Neart le foghlaim ag foireann na hÉireann ó Chorn Domhanda na mBan

Tugann dul chun cinn Iamáice agus foirne eile ag Corn Domhanda na mBan treoir d’Éirinn agus ré nua le teacht

Neart le foghlaim ag foireann na hÉireann ó Chorn Domhanda na mBan

Ba dheas a bheith i mBaile Átha Cliath tráthnóna Déardaoin seo caite chun fáilte abhaile a chur roimh fhoireann na hÉireann agus iad ag filleadh ó Chorn Domhanda na mBan.

Údar díomá é go fóill nár éirigh níos fearr linn agus nach bhfuil muid ag fáil réidh do chluiche eile sa chomórtas ach bhí sé deas agus tábhachtach freisin go bhfuair na cailíní blaiseadh den tacaíocht mhór atá acu anseo sa bhaile tar éis dóibh a bheith gafa ina ndomhan beag féin ar an taobh eile den chruinne le mí anuas.

Bhí Vera Pauw thuas ar stáitse agus í ag gabháil buíochais leis an lucht tacaíochta. Agus a conradh leis an FAI ag teacht chun críche an mhí seo, níor thug caint Pauw le fios go bhfuil sí réidh le slán a fhágáil le hÉirinn ach bheadh iontas orm dá mbeadh sí fós ina bainisteoir ar an bhfoireann nuair a thosaíonn na cluichí i Sraith na Náisiún an mhí seo chugainn.

Tá moladh mór tuillte ag Pauw as an obair atá déanta aici leis an bhfoireann le ceithre bliana anuas ach sílim go bhfuil sé in am tús a chur le ré nua agus is léir go gceapann na himreoirí an rud céanna. Cuireadh an cheist arís agus arís eile ar imreoirí le cúpla seachtain anuas an rabhadar ag iarraidh go bhfanfadh Pauw sa phost agus cé gur dhúirt siad uile nár bhain an scéal leo, dhiúltaigh siad freisin don deis le tacaíocht a léiriú don bhainisteoir.

É sin ráite, sílim go ndeachaigh daoine beagáinín thar fóir leis an chonspóid idir Pauw agus Katie McCabe. D’fhéadfadh an bheirt acu déileáil níos fearr leis an eachtra ach seans go rabhadar beagáinín cantalach freisin tar éis dóibh féin agus na himreoirí uile breis is 50 lá a chaitheamh sáinnithe le chéile i gcampa agus iad faoi bhrú mór.

Is léir go bhfuil muinín na n-imreoirí caillte ag Pauw, áfach agus caithfidh an FAI an t-athbhreithniú cuimsitheach seo atá beartaithe acu ar an fheachtas san Astráil a chur i gcrích chomh luath agus is féidir agus cinneadh a ghlacadh.

Tá roinnt daoine á moladh cheana féin, Colin Bell (a bhí i gceannas ar an bhfoireann roimh Pauw), Eileen Gleeson agus Tom Elmes ina measc. Ainm aitheanta eile atá luaite ná Phil Neville, a bhí i gceannas ar mhná Shasana cúpla bliain ó shin.

Pé bainisteoir a bheidh ann do na cluichí an mhí seo chugainn, beidh go leor daoine ag súil nach gcloífear leis an stíl imeartha chosantach a bhí in úsáid ag Pauw le tamall anuas.

Chonaic muid an tionchar a bhí ag Denise O’Sullivan ar an chluiche in aghaidh na Nigéire ag tús na seachtaine nuair a imríodh í níos faide suas an pháirc agus ba mhaith liom é sin a fheiceáil níos minice amach anseo. Is chun leasa na foirne a imríodh O’Sullivan níos faide siar sa chéad dhá chluiche ag an Chorn Domhanda ach bíonn tionchar níos mó aici ar an imirt nuair a thugtar níos mó saoirse di.

Caithfear a bheith cúramach le haon athruithe a dhéantar, áfach. Tá gach duine ag iarraidh stíl dheas pheile a fheiceáil ach ní bhainfimid cumas na Spáinne nó na Seapáine amach thar oíche. B’fhearr díriú ar na láidreachtaí atá againn agus forbairt a dhéanamh beagán ar bheagán.

Níl ort ach féachaint ar na cluichí san Astráil agus sa Nua-Shéalainn chun dea-shampla a fháil. Níor scóráil Iamáice ach cúl amháin i mbabhta na ngrúpaí – ó chic cúinne – ach bhain siad áit amach sa chéad bhabhta eile agus gan cúl ar bith géillte acu sna trí chluiche. Is mór an dul chun cinn atá déanta acu ó 2019 nuair a d’imir an fhoireann i gCorn Domhanda den chéad uair agus 12 cúl á scaoileadh isteach acu i dtrí chluiche.

Bhain an Eilvéis áit amach i mBabhta an 16 freisin a bhuíochas do chosaint láidir, gan ach dhá chúl scóráilte sna trí chluiche. B’fhiú a aithint, áfach, nach raibh grúpaí na bhfoirne sin chomh deacair agus a bhí ceann na hÉireann.

Chonaiceamar torthaí dochreidte sa chomórtas go dtí seo agus slán fágtha againn le cuid de na boic mhóra cheana féin. Tá Ceanada, an Bhrasaíl, an Iodáil agus, cé a chreidfeadh é, an Ghearmáin, uile imithe abhaile cheana féin tar éis babhta dochreidte na ngrúpaí.

Coinneoidh muid in Éirinn súil ghéar ar an chluiche Dé Luain idir an Nigéir agus Sasana, cluiche a raibh muid féin ag iarraidh a bheith ag imirt ann, ach is é an ceann is mó a bhfuil mise ag súil leis ná an ceann idir an tSualainn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is iadsan péire de na tíortha is mó i sacar na mban ach beidh boc mór amháin acu ar an eitleán abhaile i ndiaidh an chluiche sin.

Fág freagra ar 'Neart le foghlaim ag foireann na hÉireann ó Chorn Domhanda na mBan'