Ní beag an stair an bhaineann leis an Teach Mór agus na heastáit

Agus na tithe móra ag imeacht as amharc thart anseo, tá dearmad á dhéanamh ar an stair atá taobh thiar de go leor acu

Ní beag an stair an bhaineann leis an Teach Mór agus na heastáit

Nuair a bhreathnaím amach ar an ‘oibilisc’ ag ceann an bhóthair, ní minic a chuimhním ar stair an eastáit agus ar na daoine a chónaigh anseo i bhfad ó shin. Ar nós go leor bailte thart anseo i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ba cuid de thailte an tí mhóir a bhí san eastát tithíochta seo tráth.

Thóg an tiarna Allen, an ‘oibilisc’ i gcuimhne ar a bhean chéile sa mbliain 1727, rud a chiallaíonn go raibh sé ansin sular tógadh an teach mór atá taobh leis anois, ach freisin, gur tógadh é mar ‘obair phoiblí’, le linn gorta b’fhéidir, an bhliain sin.

Tá an tír breac le logainmneacha ar nós ‘An Bóthar Buí’ ar oibreacha poiblí a tógadh le linn gorta le obair a chur ar fáil do dhaoine a bhí ag fáil bháis leis an ocras. De réir a chéile, agus na tithe móra ag imeacht as amharc thart anseo, tá dearmad á dhéanamh ar an stair atá taobh thiar de go leor acu.

Thíos faoin tír, tá tóir fós ag ceannaitheoirí aonair ar thithe móra galánta agus ‘eastát talún’ leo. Tá áit an tiarna talún tógtha anois ag glúin nua – agus is sórt ‘uasaicme’ iad arís. Ní tiarnaí ná ‘uaisle’ iad, ach lucht rachmais atá in acmhainn na milliúin euro a íoc ar chaisleáin agus ar thithe móra ón aois seo caite.

Thosaigh mé ag cur suime iontu le gairid nuair a chuala mé go raibh a chaisleán agus a chuid tailte díolta ar deireadh ag iarUachtarán DCU – an coláiste ollscoile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Ba é Ferdinand von Prondzinski an té a dhíol an caisleán agus 1,000 acra talún, ‘Caisleán Chnoc Droinne’ (Knockdrin), gar don Mhuileann gCearr san Iarmhí. Tógadh Ferdinand sa tír seo nuair a tháinig a thuismitheoirí chun cónaí in Éirinn agus cheannaigh siadsan an áit san seascaidí. Throid athair Ferdinand sa Dara Cogadh Domhanda in arm na Gearmáine.

Níorbh aon ábhar iontais é thar na blianta go mbeadh uaisle agus lucht rachmais ó thíortha eile ag ceannach na n-eastát mór in Éirinn. Sé an t-iontas anois ná an líon Éireannach atá in acmhainn na tithe agus na caisleáin a cheannach gan stró.

Bhí Caisleán Chnoc Droinne ar an margadh le tamall agus uair amháin, bhí os cionn €13 milliún á iarraidh ag an úinéir. Ar deireadh díoladh é ar os cionn €10 milliún. Agus cé go mb’fhéidir go gceapfá gur suim shuntasach é sin d’éinne as an tír seo, ní tada é i gcomhthéacs an €327 milliún a shaothraigh na húinéirí nua Noel agus Valerie Moran, nuair a dhíol siad a gcomhlacht airgeadais, Prepaid Financial Services Ltd in 2011.

Agus chuala muid ar fad scéal truamhéalach Michael Flatley agus an chaoi go mb’éigean dó greim a choinneáil ar Chaisleán de hÍde, a tógadh in 1760, nuair a chinn air an praghas a bhí sé a iarraidh, €20 milliún a fháil. Cé gur laghdaíodh an praghas ina dhiaidh sin, níor díoladh é. Is cosúil go bhfuil sé sásta fanacht ann anois agus é a athchóiriú arís eile.

Chuir mé suim mar sin i scéal a foilsíodh le gairid, faoin gcor is déanaí i scéal na n-eastát mór in Albain. Murab ionann agus an tír seo, tá sciar an-mhór de thailte na hAlban fós i lámha roinnt bheag úinéirí príobháideacha.

Deirtear go bhfuil os cionn 50% de thailte príobháideacha na hAlban i lámha 432 úinéir.

Agus cé nach tiarnaí ná uaisle iad ar fad, fós féin baineann cuid mhaith acu leis an aicme sin.

Le gairid, cuireadh iontas ar mhuintir an bhaile Langholm, gan don teorainn idir Albain agus Sasana, nuair a cuireadh na mílte acra de thailte an Diúc Buccleuch ar díol. Agus is cosúil go bhfuil ar chumas dream áitiúil – Iontaobhas  Langholm – an talamh a cheannach thar ceann an phobail áitiúil. 

Ón mbliain 2016, tá airgead curtha ar fáil ag Rialtas na hAlban chun cabhrú le dreamanna áitiúla tailte mar seo a cheannach. Fuair pobal Langholm milliún punt ón gCiste Talún sin agus d’éirigh leo an fuílleach a fháil trí thionscnaimh éagsúla bailithe airgid.

Tá obair mhór rompu anois chun airgead a dhéanamh as an infheistíocht £3.8 milliún  seo. Níor éirigh rómhaith leis an Diúc Buccleuch é féin airgead a dhéanamh as scéim chun éin fhiáine cosúil leis an gcearc fhraoigh a lonnú ar an talamh portaigh agus daoine a mhealladh chun foghlaeireachta ann.

Ach tá pleananna samhlaíocha ag an Iontaobhas le haghaidh fiontair turasóireachta agus iad bunaithe ar rudaí cosúil le hathnuachan portaigh, athphlandáil coillte agus tionscail bheaga sna seanfhoirgnimh feirme. 

Tá roinnt mhaith samplaí den cineál seo forbartha cheana féin in Albain. Beidh cuimhne ag go leor daoine ar an scéal a bhain le ceannach na n-oileán Eigg agus Rùm. Tháinig an pobal áitiúil le chéile agus bhailíodar an t-airgead – £1.5 milliún – le haghaidh an oileáin Eigg a cheannach sa mbliain 1997. 

Chosain an t-oileán Gigha beagán níos mó – £4 milliún sa mbliain 2002. Níor gá ach an 17 duine fásta a bhí ina gcónaí ar Oileán Rùm a thabhairt le chéile chun an vóta ansin a chomhaireamh sa mbliain 2009, nuair a thug Buidheann Nàdair na h-Alba an baile ar an oileán in aisce dóibh.

Tharla roinnt eile aistriú talún sna blianta ina dhiaidh sin ach is beag an méid talún atá i seilbh an phobail in Albain, le hais an méid atá fós i lámha na dtiarnaí talún.

Is i gceantar na nArdtailte is mó a tharlaíodh aistriú talún mar seo go dtí le gairid. Sin iad na ceantair is mó a bhfuil an Ghàidhlig á labhairt iontu. Ach de réir a chéile tá athrú ag teacht ar an gcineál úinéirí ar leo na heastáit mhóra anois.

Cé gur ball den ‘uasaicme’ é an Diúc Buccleuch, agus é de cháil air tráth gurbh eisean an duine príobháideach ba mhó sa mBreatain a raibh talamh aige, tá an chosúlacht ann go bhfuil an scéal ag athrú.

Is iarCheannasaí ar Bhanc Tesco é Benny Higgins, an fear atá ag bainistiú tailte an Diúc anois. Ní fheiceann seisean go bhfuil aon chiall le seilbh a choinneáil ar na mílte acra de thalamh feirme ná talamh portaigh. Díolfar suas le 50,000 acra eile, a deir sé.

Agus ní ag an Diúc atá an teideal ‘an t-úinéir talún is mó sa mBreatain’ a thuilleadh. 

I ré seo an Bhreatimeachta, nach ábhar sásaimh é gur billiúnaí ón Danmhairg, fear a rinne a shaibhreas as cúrsaí faisin, Anders Holch Povlsen, a bhfuil os cionn 200,000 acra in Albain aige, an t-úinéir talún is mó ansin anois.

Agus tá pobail agus Iontaobhais eile ar fud na tire ag faire ar mhuintir Langholm go bhfeicfidh siad cén sórt toradh a bheas ar a gcuid infheistíochta. 

Seans go mbeidh ar Rialtas na hAlban cur leis an gCiste Talún sin lá ar bith feasta.

Fág freagra ar 'Ní beag an stair an bhaineann leis an Teach Mór agus na heastáit'