Ní ar an othar amháin a bhíonn galar Alzheimer, éiríonn na gaolta ‘tinn’ freisin

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: rud amháin is ea patrún iompraíochta diúltach a aithint i do chuid cumarsáide le duine a mbeadh galar Alzheimer air, ach rud eile ar fad is ea an patrún sin a bhriseadh

Ní ar an othar amháin a bhíonn galar Alzheimer, éiríonn na gaolta ‘tinn’ freisin

D’oscail mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, doras an chuisneora agus thaispeáin sáspan dom ina raibh dhá shlis bhagúin fhriochta. B’fhéidir gur ar an gceangal idirlín a bhí an locht – ár bhfísghlaoch laethúil a bhí ann – ach ní raibh cuma rófhriseáilte ar an bhfeoil.

‘Cé a cheannaigh an bagún sin duit?’ a d’fhiafraigh mé.

‘Fan go bhfeice mé… í sin a bhíonn ag tabhairt aire dom, ceapaim.’

Rinne mé ríomh sciobtha i mo cheann. Tagann cúramóir mná ar an Déardaoin. Tráthnóna Domhnaigh a bhí ann faoin am seo. Más í an cúramóir sin a cheannaigh an bagún sin, bhí ceithre lá ann ó réitíodh é.

Ansin, d’athraigh mo mháthair a hintinn.

‘Ní hea, mise mé féin a cheannaigh é! Inniu, ceapaim. B’fhéidir.’

Tharraing mé anáil dhomhain.

‘A mham, an bhféadfá an bagún sin a bholú le do thoil? Níl drochbholadh air, an bhfuil?’

An chéad rud eile, in ionad a srón a choinneáil os cionn an tsáspain, rug mo mham ar cheann de na sliseanna bagúin agus choinnigh lena srón é. Sula raibh deis agam a dhath a rá bhí an fheoil curtha ar ais sa sáspan aici agus bhí a méara á líochán aici.

Is maith a thuig mé go mbeadh an dochar déanta dá mba rud é go raibh an fheoil imithe ó mhaith dáiríre, ach níor éirigh liom guaim a choinneáil orm féin.

Phléasc mé.

Baineadh siar go mór as mo mháthair bhocht.

‘Níl mo cheann ag obair níos mó!’ a bhéic sí. ‘Níl neart agam air!’

Ghabh mé mo leithscéal léi agus thug geallúint dom féin, arís eile, go ndéanfainn mo sheacht míle dícheall gan siúl isteach arís i ngaiste an phatrún iompraíochta seo de mo chuid.

In ainneoin go dtuigim go rímhaith go bhfuil galar tromchúiseach ar mo mháthair agus nach bhfuil aon neart aici féin ar a hiompar, ardaím mo ghuth mar a dhéanann daoine áirithe le páistí nó le heachtrannaigh agus bainim ró-úsáid as an nath ‘le do THOIL’ agus doicheall i mo ghlór, amhail is gur ortha dhraíochta a bheadh sna focail sin a bhrisfeadh an greim atá ag an ngalar ar a hintinn.

‘Ní ar bhur máthair amháin atá an galar,’ a dúirt an síceolaí a choinníonn súil ar chás mo mháthar liom féin agus le mo dheartháir óg bliain ó shin. ‘Is baolach go bhfuil sé oraibhse freisin, go pointe. Galar é a mbíonn tionchar as cuimse aige ar ghaolta an othair.’

Tá an ceart aici. Na taomanna feirge sin a thagann orm nuair nach n-éiríonn liom rud éigin fíorshimplí a mhíniú do mo mham an príomhshiomptóm.

Ach rud amháin is ea patrún iompraíochta a aithint, rud eile ar fad é a bhriseadh.

Fág freagra ar 'Ní ar an othar amháin a bhíonn galar Alzheimer, éiríonn na gaolta ‘tinn’ freisin'

  • Pól Ó Braoin

    Bíonn tú ag siúl ar urlár gloine agus uibheacha ag plé leis an aicíd uafásach sin. Tug aire duit féin!