfoirne, ní dóigh liom go mbeidh mórán eatarthu. Is mór an buntáiste é triúr a bheith ar d’fhoireann a bhfuil boinn buaite sa chomórtas seo acu cheana féin.

Is maith liom stíl, cur chuige agus spiorad UCC agus mar Chorcaíoch ba mhaith liom go mbeadh an lá leo ach bí cinnte de nach mbeidh mórán idir na céilí comhraic iontacha seo.

Braitheann sé ar an lá, mar is gnáth.

Fág freagra ar 'Ní bheidh mórán idir MIC agus UCC'