Ní bheadh sé tuillte ag Éirinn slán a fhágáil leis an Chorn Domhanda gan tada

Cé go mbeidh Éire ag dul abhaile pé rud a tharlaíonn sa chluiche in aghaidh na Nigéire, ní cluiche gan tábhacht é do na cailíní a d’oibrigh chomh crua sin chun Corn Domhanda na mBan a bhaint amach

Ní bheadh sé tuillte ag Éirinn slán a fhágáil leis an Chorn Domhanda gan tada

Cé go mbeidh Corn Domhanda na mBan 2023 ar siúl ar feadh míosa, tháinig comórtas na hÉireann chun deiridh laistigh de seachtain.

I bpreabadh na súl Dé Céadaoin seo caite, bhí an aisling thart. Fágann an chailliúint in aghaidh Cheanada an tseachtain seo caite nach mbeidh foireann na hÉireann in ann teacht amach as a ngrúpa, cé go bhfuil cluiche amháin fágtha acu.

Is mór an trua an chaoi go bhfuil rudaí imithe don fhoireann agus go leor de na himreoirí seo ag fanacht ar feadh a saoil leis an chomórtas seo. Rinne na cailíní gach rud a d’fhéadfaidís in aghaidh Cheanada ach, ar an drochuair, níor leor é. Is féidir leis na himreoirí a bheith an-bhródúil as a gcuid taispeántas in aghaidh na hAstráile agus Cheanada, gan ach aon chúl amháin idir iad féin agus péire de na foirne is láidre ar domhan sa dá chluiche.

Bhí sé iontach ‘Olé, olé, olé’ a chloisteáil agus na cailíní ag teacht amach ar an bpáirc an lá cheana agus cheapfá gur cluiche baile a bhí ann do na cailíní, cé gur i bhfad ó bhaile a bhí siad sa Rectangular Stadium i bPerth. Níl aon amhras ach go raibh an chuid is mó den 17,000 a bhí i láthair ag tacú le hÉirinn agus bhí siad breá glórach, bail ó Dhia orthu.

Bhí rud éigin le ceiliúradh freisin leis an chúl iontach a scóráil Katie McCabe díreach ó chic cúinne sa cheathrú nóiméad. Ba é an chéad chúl a scóráil Éire riamh ag Corn Domhanda na mBan agus ba chuí gurbh í Katie, captaen na foirne a scóráil é.

Ba í ba dhóichí i gcónaí a gheobhadh cúl d’Éirinn agus bhí cluiche den scoth ag Katie. D’imir foireann uile na hÉireann go maith ar feadh an chuid is mó den chéad leath ach, faraor, tar éis do Cheanada a gcéad chúl a scóráil díreach roimh leath ama, tháinig deireadh le seans na hÉireann teacht amach as an ngrúpa nuair a fuair Ceanada cúl eile i nóiméid tosaigh an dara leath.

Tá sé deacair a rá cén cur chuige ba cheart a bheith ag Éirinn sa chluiche deireanach in aghaidh na Nigéire.

Ar lámh amháin, ba mhaith liom go dtabharfaí deis imeartha do roinnt imreoirí nár thosaigh sa dá chluiche eile a bhí againn go dtí seo sa chomórtas. D’imreoirí óga ar nós Abbie Larkin, lá mór a bheadh ann tosú i gcluiche i gCorn Domhanda agus í ag forbairt mar imreoir. Tá cúpla imreoir eile sa scuad a bhfuil blianta fada caite acu i ngeansaí na hÉireann freisin agus nach mbeidh deis eile go deo acu imirt i gCorn Domhanda agus ba dheas dá bhfaighidís an deis.

Ní dóigh liom go ndéanfaidh Vera Pauw mórán athruithe, áfach. Sílim go gcuirfidh sí an fhoireann is láidre chun páirce agus tá ciall leis sin freisin agus b’fhéidir nár cheart imreoirí a chaitheamh isteach díreach ar mhaithe lena dhéanamh. Údar mór díomá a bheadh ann dá gcríochnódh muid an comórtas seo gan pointe ar bith agus gan ach cúl amháin a scóráil.

Roimh an gcomórtas, mheas mé go mb’fhéidir gur sa gcluiche in aghaidh na Nigéire a thiocfadh an deis ab fhearr le toradh maith a fháil ach, anois agus iad feicthe faoi dhó againn san Astráil, tá an chuma orthu gurb iadsan an fhoireann is láidre sa ghrúpa.

Fuair siad comhscór in aghaidh Cheanada sa chéad chluiche agus bhí bua iontach acu ansin in aghaidh na hAstráile an tseachtain seo caite. Tá Asisat Oshoala, a imríonn le Barcelona, ar dhuine de na tosaithe is fearr ar domhan, agus cé nár thosaigh sí in aghaidh na hAstráile de bharr gortaithe, tháinig sí isteach chun an cúl cinniúnach a scóráil ina mbua 3-2.

Beidh an Nigéir anois ag iarraidh toradh maith eile a bhaint amach chun áit i mBabhta an 16 a chinntiú ach ní bheadh sé tuillte ag Éirinn slán a fhágáil leis an Chorn Domhanda gan tada.

Fág freagra ar 'Ní bheadh sé tuillte ag Éirinn slán a fhágáil leis an Chorn Domhanda gan tada'