Naomh Benedict, an dianghlasáil agus an cór Zoom

An amhlaidh go bhfuil daoine níos fearr ná a chéile agus iad ag cur suas le cruatan an tsaoil?

Naomh Benedict, an dianghlasáil agus an cór Zoom

Nuair a fógraíodh an dianghlasáil tar éis na Nollag, dúirt an bhean áirithe seo léi féin, ‘Sé seachtainí? Beidh sé ar nós an charghais, ní tada é sin.’

Agus nuair a cuireadh fad léi, níor chuir sé isteach ná amach uirthi, ach an oiread. Bhí sí chomh cruógach leis an gcór, leis an tseirbhís líne chabhrach teileafóin, leis na ranganna oíche agus leis an iliomad imeachtaí eile, nár thug sí mórán suntais dó.

Bhí mé ag smaoineamh ar an mbean seo a bhfuil gaol agam léi, nuair a chuala mé go raibh fadhbanna leis an gcóras nua coraintín.

‘Quarantine mess’ a thug tuairisceoir nuachta teilifíse air an oíche cheana. ‘Caithfidh sé go bhfuil rud uafásach tite amach,’ arsa mise liom féin. ‘Tá súil agam nach bhfuil éinne gortaithe.’

Ba ghearr go bhfuair mé amach go raibh clann tagtha abhaile as an Astráil agus curtha isteach in óstán. Bhíodar thar a bheith míshásta i ngeall ar a laghad acmhainní agus fearaistí a bhí curtha ar fáil san óstán don chlann.

Bhí físeán gearr déanta ag an máthair ag léiriú an easpa spáis sna seomraí. Bheadh taithí ag na páistí seo ar linn snámha sa mbaile, ar spraoi amuigh faoin aer, ar chóisir lae breithe, a dúirt sí. Ní bheadh ar a cumas cáca breithlae a chur ar fáil don pháiste. Samhlaigh! Bhí caint ar mheabhairshláinte.

Shílfeá go raibh géarchéim nó a leithéid sa tír.

Ach chuir na casaoidí ag smaoineamh mé ar an mbean eile thuas. An amhlaidh go bhfuil daoine níos fearr ná a chéile agus iad ag cur suas le cruatan an tsaoil? An mbíonn cuid againn ag súil leis an iomarca ón saol, ón rialtas, ón tseirbhís sláinte, ó dhream ar bith a chuireann seirbhís ar fáil dúinn? 

Agus ansin leag mé súil ar chlár faisnéise ar bhealach BBC 4 faoi mhainistir agus na manaigh atá ina gcónaí ann. Bhí chuile dhuine acu chomh sona sásta lena saol, leis an gcomhluadar, leis an gcreideamh, leis an mbás fiú.

Anois tuigim nach sampla an-mhaith iad na manaigh – tá saol chomh simplí agus chomh hiomlán acu nach gcuirfeadh paindéim isteach ná amach orthu. Pé ar bith scéal é, ní bheadh aon duine acu ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar an ngruaigeadóir go luath. Agus déanann an dream seo a gcuid beorach féin, fiú.

Ach fós féin, chuir sé ag smaoineamh mé ar an saol in ord rialta. Sa séú haois a leag Naomh Benedict síos na ‘rialacha’ a bhain le hoird rialta san Iarthar.

Rudaí bunúsacha go maith a bhí sna rialacha – bheadh ar na manaigh maireachtáil le chéile faoi sceideal laethúil – guí, obair, léitheoireacht spioradálta agus sos.

Cé go bhfuil deireadh nach mór leis na hoird éagsúla mná rialta a bhí chomh láidir sin in Éirinn tráth, tá daoine ann fós ar cuireadh an ‘t-ullmhúchán’ oifigiúil orthu. Chuaigh mé chun cainte leis an mbean a luaigh mé thuas. 

Sna seascaidí deireanacha a chuaigh sí ‘isteach’ sa gclochar. Ón gcéad lá bhí na laethanta agus an saol pearsanta leagtha amach dóibh: éirí moch ar maidin, guí, Aifreann, staidéar, siúl, am caidrimh, codladh. 

Ní smaoineoidís go brách nach raibh tada le déanamh acu, toisc go gcaithfidís a bheith i mbun oibre i gcónaí.

Fiú amháin san oíche nuair a bheidís suite síos, chaithfeadh cniotáil nó a leithéid a bheith ar bun ag duine. Cuimhníonn sí go scaoileadh na seanmhná rialta an fháithim ar a gcuid sciortaí agus dhéanaidís iad a fhuáil arís chun nach mbeadh sé le rá fúthu go rabhadar díomhaoin.

“Rud eile de,” dúirt sí. “Cé nach Ord ‘Rinnfheithimh’ muid, ní raibh cead againn a bheith ag caint an t-am ar fad. Bhí saol ciúin, réidh, gan mórán struis againn.”

An raibh aon imní uirthi riamh nach mbeadh aon rud le déanamh agat? (Cúis mhór casaoide ag daoine na laethanta seo a laghad rudaí ‘suimiúla’ a bhíonn le déanamh acu. Tá ‘snáithín’ ar Twitter faoin sceideal leadránach a bhíonn ag daoine – bíonn go leor cainte faoi tharraingt amach is isteach na mboscaí bruscair.)

Rinne sí gáire beag. Chuir sí pictiúr chugam den leathanach sa bhféilire do mhí na Márta. Bhí sé pacáilte le himeachtaí, cúrsaí, glaonna zúm, clubanna leabhar agus clubanna amhránaíochta – agus go leor eile nárbh fhéidir a dhéanamh amach. Bhí jab déanta le ‘Tippex’ san áit go raibh imeachtaí ag teacht salach ar a chéile.

Cé nár bhuail an smaoineamh í féin go mb’fhéidir go raibh tionchar ag an saol sna mná rialta ar an ord agus eagar atá aici ar a saol laethúil anois, b’fhacthas di go raibh cuid den smaoineamh sin in ábhar an chúrsa síceolaíochta a rinne sí le gairid.

Sa gcúrsa sin, leagadh amach na bunrudaí a theastaíonn le saol sona a chaitheamh, go háirithe le linn na paindéime.

‘Tá ‘ceangal le daoine eile agus le pobal an-tábhachtach,’ a dúirt sí liom. Agus cé nach bhfuil an ‘pobal’ fisiciúil ann, tá pobal de chineál eile ar fáil sna ceangail atá aici le baill na gclubanna éagsúil – an cór, mar shampla.

‘An gcreidfeá, an t-am seo anuraidh níor chualamar trácht ar Zoom,’ a dúirt sí. Go deimhin, bhí drogall ar go leor de bhaill an chóir drannadh leis an gcóras nua cumarsáide seo.

Ní raibh sé indéanta ar aon nós canadh le chéile agus iad ar Zoom, agus ba bheag nár cuireadh deireadh leis an iarracht teacht le chéile.

Ach rinne an stiúrthóir cúrsa traenála agus tháinig ar ais chucu le bealach ina bhféadfaidís canadh agus iad sa mbaile. Rinne sise na páirteanna éagsúla den amhrán a thaifeadadh lena glór féin– soprano agus alto agus mar sin de – mheasc sí le chéile iad agus nuair a sheinn sí an taifeadadh ar ais don chór ar Zoom, d’iarr sí orthu canadh in éindí leis an taifeadadh, amhail is go raibh an cór ag canadh le chéile. Ní chloiseann siad a chéile ach cloiseann siad iad féin agus an taifeadadh sa chúlra.

Déanann an dá chór a bhfuil sí páirteach iontu (ceann Gaeilge agus ceann Spáinnise) an cleas céanna agus iad ag dul ó neart go neart.

An t-aon deacracht leis seo ar fad ná go dtagann rudaí salach ar a chéile go minic – na léachtaí staire áitiúla agus na clubanna léitheoireachta ar siúl ag an am céanna, mar shampla.

Bíonn an-éileamh ar an Tippex.

Samhlaím dá mbeadh sí cúngaithe faoin gcóras coraintín in óstán éicint, go scaoilfeadh sí fáithim na gcuirtíní chun go mbeadh rud éigin le fuáil aici an fhad is a bheadh an fhéile leabhar ar siúl ar líne sa chúinne.

Fág freagra ar 'Naomh Benedict, an dianghlasáil agus an cór Zoom'

  • Filis Ní Shuirlis

    Bhain an tuairim scread gáire asam – go scaoilfeadh sí faithim na gcuirtíní ach gan a bheith díomhaoin! D’aithnigh mé í sílim!. Fad saoil a Mhairéad!

  • Filis Ní Shuirlis

    Tá sin deanta agam cheana féin.