‘Ní áit shábháilte í Éire go fóill do dhaoine aiteacha’

Cothrom an lae seo deich mbliana ó shin thoiligh muintir na hÉireann i reifreann stairiúil go mbeadh cead feasta ag daoine LADT pósadh. Labhair roinnt Gael linn faoin bhfeachtas reifrinn agus a oidhreacht

‘Ní áit shábháilte í Éire go fóill do dhaoine aiteacha’
Ciara Ní É

‘D’athraigh toradh an reifrinn an saol go mór do dhaoine aiteacha’

Bhí mé páirteach san fheachtas ‘Tá Comhionannas’ agus bhí sé an-suimiúil bualadh le Gaeilgeoirí LADTA eile. Roimh an bhfeachtas, ní raibh mórán eiseamláirí de Ghaeilgeoirí LADTA le feiscint agus ní raibh an oiread sin imeachtaí ná ócáidí Gaeilge ann do dhaoine LADTA. Bhí sé tábhachtach domsa le feiscint mar fhorbairt phearsanta go raibh an oiread sin daoine le Gaeilge ann a bhí aiteach agus daoine le Gaeilge a bhí ag iarraidh tacú le daoine aiteacha.

Is am deacair a bhí ann ar shlí, mar bhí an oiread sin d’fhuathchaint sna meáin agus daoine lánsásta a rá go poiblí nár cheart go mbeadh ceart ag ár gcuidne den daonra. Ach tá sé tábhachtach gur tharla sé mar a tharla agus go raibh an vóta agus an feachtas ann. Bhí ar gach duine sa tír smaoineamh faoin rud a bhí uathu, agus nuair a dhéantar athruithe móra ar an tsochaí mar sin ba cheart smaoineamh go domhain faoi. Bhí an rud céanna ann leis an reifreann faoin Ochtú Leasú – bhí sé tábhachtach am a chaitheamh ag smaoineamh faoi rudaí agus á bplé.

Is cuimhin liom Rory O’Neill, Panti Bliss, a bheith íocónach agus ag athrú na tíre chun feabhais le Panti’s Noble Call in Amharclann na Mainistreach agus gur sórt íocón a bhí ansin den dóchas agus den mhothú a bhí in Éirinn ag an am.

Is rud an-phearsanta é vóta a chaitheamh, ach thug an reifreann deis dom comhráite a bheith agam le cairde agus le daoine i mo theaghlach. Phléamar rudaí go hoscailte agus d’éisteamar lena chéile.

D’athraigh toradh an reifrinn an saol go mór do dhaoine aiteacha. Bhí oscailt ann le linn na tréimhse sin, bhraith daoine aiteacha gurbh fhéidir leo a bheith poiblí leis na caidrimh is tábhachtaí ina saol agus thuig daoine díreacha cé chomh deacair is a bhí sé do dhaoine aeracha. Tá an saol fós deacair do dhaoine aiteacha in Éirinn, agus tá an grá aiteach fós mídhleathach i dtíortha eile ar fud an domhain. Tá an t-ádh orainn anseo in Éirinn ach níl sé greanta i gcloch, deirim é sin i gcónaí, féach ar Mheiriceá agus ar an mBreatain agus na hathruithe chun donais sna tíortha sin.

Is fíor go bhfuil coireanna fuatha ag ardú in Éirinn, caithfimid féachaint cé atá taobh thiar de sin. Maraíodh Michael Snee agus Aidan Moffitte, beirt fhear aeracha, go barbartha i Sligeach cúpla bliain ó shin. Níl an t-atmaisféar chomh sábháilte céanna is a bhíodh.

D’éirigh leis an vóta mar bhí an tromlach ar an taobh sin, ach ní raibh gach vóta ar an taobh sin agus ní raibh gach duine sásta leis an toradh. Agus níl gach duine sásta fós. B’fhéidir gur bhreathnaíomar lúcháireach ar an lá sin mar d’éirigh leis an reifreann ach ní chiallaíonn sé sin gur áit shábháilte í Éire do dhaoine aiteacha fós. An áit a bhfuil muid faoi láthair, tá sé scanrúil.

Tá cearta eile le baint amach fós againn, tá sé ceart go mbeadh na cearta céanna ag na tuismitheoirí aon-inscne, sin rud nach bhfuil ann faoi láthair.”

Rút Ní Theimhneáin

‘Ag an am sin go raibh mé cineáilín sa vardrús’

Ag smaoineamh siar, is cuimhin liom ag an am sin go raibh mé cineáilín ‘sa vardrús’. Bhí sé aisteach mar bhí mé ag tacú le daoine aeracha agus ag rá gur chóir vóta a chaitheamh ar a son, ach ní raibh mé féin á rá mar dhuine aerach, bhí sé ina rún agam. Tá mé ar an taobh eile de sin anois, ach ní raibh mé ag iarraidh an iomarca a rá faoin rud ar fad ag an am. Bhí go leor daoine mar sin ann.

Is cuimhin liom na díospóireachtaí a bhí ar an teilifís agus ag smaoineamh dom féin go raibh sé thar a bheith tábhachtach ó thaobh na staire sóisialta de agus go raibh na ceisteanna a bhí á bplé conspóideach. Fiú ag an Aifreann bhí daoine ag tabhairt amach paimfléidí ‘NO’ ag an doras, bhí sé thar a bheith deacair é sin a fheiceáil. Ní féidir a rá go bhfuil rudaí níos fearr sa lá atá inniu ann.

Is cuimhin liom a bheith ag breathnú ar na cláir faoin vóta ar an teilifís agus na daoine ar a shon agus na daoine ina choinne ag argóint lena chéile. Bhí an coincheap seo á chur chun cinn go raibh comhionannas ann cheana féin agus ba mhinic a bhí daoine ag rá nach raibh aon rud breise ag teastáil. Bhí sé deacair an chaint sin a chloisteáil agus mé ag smaoineamh faoi na rudaí seo ar fad go rúnda – go gcaithfí glacadh leis an gceangal idir fir agus mná agus gurbh é sprioc nádúrtha an phósta leanaí a thabhairt ar an saol, agus go gcaithfeadh an pobal LADT a bheith sásta leis an méid a bhí acu cheana féin.

Tá a fhios againn cén toradh a bhí ann anois, ach tá sé deacair a chreidiúint go raibh daoine ann a bhí den tuairim sin. Is cuimhin liom daoine ag teacht chun an tí ag míniú go raibh siad buartha go mbeadh na páistí aerach chomh maith! An eagla a bhí orthu go n-athródh an míniú a bhí ar an bpósadh an tsochaí ó bhonn.

Tá sé go deas go raibh an rogha anois ag daoine pósadh, ach níor athraigh rudaí an t-uafás. Is aitheantas é agus bhí an ceiliúradh go deas ach leanann an saol ar aghaidh. Bíonn an grá aerach ann ar aon nós, beag beann ar dhlíthe, ach b’fhéidir go bhfuil daoine níos oscailte faoi anois agus go nglacann daoine eile leis, ach bhíodh lánúineacha aeracha ann roimh an reifreann. Tá an t-aitheantas agus na cearta tábhachtach. Níor theastaigh reifreann uaim le tuiscint go raibh an cineál sin grá ann agus go raibh luach leis.

Tá píosa le dul sula mbeidh cearta iomlána ag an bpobal. Ní saineolaí mé ach tá a fhios agam go mbíonn deacrachtaí ag daoine leis an uchtú agus le cearta tuismitheoirí. Tá an mórshiúl Bród fós tábhachtach. Beidh daoine sa mbaile ag mothú mar a mhothaigh mé féin deich mbliana ó shin agus iad ag éisteacht le daoine ag rá go leor rudaí aisteacha fúthu. Ach mhair muid ar fad tríd sin.

Lisa Nic an Bhreithimh

‘Tréimhse lán dóchais a bhí ann faoina raibh amach romhainn’

Nuair a chuimhním siar anois air, is tréimhse lán dóchais a bhí ann faoina raibh amach romhainn. Thug sé dóchas do dhaoine faoi na féidearthachtaí a bhí ann do chuile chineál mionlaigh. Ní faoin bpósadh amháin a bhí sé ach faoin inghlacthacht do dhaoine LADT. Bhí siad faoi cheilt go mór sa tsochaí sna blianta roimhe sin, agus a bhuí leis an obair mhór a rinne daoine a bhí cróga agus a labhair amach ar son an phobail i gcaitheamh na mblianta, leithéidí Tonie Walsh agus David Norris agus go leor daoine eile, tugadh an deis dúinne an feachtas iontach sin a reáchtáil in 2015.

An rud is mó a sheasann amach domsa, an grúpa Gaelach a bhí againn ‘Tá Comhionannas’. Tháinig muid le chéile, bhí seoladh an-speisialta againn sa Clarence Hotel. Ba é Pat Carey a sheol é, bhí seisean tar éis teacht amach go poiblí agus labhairt trí Ghaeilge faoina ghnéaschlaonadh, fear as ceantar iargúlta a tháinig amach níos déanaí ina shaol agus é bródúil.

Bhí lá an-speisialta againn, seoladh an feachtas agus b’in an tús domsa. Pobal na Gaeilge ag rá gur mhaith leo a bheith páirteach sna rudaí sin, gur theastaigh ó dhaoine na díospóireachtaí seo a bheith acu i nGaeilge, ag iarraidh a bheith ag plé le hábhar mór sóisialta trí Ghaeilge do phobal na Gaeilge.

Bhí móramh 62% ann – ní rabhthas ag súil le bua chomh mór sin. Is tréimhse iontach lán le dóchas a bhí ann agus láithreach, bhí méadú ar líon na lánúineacha LADT a bhí ag siúl na sráide lámh i láimh.

Caithfimid an bua sin a cheiliúradh ach ag an am céanna, níor baineadh amach gach a raibh ó dhaoine ag an am. Ceann de na rudaí is mó ná an t-éileamh atá ag an ngrúpa feachtais LADT Equality for Children. Is é fírinne an scéil é i mórán de na teaghlaigh LADT ná nach bhfuil cearta ag an mbeirt tuismitheoirí. Níl an bheirt acu ar an teastas breithe. Ní ‘tuismitheoir dleathach’ duine amháin de na tuismitheoirí agus tá impleachtaí aige sin maidir le cóir leighis agus cinntí móra eile a dhéanamh.

Vótáil muid ar son an phósta ach bhí muid ag smaoineamh ar an gclann agus leanaí agus níl sé sin ann inniu. Táim ag súil go leanfar den obair agus go mbainfear amach na spriocanna sin.

Faraor táimid tar éis dul siar. Tá an reitric agus an chaint i measc daoine óga an-dona toisc an stuif a léann siad ar an idirlíon. Tá an fuath tar éis fás – an fuath ban agus an fuath do mhionlaigh – timpeall an domhain ó aimsir Covid. Tá daoine sásta rudaí a rá anois nach raibh inghlactha ar feadh i bhfad. Bíonn níos mó den chineál sin cainte ar na sráideanna i gcoinne daoine LADT agus tá níos mó di le cloisteáil ar na meáin chumarsáide agus ó pholaiteoirí. Tá sé an-díomách. Tá cúlú ar chearta LADT sa Pholainn, san Ungáir agus sna Stáit Aontaithe. Tá rudaí ag athrú ó thaobh cúrsaí polaitíochta in Éirinn chomh maith agus ní mór súil a choinneáil air sin.

Pat Carey. Pictiúr: James Horan/Photocall Ireland

‘Tá meon a lán den phobal imithe i dtreo na heite deise ó shin’

I mo thuairim féin, is beag a tharla ó thaobh na bpolaiteoirí go dtí gur thosaigh daoine cosúil liom féin ag déanamh agallamh sna meáin. Is beag a bhí ar siúl ag na páirtithe traidisiúnta faoin gceist. Bhí cuid acu ag dul chomh fada agus ab fhéidir leo sa treo eile, le nach mbeadh orthu an cheist a fhreagairt!

Thóg sé tamall fada aon bhéim a leagan ar an gceist. Rinne Leo Varadkar agallamh go luath sa bhliain nua agus thosaigh na meáin ag caint ar an gceist agus thosaigh na daoine óga ag cur ceisteanna agus ag lorg eolais ó na páirtithe móra. Is beag béim a bhí ag ceachtar den dá pháirtí traidisiúnta air in aon chor go dtí gur go ndearna Leo Varadkar an t-agallamh sin agus go dtí gur iarradh ormsa agallamh a dhéanamh le Pat Kenny ar Newstalk agus Seán O’Rourke ar RTÉ. Craoladh an dá agallamh ag an am céanna, nó díreach i ndiaidh a chéile, an mhaidin Luain sin agus thosaigh díospóireachtaí de shaghas éigin i measc na bpáirtithe.

Sin nuair a thosaigh sé, agus níorbh fhada gur labhair Micheál D Ó hUigínn ar a shon, ag áiteamh ar son glacadh leis, agus ansin bhí airí rialtais agus gnáthdhaoine ag áiteamh go poiblí i bhfabhar an ‘TÁ’.

Ní raibh aon dabht agamsa go nglacfaí leis an reifreann sin, mar bhí an fuinneamh á thógáil le roinnt blianta chun meon na ndaoine a athrú agus iad a mhealladh chun na cúise.

Tá athrú ó bhonn tagtha ar shochaí na tíre seo, bhí sé ag teacht le blianta roimhe sin, agus tá móiminteam ann anois. Beidh polasaithe rialtais, is cuma cén blas ná dath a bheidh ar na páirtithe, beidh siad ag áiteamh ar son na heite clé agus an dul chun cinn.

Ní dhéanfaidh mé dearúd go brách ar an lá a fógraíodh an toradh. Bhíos ag cruinniú de chuid Chumann na Croise Deirge mar ceapadh mise i mo chathaoirleach ar an eagraíocht sin an lá céanna. Ní dhéanfaidh mé dearúd go brách air. Bhíos i lár na cathrach ag an am, agus ní raibh aon dabht orm faoin toradh. Ní dóigh liom go raibh aon uair ann le linn an fheachtais nuair a bhí dabht ann go mbeadh tromlach ann – an cheist a bhí ann ná ‘cén céatadán?’. Thart ar an bhfigiúr a bhí i m’aigne féin a bhí ann sa deireadh.

Tá athrú mór ann ar an saol ó shin. Tá ceisteanna cearta daonna ann agus is dócha nach raibh ceannairí mar Trump ann deich mbliana ó shin – cad a tharla idir an dá linn? Bheinn buartha go leor faoi sin. Tá meon a lán den phobal imithe i dtreo na heite deise agus tá suim ag gach duine ann féin seachas ina chomharsa. Ach tá na hathruithe móra thart sa tír seo agus ní bheidh aon dul siar, ní fheicim go mbeidh aon dul siar ann go dtí an stádas a bhí ann roimh an reifreann.

Seán Mac Risteaird

‘Phós mé féin dhá bhliain ó shin, agus tá mé chomh sona sin’

Bhí mé féin páirteach go pointe leis an bhfeachtas ‘TÁ’. Bhí sé á stiúradh ag meitheal mhaith daoine. Bhí chuile dhuine thar a bheith tacúil agus bhí sé go hálainn go raibh an Ghaeilge i lár an fheachtais.

Níor aistrigh mé mo vóta go Baile Átha Cliath in am agus bhí orm dul abhaile chun mo vóta a chaitheamh san Uaimh. Bhí mo mháthair agus mo dheirfiúracha liom agus bhí sé go hálainn, mar roimhe sin ba san Uaimh a rinneadh bulaíocht orm ar scoil agus bhí sé go deas a bheith sa bhaile agus ábalta vóta a chaitheamh san áit ar tógadh mé agus an tacaíocht ó mhuintir na háite a fheiceáil.

Nuair a bhí na vótaí á gcomhaireamh bhí mé ag teagasc ábhar oidí. Is cuimhin liom gur phreab an scéal aníos ar an bhfón agus go ndearna mé fógra don rang faoin toradh.

Nuair a chuireann tú an reifreann sin i gcomparáid le reifrinn eile, bhí sé mothálach agus dearfach. Sin an aidhm a bhí ag an bhfeachtas – go mbeadh an grá ina phríomhthéama ann. Bhí cúpla ceist ann faoin gcead a bheadh ag beirt fhear aeracha gasúir a thógáil, ach ritheadh bille faoi sin roimh an bhfeachtas agus bhí sé an-éasca é a tharraingt amach as an scéal agus díriú ar an ngrá. D’éirigh thar barr leis sin.

Is cuimhin liom gur bhraith mé go raibh mo shaol athraithe agus mo thodhchaí athraithe, bhí sé thar a bheith pearsanta, agus bhí an oiread sin daoine chomh tacúil sin ar fud na tíre. Bhí chuile dhuine chomh bródúil asainn féin as feachtas chomh héifeachtach sin a reáchtáil agus gur imir muid tionchar ar go leor daoine – gur tuigeadh gur ghnáthdhaoine muid ach nach raibh cothrom na Féinne againn.

Chuaigh an scéal siar go 1993 nuair a rinneadh díchoiriú ar an homaighnéasacht, agus ansin tháinig na páirtnéireachtaí sibhialta isteach. Cúig bliana ina dhiaidh sin bhí deis ag an tír vóta a chaitheamh go poiblí don cheart seo. D’ardaigh sé mo chroí go raibh pobal na hÉireann in ann vóta a chaitheamh le cearta a thabhairt do dhaoine.

Phós mé féin dhá bhliain ó shin, agus tá mé chomh sona sin i mo shaol pearsanta féin – níor cheap mé riamh agus mé i m’fhear óg go mbeinn in ann fear a phósadh, ná go n-aimseoinn fear a phósfadh mé!

Bíonn go leor daoine ag rá cén mhaith atá le Bród a cheiliúradh anois? Caithfidh muid stair an phobail a aithint agus an dul chun cinn suntasach a cheiliúradh. Má bhreathnaíonn tú thar lear, tá claonadh i dtreo áit atá níos dorcha agus caithfidh muid a bheith cúramach agus muid féin a chosaint.

Caithfidh muid aire a thabhairt don phobal trasinscneach. Tá muid ag caint ar mhionlach fíorbheag fíorleochaileach. Ní dóigh liom go bhfuil córas sásúil sláinte againn sa tír seo agus go bhfuil go leor míthuiscintí ann faoin bpobal tras. Tá arm á dhéanamh den cheist agus ní dóigh liom go mbeidh an cath seo buaite go deo – beidh orainn a bheith ag troid dár bpobal.

Fág freagra ar '‘Ní áit shábháilte í Éire go fóill do dhaoine aiteacha’'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Maitiú Ó Coimín ‘Ní áit shábháilte í Éire go fóill do dhaoine aiteacha’, tuairisc.ie., Déardaoin, Bealtaine 22, 2025.

    Tá spearbals ar lucht LADTA. Timpeall le 37% de vótálaithe cláraithe na Poblachta a vótáil TÁ sa Reifreann um Chomhionannas Pósta. De réir an chórais seo againne, agus chóras na Breataine, ní gá ach tromlach a bheith le vóta, lá an Reifrinn féin, chun go mbuafadh taobh TÁ. Is gnách, i gcás na Reifreann sa Phoblacht, go staonann suas le 40% de na vótálaithe cláraithe ó vótáil. Tá Stáit ar domhan ina gcaithfidh breis is 50% de na vótálaithe cláraithe a bheith le togradh, chun go n–éireodh leis an togradh. Go dtí go dtabharfar isteach sa Phoblacht córas Reifrinn a éileoidh breis is 50% de na vótálaithe cláraithe a bheith le togradh, ní córas daonlathathach Reifrinn a bheidh againn, ach córas olagarcach. Ní hé sin amháin é, ach tá gá le réamh–Reifreann a bheith ann chomh maith ar an mbonn céanna [50%+ de na vótálaithe cláraithe] chun a dhéanamh amach, an dteastaíonn ó 50%+ de na vótálaithe sin, togradh áirithe a chur ar Reifreann. Is é mar atá, i láthair na huaire, gurb iad na nuachtáin náisiúnta, mórmheáin chumarsáide na tíre, agus na hEagraíochtaí Neamh–Rialtasacha [NGOs] a shocraíonn an gcuirfear togradh éigin ar Reifreann, nó nach gcuirfear. 36,000 Eagraíocht Neamh–Rialtasach atá sa Phoblacht, agus suas le €6B a chaitheann an Stát ar na heagraíochtaí sin, trí chéile, gach uile bhliain. Dá réir sin, is stocairí ar son pholasaithe an Stáit is ea formhór mór na nEagraíochtaí Neamh–Rialtasacha.

    Rud eile atá sa scéal: más amhlaidh a bhí na buíonta LADTA go léir aontaithe le chéile aimsir Reifreann 2015, ní mar sin dóibh inniu. Tá ina chogadh cathartha eatarthu. Is amhlaidh atá faicsean an Trasinscneachais ag iarraidh bulaíocht a dhéanamh ar fhormhór na bhfaicsean eile, ar ar son TÁ a bhí siad in 2015. Le blianta gearra déanacha, tá sciar cuibheasach mór d’eagraíochtaí an homaighnéasachais ag diúltú don bhulaíocht sin ag lucht an Trasinscneachais. A lán de ghníomhaithe an homaighnéasachais, áitíonn siad gur homaighnéasach, ag teacht ar an saol dó/di, a bhíonn an homaighnéasach fásta; agus gur ar an mbonn sin a bhíonn ceart ag an homaighnéasach chun homaighnéasach eile a phósadh. Ach ní ghlacann lucht Trasinscneachais leis sin, ar an mórgóir. Áitíonn siad seo, nach amháin gur féidir do dhuine an claonadh collaíochta a athrú, ach gur féidir an inscne a athrú go fisiceach, chomh maith. Baineann leagan amach lucht Trasinscneachais an bonn ar fad ón tuiscint ag gníomhaithe réamhráite an homaighnéasachais. De réir an Trasinscneachais, is trasinscneach don duine a áitíonn gur trasinscneach atá sé féin/sí féin. Ní gá cruthú ar bith síceolaíochta, ná leighis a thabhairt, dar leo, chun go nglacfaí lena n–áitiú gur trasinscneach atá siad.

    Tá a lán feimineach radacach ann, a bhí páirteach i bhfeachtas TÁ in 2015, a dhiúltaíonn do bhulaíocht lucht Trasinscneachais chomh maith. Cuireann sé siar ó thuaidh na feiminigh radacacha seo, gan a gcuid féin leithreas, a gcuid féin seomraí scíthe, ná a gcuid féin príosún ag mná. Cuireann sé ar mire na feiminigh réamhráite, feachtas oifigiúil Stáit a bheith ann chun an focal ‘bean’ agus ‘máthair’ a ruaigeadh as doiciméid oifigiúla. NÍL agus NÍL a vótáil tromlach na vótálaithe a vótáil sa Reifreann ar an ‘Teaghlach’ , agus an Reifreann ar ‘Chúram’, Márta 8, 2024. Ní fhágann na torthaí sin ná gur córas olagarcach Reifrinn atá i gcónaí sa Phoblacht seo againne; ach dá dtabharfaí isteach na leasuithe atá bunaithe agamsa anois beag, creidim gurb iad NÍL, agus NÍL, na torthaí a bheadh ar a leithéidí sin de Reifrinn, dá dtionólfaí arís iad.

    Tá aithne ag an saol ar Graham Linehan, duine de scriptscríbhneoirí an tsobaldráma grinn, Father Ted. Thacaigh Linehan go láidir leis an bhfeachtas chun an tOchtú Leasú ar an mBunreacht a aisghairm. Is liobrálaí ar a chosa is ea, agus ba ea, Linehan, a déarfadh duine. Ach tá iníon aige a bhí ina déagóir ábhar blianta ó shin, agus ní bhfaigheadh Linehan óna choinsias, géilleadh do lucht Trasinsnceachais, nach ndéanfaí aon idirdhealú ar an bhfear agus ar an mbean i gcúrsaí leithreas, i gcúrsaí seomraí scíthe, ná i gcúrsaí príosún. Eagla a bhí ar Linehan go ndéanfaí ionsaí mígheanasach ar a iníon féin, faoi mar a bhí cúrsaí –– rud a tharla i bpríosúin na Poblachta féin. Thréig formhór a chairde Linehan, de dheasca an tseasaimh sin, chaill sé a lán den teacht isteach a bhí aige, agus d’imigh a bhean uaidh. Bhíothas chun ceoldráma a dhéanamh de Father Ted , agus dhiúltaigh formhór fhoireann an cheoldráma baint ar bith a bheith acu leis an gceoldráma, mura gcuirfí an ruaig ar Linehan. Tá cúrsaí ag athrú ó shin i Sasana, mar a mbíonn Linehan ag obair. Ó foilsíodh Athbhreithniú an Dr Hilary Cass, ar inscne duine faoi bhun 18 mbliana a athrú le piollairí nó le hobráidí, is é dlí Shasana anois, nach bhfuil oifigiúlacht Shasana, ar an mórgóir, ag moladh leis an saghas sin oibre a thuilleadh.

    Bíonn lucht LADTA ag déanamh amach gur le teann homafóibe a bhítear ag ionsaí homaighnéasach. Is cinnte gur fíor sin i gcásanna áirithe. Ach cad ina thaobh nach ndeir lucht LADTA faic mar gheall ar na hionsaithe a dhéanann páirtnéirí homaighnéasacha ar a chéile? D’fhiosraigh mé féin an scéal sin ábhar seachtainí ó shin, agus chuir sé iontas orm a fháil amach gur mó a ionsaíonn páirtnéirí leispiacha a chéile, ná a ionsaíonn homaighnéasaigh fhireanna a chéile. D’inis beirt saineolaithe domsa blianta ó shin, síciatraí agus síceolaí, gurbh amhlaidh a rinneadh ionsaí mígheanasach homaighnéasach, agus iad óg, ar fhormhór na homaighnéasach a mbíonn siad féin ag cur comhairle orthu. Bhí tráth ann a deirtí a mhalairt –– gur beag iarmhairt a bhíonn ar ionsaí mígheanasach homaighnéasach a dhéantar ar dhuine, agus é/í óg.

    Blianta ó shin bhíodh argóintí agamsa le cairde dom, nach raibh ag aontú liom ar na cúrsaí seo.
    Chuir sé ard–iontas orm a fháil amach, de réir a chéile, i gcás cuid de na cairde sin go bhfuil athrú aigne tagtha orthu. D’inis duine acu dom gur cuma leis sa Diabhal dóite cad a bhíonn homaighnéasaigh a dhéanamh le chéile go príobháideach, ach go bhfuil sé faighte bréan bailithe den bhulaíocht ag a gcuid seo eagraíochtaí ar an bpobal mór. Áitíonn an fear seo go bhfuil an tsaoirse chainte múchta ag na heagraíochtaí úd, agus deireadh curtha acu le cead taighde ag lucht ollscoile. Fear eile, tá sé iompaithe glan i gcoinne leagan amach lucht LADTA, agus is báúla i bhfad anois é leis an gcreideamh Caitliceach ná a bhíodh sé, ainneoin go raibh tráth ann nach gcuirfeadh sé as dó diamhasla gránna a scaoileadh amach as a bhéal.

    Ní rás go deo é. Ainneoin an réim aoise 25 go dtí 34 de bhlianta a bheith ar an réim aoise is lú meas sa Phoblacht ar an gcreideamh Caitliceach, 40% den réim aoise 18 go dtí 24 de bhlianta, tá an–mheas acu ar an gcreideamh sin, agus ar an Aifreann Laidine, abair. Ní in Éirinn amháin atá sé sin ag tarlú, ach i Sasana, sa Fhrainc, san Iodáil, agus sna Stáit Aontaithe, de réir mar a thuigim. ‘Soir gach siar faoi dheireadh thiar,’ mar a deireadh m’athairse, beannacht Dé lena anam. Le cúnamh Dé, leanfaidh na hógánaigh seo den chreideamh nuair a fhágfaidh siad cothrom breithe 25 ina ndiaidh. D’aithin T. S. Eliot, an file mór Angla–Mheiriceánach go dtagann athrú meoin ar na hógánaigh a leanann orthu ag scríobh filíochta, as sin amach.