‘Never have so few done so much damage to so many’ –  ionsaí déanta ag Phil Hogan ar Boris Johnson

Leas a pháirtí féin i bpolaitíocht na Breataine atá á chur chun cinn ag Boris Johnson seachas leas na Ríochta Aontaithe, dar leis an gCoimisinéir Eorpach Phil Hogan

‘Never have so few done so much damage to so many’ –  ionsaí déanta ag Phil Hogan ar Boris Johnson

Boris Johnson agus Phil Hogan. Pictiúr: RollingNews.ie

Príomh-Aire ‘neamhthofa’ é Boris Johnson atá ag ‘dul sa seans’ maidir leis an bpróiseas síochána, a dúirt an Coimisinéir Eorpach, Phil Hogan in óráid a thug sé inniu ag ócáid i gcontae Lú.

In ionsaí fíochmhar ar Phríomh-Aire na Breataine, dúirt ionadaí na hÉireann sa Choimisiún Eorpach gur Príomh-Aire a bhí ‘tofa go daonlathach’ a d’aontaigh go mbeadh an cúlstop ina chuid den mhargadh imeachta. Mheabhraigh sé freisin gur vótáil Boris Johnson ar son an chomhaontaithe maidir le haistarraingt na Breataine ón Aontas Eorpach i bParlaimint Westminster agus go raibh an cúlstop mar chuid den chonradh sin. 

Dúirt an Coimisinéir Hogan go raibh ‘atmaisféar bréan’ á chothú ag an bhagairt faoin mBreatimeacht crua agus gur lú an seans dá bharr go ndéanfaí margadh trádála idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach amach anseo.

Chuir Hogan i leith Johnson go raibh leas a pháirtí féin i bpolaitíocht na Breataine á chur chun cinn aige seachas leas na tíre sin. Mhaígh sé go raibh ‘scothfhoireann’ d’airí Rialtais a bhí ar son an Bhreatimeachta roghnaithe ag an bPríomh-Aire mar bhaill dá chomhaireacht agus dúirt gurbh iad pobal na Ríochta Aontaithe féin is mó a beadh thíos le Breatimeacht crua.

Mhaígh Phil Hogan nach ngéillfeadh an Eoraip don bhrú ó Rialtas na Breataine go gcuirfí ar ceal an cúlstop.  Dúirt an Coimisinéir, a bhí ina Aire Sinsearach i rialtas Enda Kenny sular ceapadh é mar Choimisinéir Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh, nach raibh aon rogha eile seachas an cúlstop molta ag an bPríomh-Aire Johnson ina litir chuig an Aontas Eorpach Luan na seachtaine seo. 

 “Caithfidh an Bhreatain freagracht a ghlacadh as na roghanna atá le déanamh aici sula mbeidh sé rómhall,” a dúirt sé.

Dúirt Hogan gurbh é Winston Churchill a bhí mar laoch ag Boris Johnson agus gur cosúil gur mheas an Príomh-Aire reatha gur ‘Churchill’  nua-aimseartha a bhí ann féin.  Agus é ag tagairt don Bhreatimeacht, chuir an Coimisinéir Phil Hogan casadh i ráiteas cáiliúil de chuid Churchill.  ‘Never have so few done so much damage to so many,’ arsa Hogan.

Dúirt sé freisin gur ‘drochpholaitíocht’ a bhí ann dul sa seans leis an tsíocháin agus le Comhaontú Aoine an Chéasta. Mhaígh sé go raibh Boris Johnson i mbun stocaireachta do thoghchán ó bhí mí Iúil ann agus gur fhág sin ‘drochbhunús’ lena chuid idirbheartaíochta leis an Eoraip.

Bhí Phil Hogan ag caint ag Scoil Samhraidh Thomas D’Arcy McGee i gCairlinn i gcontae Lú inniu.

Fág freagra ar '‘Never have so few done so much damage to so many’ –  ionsaí déanta ag Phil Hogan ar Boris Johnson'

  • MacAnRí

    An rud is annamh is iontach…aontaím le Phil Hogan… ráite fíochmhar go deimhin ag Hogan ach cruinn fosta…mas maith is mithid…

  • An Teanga Bheo

    Is minic go dtagann an fhirinne chun cinn ar deireadh ?