‘Neartaíonn tuarascáil an Fhorais an cás d’Acht na Gaeilge’ – Ní Chuilín

Chuir an tAire Cultúir ó thuaidh agus Aire na Gaeltachta ó dheas fáilte inniu roimh thuarascáil an ESRI faoi dhearcadh mhuintir na hÉireann i leith na Gaeilge

Carál_Ní_Chuilín_cropped

Tá fáilte curtha ag an Aire Cultúir, Ealaíona agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín (SF), roimh an bhfianaise sa tuarascáil a rinne an ESRI d’Fhoras na Gaeilge go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil dearcadh dearfach i leith na teanga acu. Dúirt an tAIre Ní Chuilín go gcuireann an taighde leis an gcás d’Acht Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

“Cuireann sé áthas orm a fheiceáil go bhfuil daoine áitiúla ag iarraidh an teanga a fhoghlaim le teann grá. Is linn ar fad í an Ghaeilge. Cuireann sé go mór lenár gcultúr áitiúil go bhfuil níos mó daoine á dtumadh féin inti.

“Creidim go neartaíonn an fhianaise seo an cás d’Acht Gaeilge,” a dúirt an tAire Ní Chuilín.

Chuir a leathbhádóir ó dheas, Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh, fáilte chomh maith roimh thorthaí na tuarascála.

“Cuirimse fáilte roimh an tuarascáil chuimsitheach seo agus go mór mór roimh na torthaí suntasacha atá le sonrú inti maidir le dearcadh dearfach an phobail i leith na Gaeilge.

Tá taighde den chineál seo fíorthábhachtach mar bhonn eolaíoch do phleanáil polasaithe agus do thionscnamh gníomhaíochtaí a rachaidh chun sochair don Ghaeilge.

“Is údar misnigh é an taighde seo agus cuirfidh sé  dlús faoin obair atá ar siúl againn cheana i ndáil le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010- 2030, go háirithe sna réimsí tábhachtacha atá aitheanta sa tuarascáil,  is iad sin an córas oideachais, saol an teaghlaigh agus saol an phobail.”

Dúirt an tAire Stáit freisin go raibh sé ag súil go mór le plé a dhéanamh ar thorthaí agus ar thátal an taighde le Foras na Gaeilge agus leis an Aire Carál Ní Chuilín.

De réir na tuarascála nua, a choimisiúnaigh an Foras, thug 45% de na daoine i dTuaisceart Éireann le fios go bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge.

Dúirt 17% de lucht na bhfreagraí go raibh líofacht éigin sa Ghaeilge acu agus chreid 33% de na rannpháirithe go gcuirfí féiniúlacht na hÉireann ar ceal in éagmais na Gaeilge.

Dúirt an tAire Ní Chuilín gur léiriú a bhí sa tuarascáil go bhfuil an Ghaeilge glactha chucu féin ag muintir na hÉireann ar fud an oileáin.

“Tá níos mó daoine sa tuaisceart ag cur spéise sa teanga, tá líon na ndaoine líofa dulta i méid; tá níos mó daoine ag foghlaim na Gaeilge agus ag iarraidh go bhfoghlaimeodh a gclann an Ghaeilge. Cruthaíonn an spéis atá sa chlár Líofa go bhfuil an teanga ag fás go leanúnach agus os cionn 13,000 cláraithe leis anois,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Neartaíonn tuarascáil an Fhorais an cás d’Acht na Gaeilge’ – Ní Chuilín'