Neamhchúram an stáit an rud is scanrúla faoi scéal na leanaí tréigthe

Mar a bhí riamh agus atá fós bochtanas, easpa cúraim, agus easpa measa agus stádais a fhágann gur i measc daoine bochta is airde a bhíonn an ráta báis

Neamhchúram an stáit an rud is scanrúla faoi scéal na leanaí tréigthe

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

‘Deviant, contaminating women’ an dearcadh a deir an staraí an Dr Mary McAuliffe a bhí sa tír seo ar mhná neamhphósta a bhí ag súil le páistí nó ag cur na bhfear ‘i gcathú’.

Bhí na mná seo damnaithe ag cléir, stát is teaghlach.

Rinneadh iarracht ar Prime Time ar RTÉ Déardaoin solas éigin a chaitheamh ar an mbail a cuireadh ar na daoine seo. Bhásaigh 1,000 páiste as 5,252 páiste ar fad a rugadh i Sean Ross Abbey i Ros Cré, 95% díobh sula raibh siad bliain ar an saol, agus níl ar an taifead oifigiúil ach 269 bás acu sin. Níl aon ‘local or institutional memory’ ar na saoránaigh óga seo, ní fios cár cuireadh iad nó céard a mharaigh iad.

Líne amháin i leabhar na dtaifead a thuill na gasúir seo ar a saolú, bhí páipéar gann.

Agus í ag caint ar Prime Time, dúirt Trina Mulryan, nach bhfuil tásc ná tuairisc le fáil ar a haintín a bhí i dTuaim, go gcaithfí coistí cróinéara a chur ar na mairbh ar fad agus nach sásódh aon rud eile a dteaghlaigh, mar nach fiú tada na teastais bháis gan teastas dochtúra.

Mar a bhí riamh agus atá fós bochtanas, easpa cúraim, agus easpa measa agus stádais a fhágann gur i measc daoine bochta is airde a bhíonn an ráta báis.

Sna 1950idí bhí a cheithre oiread seans ann nach mairfeadh páistín i dteaghlach bocht go mbeadh sé ceithre bliana d’aois agus páiste a raibh pingineacha ag a mhuintir.

Sna 1970idí bhí ráta báis pháistí an lucht taistil cúig uaire níos airde ná páistí an lucht suite agus meastar go raibh sé 10 n-uaire níos airde sna hárais do mháithreacha díbeartha agus dá bpáistí. Go deimhin d’airigh mé saineolaí amháin ag rá le gairid gurbh iad rátaí an ochtú céad déag a bhí i réim in Áras Thuama do pháistí faoi dhá mhí dhéag.

I measc na siocracha báis a luaitear ar an taifead fánach bhí: eitinn, miningíteas, tochtán, gaistríteas, triuch, bruitíneach, diftéire agus míchumas ó bhroinn. Is beag dabht ach an oiread ach gur mharaigh fliú, slaghdán agus buinneach a lán eile mar gur galair iad seo uilig atá tógálach agus áit ar bith a raibh páistí istigh i mullach a chéile, scaipfeadh ráigeanna d’aon ghalar an-sciobtha.

Faraor bhí cleachtadh rómhaith ag na boicht ar an mbás.

Neamhchúram an stáit an rud is scanrúla faoin scéal seo uilig. I 1955 thug rúnaí na Roinne Oideachais cuairt oifigiúil ar an scoil cheartúcháin sa Daingean i gcontae Uíbh Fhailí agus dúirt sé ina thuairisc gur ‘fearr an bheatha a bhí á fáil ag na beithígh ná ag na buachaillí’ agus fágadh mar sin an scéal, is léir.

Sa lá atá inniu ann is fiú breathnú ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Ba leo an tÁras Máithreacha agus Naíonáin i dTuaim, ba iad a bhí freagrach as an áit a chothabháil, íoc as cónraí na marbh agus fiú bhíodh cruinnithe oifigiúla acu san áit. Ach nuair a chuir an Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán tuairiscí teicniúla agus dréacht-tuarascáil chucu anuraidh agus arú anuraidh ag lorg freagraí, níor bacadh lena bhfreagairt.

29 bean rialta atá in Ord Chroíthe Rónaofa Íosa agus Mhuire in Éirinn anois agus iad ar fad idir 70 agus 90 bliain d’aois agus a saol caite acu thar sáile ar na misin. 93 bean rialta atá fágtha in Éirinn san ord Bon Secours, a bhformhór os cionn 70 bliain agus gan ach duine amháin acu a chaith seal ar bith i dTuaim.

Is mairg a bheadh ag súil le heolas.

Ón státchóras a chaithfear na freagraí a fháil. Ar adhlacadh na páistí? Cár adhlacadh iad? Ar ceadaíodh pasanna do pháistí?

Ar cuireadh páistí ar eitleáin gan cead a máthar? Ar díoladh páistí thar lear nó le hospidéil taighde? Ar ceadaíodh turgnaimh eolaíochta is leighis orthu? Ar cuireadh faoi ndear do mháithreacha a d’fhág a bpáistí in árais stáit íoc as a gcúram cé nach raibh aon smacht acu ar an gcúram sin?

Cá bhfuil na cáipéisí oifigiúla faoi na saoránaigh seo?

Ní raibh na freagraí sin ag Prime Time agus ní raibh na freagraí sin ag an gCoimisiún Imscrúdúcháin, ach freagraí iad a theastaíonn go géar i gcónaí.

Fág freagra ar 'Neamhchúram an stáit an rud is scanrúla faoi scéal na leanaí tréigthe'

  • Mairéad

    Is beag atá athraithe. Tá glún óg gan dídean in a gcónaí i seomraí i dtithe aíochta agus óstáin gan áis cócaireachta acu ach iad ag braith ar eagraíochtaí carthanachta agus beidh fadhbanna siceolaíochta acu.