Neamhaird an rialtais ar sheanriail pholaitiúil – seachain go ndéanfá éagóir ar altraí

Seachtain ó shin, mar sin, ba é seasamh an rialtais nach mbeadh íocaíocht le fáil go ceann deich mí…

Neamhaird an rialtais ar sheanriail pholaitiúil – seachain go ndéanfá éagóir ar altraí

Ghéill an rialtas faoi dheireadh do na haltraí faoi oiliúint Déardaoin, tar éis dóibh an fód a sheasamh ina gcoinne ar feadh coicíse. Ní athrú intinne ach athbhreithniúa dfhógair an tAire Sláinte sa Dáil Déardaoin, ach bionann é agus géilleadh.

Deich lá ó shin, vótáil Teachtaí Dála an rialtais in aghaidh rúin a mhol Dlúthpháirtíocht/Pobal

Roimh Bhrabach a dúirt gur chóir íocaíocht a thabhairt do gach altra faoi oiliúint. Ba threise a gcás dar leis an bpáirtí mar gheall ar an obair bhreise a bhí á déanamh acu ó leath an víreas corónach isteach sna hospidéil.

Dúirt an Taoiseach agus an Tánaiste nár chóir go mbeadh obair dá leithéid á déanamh in aon chor ag altraí faoi oiliúint. Diarr siad go gcuirfí fianaise chucu, gheall siad go bhfiosrófaí gearáin ach níor cheil siad a n-amhras.

Thug Micheál Martin le fios nach raibh aon eolas ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go rabhthas ag iarraidh ar dhaoine obair gan chúiteamh a dhéanamh. Thug sé féin agus Leo Varadkar le fios chomh maith nár iarradh ar dhaoine a bhí sa chéad bhliain faoi oiliúint aire a thabhairt dothair a raibh an víreas corónach orthu, agus nár chóir go n-iarrfaí.

Bionann sin agus a rá, ainneoin na paindéime, ainneoin an brú as cuimse a bhí ar na hospidéil agus ainneoin na céadta altra a bheith as láthair tar éis dóibh an víreas a tholgadh nó tar éis teagmháil a dhéanamh le daoine a bhí ionfhabhtaithe, nach raibh cabhair na n-altraí faoi oiliúint riachtanach. Nó má bhí, is i ngan fhios don Taoiseach a bhíodar i mbun oibre. Dar leis go ndúirt bainisteoirí na n-ospidéal leis an Roinn Sláinte nach raibh na mic léinn ag obair.

Bhí scéal éagsúil á inseacht ag urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane agus ag Teachtaí Dála eile sa bhfreasúra. Léadar sleachta os ard as ríomhphoist a chuir altraí óga faoi oiliúint chucu. Leithéid an ríomhphoist, mar shampla, a chuir altra faoi oiliúint sa chéad bhliain chuig Richard Boyd Barrett ó Dhlúthpháirtíocht/Pobal Roimh Bhrabach inar dúradh :

In the last week I have had to wash, feed, lift and dress Covid-positive patients unsupervised.”

Tá tuairiscí dá leithéid, a shéan an rialtas ar feadh tamaill, á bhfiosrú anois ag an Roinn Sláinte. Is soiléire an t-athrú a tháinig ar sheasamh an rialtais maidir le cúrsaí airgid. Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly deich lá ó shin go raibh liúntais á n-athbhreithniú, go mbeadh moltaí ar fáil san athbhliain agus go gcuirfí i bhfeidhm iad i Meán Fómhair 2021.

In imeacht seachtaine, dimigh sin agus tháinig seo. Dfhógair Stephen Donnelly sa Dáil Déardaoin go raibh athbhreithniú gairid eile ar liúntais na n-altraí faoi oiliúint á phlé aige leis na ceardchumainn, go mbeadh moltaí ar fáil faoi dheireadh na míosa seo, agus go raibh súil aige go gcuirfí i bhfeidhm iad an mhí seo chugainn.

Seachtain ó shin, mar sin, ba é seasamh an rialtais nach mbeadh íocaíocht le fáil go ceann deich mí. Anois, tá sé beartaithe liúntais bhreise a íoc le haltraí faoi oiliúint, idir an chéad agus an tríú bliain, an mhí seo chugainn.

Ní haon iontas gur chuir cúlbhinseoirí Fhianna Fáil agus Fhine Gael a míshástacht in iúl le linn chruinnithe an dá pháirtí a tionóladh ar an gCéadaoin sular fhógair Donnelly athrú intinne – nó mar a thug sé air, ‘athbhreithniú’.

Bheadh údar le míshásamh na gcúlbhinseoirí fiú mura mbeadh aon ardú fógartha Dé Máirt ar thuarastail na mbreithiúna agus ar phinsin na státseirbhíseach sinsearach agus na n-iarThaoiseach.

Bhí dualgas ar an rialtas na harduithe sin a íoc, a dúirt an Taoiseach le David Cullinane, de réir reachtaíocht a ritheadh in 2017. Dúirt Cullinane leis go raibh drochmheas dochreidte á léiriú ar altraí faoi oiliúint. Bhí airgead breise á thairiscint do dhream amháin, agus íocaíocht á ceilt ar dhream eile.

Bhí go leor cúlbinseoirí rialtais ar aon tuairim leis más go príobháideach féin a nocht siad a dtuairim.

Bíonn a chuid féin den mhí-ádh ar gach duine, mar is eol do gach rialtas éidreorach.

Fág freagra ar 'Neamhaird an rialtais ar sheanriail pholaitiúil – seachain go ndéanfá éagóir ar altraí'