Ní áireofar ‘Cry Macho’ mar mhórshaothar ach is deas Eastwood a fheiscint i mbun a cheirde

Aisteoir is stiúrthóir é Clint Eastwood atá sa Táin. Is féidir a ghaiscí scannánaíochta a roinnt ina dhá gcuid. Áireofar saol scannánaíochta a óige lena róil mar fhrithlaoch i scannáin bhuachaillí bó Sergio Leone agus sa chnuasach Dirty Harry. Cé go mbíodh sé ag dul taobh thiar den cheamara go rialta ós na seachtóidí ba […]

Ní áireofar ‘Cry Macho’ mar mhórshaothar ach is deas Eastwood a fheiscint i mbun a cheirde

An é seo buille scoir Clint na gaisce? Tá Clint Eastwood nócha a haon bliain d’aois agus scannán eile fós ag teacht uaidh

Cry Macho
Stiúrthóir: Clint Eastwood
Cliar: Clint Eastwood, Eduardo Minett

Aisteoir is stiúrthóir é Clint Eastwood atá sa Táin. Is féidir a ghaiscí scannánaíochta a roinnt ina dhá gcuid. Áireofar saol scannánaíochta a óige lena róil mar fhrithlaoch i scannáin bhuachaillí bó Sergio Leone agus sa chnuasach Dirty Harry. Cé go mbíodh sé ag dul taobh thiar den cheamara go rialta ós na seachtóidí ba é Unforgiven (1992), scannán a dtug sé fé mar aisteoir is stiúrthóir nuair a bhí na trí fichid slánaithe aige, a léirigh go raibh stiúrthóir sainiúil tagtha ar an bhfód.

Chuir sin an dara tréimhse dá shaol scannánaíochta sa tsiúl; tréimhse ina mbainfeadh sé cáil mhór amach mar stiúrthóir ar shaothair thathagacha, shuntasacha. É ag aisteoireacht leis i gcónaí; an loinnir chantail ina shúile agus is é ag drantán leis ach carachtair níos téagartha idir lámha aige. Is saothair chumasacha ar leith iad American Sniper (2014), Letters from Iwo Jima (2006), Million Dollar Baby (2004) agus Mystic River (2003). Ó Unforgiven i leith tá ceithre dhuais Oscar gnóthaithe, duais oinigh agus seacht n-ainmniúchán eile. Tháinig a bhformhór mór acu sin ina threo agus é deich mbliana le cois na trí scór.

Tá sé nócha a haon bliain d’aois anois agus scannán eile fós ag teacht uaidh.  Tá sé go hiontach an seanfhondúir a fheiscint i mbun a cheirde i gcónaí cé gur léir, ní nach ionadh, go bhfuil sé lagaithe ábhairín.

Tá eachtraí an scannáin lonnaithe in Texas agus Meicsiceo na bliana 1979. Réalt róidió ba ea Mike Milo (Eastwood) tráth dá raibh ach tá a ré thart le blianta. Cailleadh a bhean is a pháistí go tubaisteach agus is cuma ann nó as anois é. Lá de na laethanta tugann a fhostóir gránna an bóthar dó. Bliain ina dhiaidh sin, áfach tagann sé an tigh chuige agus iarrann sé gar air; imeacht go Meicsiceo lena bhuachaill óg, Rafo (Minett), a sciobadh óna iarleannán.

Imíonn Mike leis ó dheas agus tagann sé ar an mac agus vae leo ansin ar thuras bóthair. Tá siad ag fálróid sa chairt agus an scéal ag fálróid leo. Ní nach ionadh fásann caidreamh eatarthu agus is geall le carachtar ann féin é an coileach comhraic, Macho. Taibhsíodh dom ar uairibh gur saothar cumainn do shimplíocht shaol mhuintir tuaithe Mheicsiceo atá anseo.

Tá cuid den na radharcanna agus an comhrá tútach agus liobarnach. Thosaigh rudaí ag imeacht sa bhfraoch i dtreo an deiridh amhail is nach raibh a fhios ag an scéal cá raibh sé ag iarraidh a dhul.

Go minic tá Rafo ródheisbhéalach, róshocair, rómhachnamhach do dhuine atá gafa tríd an oiread sin. Déanann Minett a dhícheall leis an ról agus cruthaíonn sé carachtar a bhfuil bá éigin againn leis. Déantar iarracht sa saothar a chur abhaile orainn go bhfuil Mike beagán sa bhreis ar na trí scór ach ní éiríonn le Clint an t-aos sin a chur in iúl. Dá bharr sin tá rian na háiféise ar na míreanna rómánsúla is na spallaíochta. Ina dhiaidh sin féin tá Clint breá in ann i gcónaí an carúl a chaitheamh uaidh go cantalach.

Ní áireofar Cry Macho mar mhórshaothar ach is deas i gcónaí an seanfhondúir Eastwood a fheiscint i mbun a cheirde.

Fág freagra ar 'Ní áireofar ‘Cry Macho’ mar mhórshaothar ach is deas Eastwood a fheiscint i mbun a cheirde'