Neart le foghlaim ag Féile na Meán Ceilteach i nGaeltacht na hAlban

B’álainn an rud an manglam teangacha agus canúintí a bhí le cloisteáil i gcaitheamh na seachtaine ag ag Féile na Meán Ceilteach

Neart le foghlaim ag Féile na Meán Ceilteach i nGaeltacht na hAlban

Ag dinnéar ceiliúrtha Fhéile na Meán Ceilteach, meabhraíodh don dream a d’fhreastail ar an bhféile cuid de na hathruithe móra a tharla ar fud an domhain le dhá scór bliain anuas, titim Bhalla Bheirlín ina measc. “The Celtic Media Festival changed all that!” a mhaígh Sanjeev Kohli (BBC) go magúil ón ardán.

B’fhéidir nach fíor é sin, ach is éacht nach beag é a bheith ábalta ceathracha bliain ar an bhfód a chomóradh, agus is iomaí cúis cheiliúrtha atá ag Féile na Meán Ceilteach, más aon chomhartha í comhdháil na bliana seo, a reáchtáladh san Aghaidh Mhór, i nGáidhealtachd na hAlban.

Tugann an fhéile aitheantas do na meáin agus do chraoltóirí Ceilteacha ar fud an domhain i dtrí chatagóir is fichead, ina measc na healaíona, greann, cúrsaí reatha, drámaíocht, faisnéis, spóirt agus raidió. Bhí os cionn 30 ainmniúchán as Éirinn ar ghearrliosta na bliana seo, agus bhí 14 ainmniúchán ag na meáin chraolta Ghaeilge.

Ainmníodh Bláthnaid Libh i rannóg na gClár Irise Raidió, agus bhí Raidió na Life agus Raidió na Gaeltachta san iomaíocht do Stáisiún Raidió na Bliana. I measc na saothar Gaeilge eile a bhí ainmnithe, bhí na cláir faisnéise, Iomramh an Chamino agus Anseo i Lár an Ghleanna. Ba é Lomax in Éirinn le Declan McGrath an t-aon saothar Gaeilge a bhain duais,  ach is aitheantas iad na hainmniúcháin féin do chuid de na saothair ab fhearr a rinneadh in Éirinn le bliain anuas.

Chomh maith leis na searmanais bhronnta, reáchtáladh ceardlanna agus seisiúin eolais faoi réimse leathan ábhar, ó dheiseanna maoinithe go ról na bpodchraoltaí sna meáin ar líne.  Seisiúin ar fiú iad a lua – Scil na Sceitsí le Marie MacDonald, Jacqueline Sinclair agus Michael Hines; cur i láthair faoin scannán faisnéise Young Plato, bunaithe ar scéal Scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste; agus agallamh le bunaitheoir Maximum Media, Niall McGarry.

Chuir lucht na sceitsí an scil a bhaineann le scríbhneoireacht ghrinn i láthair ar bhealach simplí sothuigthe agus léirigh siad cuid dá saothar féin, a bhí casta agus an-ghreannmhar.

Bhí neart ábhar machnaimh sa mhéid a bhí le rá ag Niall McGarry as Maigh Eo, atá ina cheannasaí ar an gcomhlacht a sholáthraíonn leithéidí JOE agus HER.ie. Labhair sé ar thodhchaí na meán sa ré dhigiteach, agus ar an dearcadh go bhfuil neamhord easnamh airde ag cur as do ghlúin óg an lae inniu – “that’s a slur on that generation”, a dúirt sé.

Creideann sé féin nach líonann an fón cliste ach pócaí beaga ama den lá, go bhfuil am agus ardán ann don bhlúirín 30 soicind chomh maith céanna leis an gclár 30 nóiméad agus gur gá do na meáin thraidisiúnta a aithint nach ‘meáin dhigiteacha’ atá i gceist ach scaipeadh digiteach ar na meáin.

Easpa amháin a bhí le brath ar an bhféile ná an neamhaird a rinneadh ar na meáin chlóite nó scríofa agus ar iriseoirí ar scríbhneoirí seachas craoltóirí iad.  Tá éagsúlacht agus ardchaighdeán ag baint leis an réimse sin den iriseoireacht in Éirinn agus i dtíortha eile, ach níorbh ann rannóg don mheán.  Ní easpa scríbhneoirí an chúis leis sin, más aon chomhartha an dá alt Gaeilge a foilsíodh ar líne ó chríochnaigh an fhéile.

Ba í seo an chéad uair dom freastal ar Fhéile na Meán Ceilteach, agus ba spreagúil í mar ócáid.  B’álainn an rud an manglam teangacha agus canúintí a bhí le cloisteáil i gcaitheamh na seachtaine.  Meabhrú deas a bhí inti gur cuid de phobal an domhain muid – pobal atá fuinniúil, spreagtha agus spreagúil agus go bhfuil fréamhacha agus ceangail eadrainn atá i bhfad níos sine ná Gaeltacht agus Gaeil an oileáin seo.

Cuireadh i gcuimhne dom freisin go bhfuil an t-ádh linn in Éirinn, ó thaobh na meán Gaeilge go speisialta, go gcuireann daoine cumasacha léiriúcháin chruthaitheacha ar ardchaighdeán idirnáisiúnta ar fáil dúinn inár dteanga dhúchais féin.

Ba léir an ról ceannródaíoch atá ag TG4 san obair seo, ról atá daingnithe sa lorg atá fágtha ag Pádhraic Ó Ciardha, a bhí ina Chathaoirleach ar Bhord na Féile le cúig bliana anuas, ar Fhéile na Meán Ceilteach, agus ag ceapachán Alan Esslemont, Ardstiúrthóir reatha TG4, mar chomharba air.

Reáchtálfar Féile na Meán Ceilteach 2020 i Quimper na Briotáine, agus beimid ag súil le tionchar Alan Esslemont a fheiceáil ar an bhféile sin. Beimid ag súil chomh maith gur i neart a rachaidh na meáin Ghaeilge agus Cheilteacha de bharr na nascanna a cothaíodh ag féile spreagúil na bliana seo.

Fág freagra ar 'Neart le foghlaim ag Féile na Meán Ceilteach i nGaeltacht na hAlban'