‘Ní ball de Shinn Féin i ngeansaí Árann gach duine ar cás leo an Ghaeilge’ – Mary Lou McDonald

Agus béim inniu i gcainteanna polaitiúla Stormont ar cheist an achta Ghaeilge, dúirt ceannaire Shinn Féin gur cás le daoine de gach cineál sa Tuaisceart cearta teanga agus comhionannas pósta

‘Ní ball de Shinn Féin i ngeansaí Árann gach duine ar cás leo an Ghaeilge’ – Mary Lou McDonald

Tá ráite ag Mary Lou McDonald nár cheart talamh slán a dhéanamh de gur ball de Shinn Féin a chaitheann geansaí báinín, nó geansaí Árann, an uile dhuine ar cás leo an Ghaeilge.

“Is dóigh liom gur cineál steiréitíopa é glacadh leis nach cás le duine ar bith an Ghaeilge seachas daoine ar baill de Shinn Féin iad agus a chaitheann geansaí báinín,” a dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald.

Ag labhairt di ar Newstalk, mhaígh McDonald gur cás le daoine de gach cineál sa Tuaisceart cearta teanga agus comhionannas pósta.

Is ar an dá ábhar sin – ceist an achta Ghaeilge agus ceist an chomhionannais phósta – is mó atáthar ag díriú sna cainteanna polaitiúla ó thuaidh inniu.

Dúirt McDonald nach chun leas aon dream é go mbeadh a páirtí ag rá gur prionsabail ‘líne dhearg’ ceist an achta agus ceist an chomhionannais phósta agus seachas sin gur “dúshláin do chách” iad.

Dúirt ceannaire Shinn Féin chomh maith inniu gur ríléir gur róchuma le Tóraithe Shasana cás an Tuaiscirt.

Dúirt sí gur minic ceannaire na dTóraithe Theresa May ag trácht ar “a luachmhaire is atá an t-aontas” ach gur léirigh an chaoi a caitheadh le hÉirinn, agus leis an Tuaisceart go háirithe, i gcás an Bhreatimeachta nach amhlaidh atá.

“Níor dhúisigh na Tóraithe ná ní raibh aon aird acu ar an scéal go dtí gur tuigeadh gurb í an teorainn an dris chosáin i ndáiríre, an ‘líne dhearg’ ag an Eoraip agus ag Éirinn,” a dúirt sí.

Idir an dá linn, chuir an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir fáilte roimh thacaíocht Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teangadon éileamh ar acht Gaeilge agus do bhunú oifig coimisinéara teanga ó thuaidh.

“Tá sé ríthábhachtach go mbunófar oifig Coimisinéara Teanga le go ndéanfar cearta teanga a chosaint agus úsáid na Gaeilge a éascú sa tuaisceart,” a dúirt Máirtín Ó Muilleoir.

“Tá na cearta teanga céanna tuillte ag cainteoirí Gaeilge is atá ag saoránaigh eile a chaitheann a saol trí mheán an Bhéarla.

“Ní mór go mbeidh cearta teanga Gaeilge agus cosaintí dlíthiúla ann ó thuaidh, go díreach mar atá in áiteanna eile ar fud na n-oileán seo.”

Dúirt Ó Muilleoir go raibh dualgas ar Rialtas na Breataine an Ghaeilge a chur chun cinn de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, Chomhaontú Chill Rímhinn agus faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.”

Leanfadh Sinn Féin lena dtacaíocht don éileamh ar acht Gaeilge, arsa Ó Muilleoir.

Fág freagra ar '‘Ní ball de Shinn Féin i ngeansaí Árann gach duine ar cás leo an Ghaeilge’ – Mary Lou McDonald'