Ní bheadh sé ‘ciallmhar ná praiticiúil’ dul ar aghaidh leis na coláistí samhraidh – CONCOS

Is beag dóchas atá ann go mbeidh cúrsaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta á reáchtáil an samhradh seo in ainneoin sraith cruinnithe idir Roinn na Gaeltachta, mná tí agus lucht na gcoláistí

Ní bheadh sé ‘ciallmhar ná praiticiúil’ dul ar aghaidh leis na coláistí samhraidh – CONCOS

Is beag dóchas atá fágtha go mbeidh aon choláistí samhraidh ar siúl i mbliana in ainneoin sraith cruinnithe a bhí idir Roinn na Gaeltachta, mná tí agus lucht na gcoláistí le gairid.

Bhuail Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le fir agus mná tí ó gach coláiste samhraidh Dé hAoine seo caite chun na treoirlínte a d’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta a phlé agus bhí cruinniú eile ann idir oifigigh na Roinne agus CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar choláistí samhraidh, Dé Luain.

Meastar go bhfuil mná tí drogallach glacadh le scoláirí i mbliana, go háirithe mura mbeadh i gceist ach líon teoranta scoláirí. Tuigtear gur cuireadh in iúl don Aire Stáit nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid do mhná tí lóistín a chur ar fáil mura mbeifí in ann deichniúr, ar a laghad, a choinneáil. Faoi rogha amháin sna treoirlínte, d’fhéadfadh nach mbeadh cead ag mná tí ach triúr scoláirí a choinneáil i mbliana.

Ní raibh an tAire Stáit Chambers i láthair ag an gcruinniú le CONCOS Dé Luain toisc go raibh sé gafa ach pléadh arís na treoirlínte le hionadaithe na gcoláistí samhraidh. 

Tá Roinn na Gaeltachta chun machnamh a dhéanamh ar an aiseolas atá faighte acu maidir leis na treoirlínte agus go mbeifear i dteagmháil arís le mná tí agus lucht na gcoláistí roimh dheireadh na seachtaine seo.

Is beag dóchas atá ann anois go mbeidh cúrsaí Gaeilge na gcoláistí samhraidh Gaeltachta á reáchtáil an samhradh seo, áfach.

Dúirt Máire Denvir ó CONCOS le Tuairisc.ie nach mbeadh sé ceart dul ar aghaidh leis na coláistí samhraidh i mbliana agus imní fós ann faoin víreas.

“I ndáiríre, ní bheadh sé ciallmhar ná praiticiúil dul ar aghaidh leis an togra,” arsa Máire Denvir. “Bheadh tú ag tabhairt daoine as ceithre hairde na tíre isteach go dtí na Gaeltachtaí agus bheadh an-chontúirt go scaipfeadh an víreas an-éasca ar an mbealach sin.”

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil imní ann fiú dá mbeadh an tsnáthaid faighte ag na fir agus mná tí nach mbeadh an scéal amhlaidh i gcás na ndaoine óga a bheadh ag fanacht ina dteach.

Tá ráite ag Máire Denvir cheana go bhfuil sé tábhachtach nach n-athrófaí taithí foghlama na scoláirí a bheidh ag freastal ar na coláistí samhraidh agus go mbeadh an baol ann go n-athrófaí rudaí “ó bhun aníos” dá leanfaí ar aghaidh leis an togra i mbliana.

Dúirt Gael Linn le gairid go gcaithfidh Roinn na Gaeltachta “ceannaireacht” a léiriú agus cinneadh a dhéanamh na cúrsaí a chur ar ceal.

Má chuirtear na cúrsaí ar ceal, beidh mná tí agus lucht na gcoláistí samhraidh ag iarraidh go réiteofaí ceist an chúitimh gan mhoill.

Íocadh os cionn €4.7 milliún le coláistí samhraidh agus mná tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chúrsaí na bliana seo caite a bheith curtha ar ceal. Meastar go n-íocfar cúiteamh leis na mná tí arís i mbliana ach nach mbeidh an cúiteamh céanna ar fáil do na Coláistí Samhraidh. 

Fág freagra ar 'Ní bheadh sé ‘ciallmhar ná praiticiúil’ dul ar aghaidh leis na coláistí samhraidh – CONCOS'