Ní bheidh a leithéid arís ann, cé gur i ngan fhios dom a d’imigh sé uainn…

I ngan fhios dár gcolúnaí a d'éirigh duine de laochra móra a óige as - fear a raibh a ainm le feiceáil ar an iomad liostaí foirne ach nár bhuaigh tada riamh

Ní bheidh a leithéid arís ann, cé gur i ngan fhios dom a d’imigh sé uainn…

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Caithfidh mé a admháil gur sórt i ngan fhios dom a d’éirigh duine de na peileadóirí agus de na hiománaithe ab iomráití riamh i stair Chumann Lúthchleas Gael as. Má fógraíodh ar aon pháipéar ná ar aon cheann de na stáisiúin raidió nó teilifíse é, ní fhaca ná níor chuala mise faoi.

Níor mhiste liom ach mheas mé go bhfágfadh fad na seirbhíse a bhí tugtha ag an bhfear céanna go dtabharfaí oiread ómóis dó agus a tugadh do Christy Ring, a chaith 23

bliain ag luascadh na fuinseoige do Chorcaigh nó le gairid do Sheán Cavanagh a chuir na bróga idirchontae ar an lochta agus seirbhís 15 bliain tugtha aige do Thír Eoghain.

D’fhan siadsan dílis d’aon chluiche amháin agus d’aon chontae amháin. Chleacht an té atá i gceist agamsa an dá spórt agus ní hamháin sin ach is beag contae in Éirinn nár chuir a ainm ar liosta a bhfoirne ag tráth éicint. Fós níor éirigh leis craobh a chúige a bhuachan riamh, ná All Star ach an oiread.

Ní amháin sin ach ainneoin an méid uaireanta a bhí mo chara liostáilte ar na cláracha a bhíodh ar díol ar a mbealach isteach chuig na cluichí, ní fhaca siad siúd a cheannaigh iad ar pháirc na himeartha riamh é.

Anois. Tá croitheadh bainte ag an gceann sin asaibh, cuirfidh mé geall!

Is é an té atá faoi thrácht agam ar ndóigh an A.N. Other cáiliúil a tharraing níos mó cainte go minic ó na daoine a cheannaigh na cláracha sin agus a tharraing a raibh d’ainmneacha cearta ar an dá fhoireann le chéile.

Chonaic mé ‘Imreoir Eile’ mar theideal i nGaeilge air uair nó dhó agus níl mé cinnte cén uair a tosaíodh ar an bhfaisean a leithéid a bheith luaite, ach ba mhinic le feiceáil é nuair a thosaigh mise ag freastal ar chluichí peile agus iománaíochta cosamar leathchéad bliain ó shin.

Tá rud amháin cinnte. Sin go raibh sé éirithe as (i ngan fhios domsa) faoin am ar saolaíodh na ‘Millenials’ nó na ‘Echo-Boomers’ a mbítear ag trácht inniu orthu agus ar fhaitíos go mbeadh aon duine acu sin mar léitheoir dílis ag an gcolún seo, ní mór dom a mhíniú dóibhsean cé dár díobh é A.N. Other.

Fadó fadó, mar a deirtear sna seanscéalta is fearr ar fad, nuair a bhíodh sé d’fhaisean ag bainisteoirí foirne CLG (agus sula raibh a leithéid siúd beag ná mór ann), bhí ionracas ag baint leis an saol fré chéile nach bhfuil inniu.

Ní raibh aon dé an uair sin ach an oiread ar an gcaoi a mbíonn contaetha inniu ag iarraidh an dubh a chur ar an mbán ar a chéile. I lár na seachtaine d’fhógraíodh an bainisteoir (agus sula raibh a leithéid ann – an rúnaí contae) an fhoireann ba láidre a bhíothas in ann a chur chun páirce agus dá mbeadh amhras ann nach mbeadh dóthain bisigh ar dhuine acu sin a raibh gortú ag dul dó, d’ainmnítí ár gcara A.N. Other ina áit, le deis a bhisithe a thabhairt don té a bhí leonta.

Meabhraíonn sé sin dom go mb’fhéidir gur A.N. Othar ba chóir a bheith tugtha air, ach sin dóthain den imeartas focal!

An tráth údaí ní bhíodh ceadaithe a chur chun páirce ach triúr ionadaithe. Dá bharr sin ní raibh bainisteoirí agus roghnóirí na linne le dhul sa seans agus ainm fir a chur ar pháipéar gur mhaith an seans a bhí ann gur ar mhaidí croise a bheadh seisean faoin tráth a dtiocfadh an Domhnach – ionadaí curtha amú acu agus gan an imirt tosaithe beag ná mór.

Sin mar a tháinig ár gcara ar an saol, fear a ainmníodh sa gcosaint agus san ionsaí agus má facthas a leithéid ar chláracha camógaíochta a bhí ina lúthchleasaí idirghnéasach sular chualathas trácht ar Caster Semenya riamh.

Ann(e) Other b’fhéidir!

Méadú ar líon na n-ionadaithe (go dtí 5) agus ar an méid ainmneacha a bhíonn ar an liosta oifigiúil a fhaigheann an réiteoir (24) ba shiocair bháis dó. Sin agus an chogaíocht bhréige a bhíonn ar siúl sa lá atá inniu ann a fhágann go bhféadfadh suas le trí nó ceithre athrú a bheith curtha ar an bhfoireann a théann chun páirce ón am ar fógraíodh dhá lá roimhe í agus fós cead ag an mbuíon iomlán ionadaithe a dhul chun páirce.

Ní i gcláracha na gcluichí gaelacha amháin a bhí fáil ar A.N. Other. Deir an Cambridge Dictionary gur ag deireadh liosta ainmneacha a fheictear é le tagairt a dhéanamh do dhuine nach bhfuil a fhios fós cé hé/hí.

Bhíodh sé le feiceáil coitianta go leor freisin sa sacar, sa gcruicéad agus sa rugbaí sa tír seo agus i Sasana chomh maith. Fiú agus gur chaith seaimpín de chuid an domhain tamall faoina chumhdach.

Sin é Jackie Stewart, an tAlbanach a bhuaigh Craobh Rásaíochta Formula 1 an Domhain i 1969, ’71 agus ’73. Nuair a chuaigh seisean i mbun a cheirde agus é ina fhear óg, ba é A.N. Other an t-ainm as ar bhain sé úsáid, ar fhaitíos go bhfeicfeadh a mháthair sna páipéir go raibh sé ag plé le spórt a raibh oiread contúirte ag baint leis.

Fág freagra ar 'Ní bheidh a leithéid arís ann, cé gur i ngan fhios dom a d’imigh sé uainn…'