Naomh Conaill agus Béal Átha an Ghaorthaidh ag prapáil do chluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta

Bhuaigh Micheál Breathnach an chéad chorn ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2022 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an gCeathrú Rua i gCraobh Shóisir na mBan

Naomh Conaill agus Béal Átha an Ghaorthaidh ag prapáil do chluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta

Tabharfaidh Béal Átha an Ghaorthaidh Chorcaí Craobh Shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta leo den chéad uair riamh tráthnóna má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Naomh Conaill, a bhfuil a dtríú craobh ó 2015 á lorg acu.

Fuair na Conallaigh an ceann is fearr ar an bhfoireann bhaile, Naomh Anna, Leitir Móir i gcluiche conspóideach oíche Dé Domhnaigh. Dúirt na maoir chúil go raibh cic saor Charles McGuinness ag fíordheireadh gnáth-ama imithe ar fóraoil ach thug an réiteoir an scór do Naomh Conaill agus bhuaigh siad an cluiche le haon phointe amháin san am breise, 3-12 in aghaidh 2-14.

Rinne Naomh Anna an-mhaith teacht aniar a dhéanamh roimh dheireadh an 60 nóiméad ach bhí taithí agus gliceas na gConallach tábhachtach.

Bhí bua níos éasca ag Béal Átha an Ghaorthaidh a fuair an ceann is fearr ar churaidh 2019, An Ghaeltacht, ar scór 2-17 in aghaidh 0-11. Bhí fir Mhúscraí sé phointe chun tosaigh faoin am go bhfuair buachaillí Chorca Dhuibhne a gcéad scór agus d’fhan siad chun tosaigh ar feadh an ama. Bhí An Ghaeltacht ag brath rómhór ar Dhara Ó Sé chun scóranna a fháil agus cé go raibh Ben Seartan ina naoscaire ag Béal Átha – 1-7 a fuair sé – sa deireadh, bhí imreoirí eile ag na Corcaígh a bhí ábalta an t-ualach scórála a iompar.

Is ag 4pm a bheidh an cluiche ceannais idir Béal Átha an Ghaorthaidh agus Naomh Conaill agus é á chraoladh beo ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta.

Cill Chomáin as Maigh Eo agus Gaeil Fhanada as Dún na nGall a bheidh i gcluiche ceannais sóisir na bhfear tráthnóna (12pm).

Bhí bua drámatúil ag Cill Chomáin ar Chlann na nGael na Mí i gcluiche leathcheannais amháin. Scóráil Tomás Doyle dhá chúl do Chlann na nGael sa chéad leath agus cé gur chuir an fear céanna cic éirice amú théis an bhrisidh, bhí cuma na maitheasa ar Chlann na nGael agus iad cúig phointe chun tosaigh agus gan ach cúig nóiméad fágtha. Tháinig Cill Chomáin ar ais go láidir, áfach, agus chuaigh siad chun cinn ag an am ceart nuair a scóráil an lánchúlaí Breandán Ó Móráin cúl dóibh chun an cluiche a bhaint, 1-16 in aghaidh 3-7.

Bhí Gaeil Fhanada beagáinín róláidir do Phiarsaigh Chonamara sa chluiche leathcheannais eile. Ní raibh fir Dhún na nGall ach dhá phointe chun cinn théis 55 nóiméad, 0-8 in aghaidh 0-6, ach scóráil Séamus Mac Giolla Chearra cúl cinniúnach dóibh chun a chinntiú go mbeadh siad ar ais i gcluiche ceannais na sóisear, mar a bhí in 2018 nuair a chaill siad in aghaidh na nDúnaibh.

An fhoireann bhaile, Naomh Anna, agus Gleann Fhinne as Dún na nGall a bheidh i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir na mBan níos deireanaí (2pm). Bhí Naomh Anna i bhfad rómhaith do Chill Chomáin i gceann de na cluichí ceannais agus bua 2-17 in aghaidh 2-3 acu. Sarah Ní Loingsigh, ó chic éirice, agus Ríona Ní Fhlatharta a d’aimsigh na cúil agus bhí an bheirt sin, chomh maith le Mairéad Ní Loingsigh agus Clíona Ní Ghríofa ar fheabhas do mhná Cheantar na nOileán.

Bhí coimhlint i bhfad níos géire i gceist leis an gcluiche leathcheannais eile idir Ghleann Fhinne agus Bearna. Mná Dhún na nGall a thug an lá leo, 0-10 in aghaidh 0-9.

Bronnadh an chéad chorn den chomórtas Dé Domhnaigh. Micheál Breathnach a bhí ag ceiliúradh agus Craobh Shóisir na mBan buaite ag an gcumann. Bhí bua cumasach, 2-14 in aghaidh 2-4, ag na Breathnaigh ar an gCeathrú Rua. Is í Éabha Nic Dhonnacha a fuair na cúil do Mhicheál Breathnach agus sár-iarracht cheart a bhí sa dara ceann. Scóráil Amy Ní Thuathail deich bpointe.

Fág freagra ar 'Naomh Conaill agus Béal Átha an Ghaorthaidh ag prapáil do chluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta'