Naomh Anna ag dul chun páirce i gCraobh Chonnacht agus cluiche ceannais Chiarraí Thiar sa Daingean

Beidh Maigh Cuilinn agus na Dúnaibh ag imirt inniu agus cluiche tábhachtach i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Shóisir Peile Uladh

Naomh Anna ag dul chun páirce i gCraobh Chonnacht agus cluiche ceannais Chiarraí Thiar sa Daingean

Maitias Eoin Bairéad

Gaillimh

Craobh Idirmheánach Iomána Chonnacht
An Tuairín v Maigh Cuilinn – Béacán, 12.15pm

Craobh Idirmheánach Peile Chonnacht
Naomh Anna, Leitir Móir v Gaeil Mhaigh Eo – Staid an Phiarsaigh, 1.30pm

Beidh foirne ó Chonamara san iomaíocht i gCraobhacha Idirmheánacha Chonnacht luath tráthnóna agus peileadóirí Naomh Anna agus iománaithe Mhaigh Cuilinn ag tabhairt aghaidh ar fhoirne ó Mhaigh Eo.

Sa chluiche ceannais cúige a bheidh Maigh Cuilinn agus iad ag imirt in aghaidh an Tuairín. Tá fir Mhaigh Eo ag imirt i gcluiche ceannais Chonnacht den cheathrú huair as a chéile. Bhuaigh siad ar Chinn Mhara in 2017 agus ar Bhaile an Doirín in 2019 agus d’éirigh le hÓrán Mór/Mearaí an ceann is fearr a fháil orthu in 2018.

Beidh sé de bhuntáiste ag an Tuairín go bhfuil cúpla cluiche imeartha acu cheana féin i mbliana i gcraobh an chúige agus an ceann is fearr faighte acu ar chumann Roibear Eiméid as Londain sa bhabhta leathcheannais an deireadh seachtaine seo caite. Bua seacht bpointe a bhí ag an Tuairín, 1-19 in aghaidh 1-12, ach níor ligeadh tada leo go héasca agus taispeántais mhaithe ó leithéidí Shane Boland, Fergal Boland, Eoin Delaney, agus Stephen Coyne a thug slán iad.

Níl cluiche imeartha ag Maigh Cuilinn ó bhuaigh siad Craobh na Gaillimhe an mhí seo caite agus is maith an seans gur fada a mhair an ceiliúradh ar an gcúl cinniúnach a fuair Niall Mannion leis an mbuille deireanach den chluiche ceannais in aghaidh Chill Íomair.

Bhuaigh Maigh Cuilinn an comórtas seo in 2011 agus beidh sin ina spreagadh acu lena míle dícheall a dhéanamh corn eile a chrochadh leo. Tá imreoirí óga tagtha chun cinn le blianta beaga, leithéidí na Davorens agus Colm Cunningham ach bíonn an fhoireann ag brath freisin ar thaithí Éanna Noone, Anraoi Whyte agus Matt Donohue.

Tá slám cúl scóráilte ag Maigh Cuilinn le trí nó ceithre chluiche anuas agus má choinníonn James Bradley, Cian Folan agus Niall Mannion orthu ag scóráil, beidh an-seans acu tráthnóna.

Sa chraobh peile, cluiche leathcheannais a bheidh idir Naomh Anna, Leitir Móir agus Gaeil Mhaigh Eo i Staid an Phiarsaigh ag 1.30pm. Ach oiread le Maigh Cuilinn, bhuaigh Naomh Anna craobh an chúige freisin an uair dheireanach ar bhuaigh siad craobh an chontae, in 2009.

Tar éis dóibh an Dún Mór a chloí go drámatúil i gcluiche ceannais na Gaillimhe mí ó shin, bhí bua cumasach ag Naomh Anna ar Dhroim Dhá Thiar as Liatroim coicís ó shin, 2-13 in aghaidh 0-5. Bhí Maitias Eoin Bairéad ar fheabhas sa chluiche i lár na páirce agus bhí leithéidí Dylan agus Warren Seoige agus Aonghus Ó Fátharta rómhaith dá gcéilí comhraic.

Beidh coimhlint i bhfad níos crua rompu in aghaidh churaidh Mhaigh Eo inniu. Bhí ar na Gaeil an cluiche seo a chur siar de bharr cásanna Covid-19 sa champa ach is iadsan rogha na coitiantachta go fóill. Peileadóirí cumasacha iad an triúr Gallchórach, Luke, Adam agus John agus an tosach James Jennings. Ba é Jack Fallon laoch na himeartha in aghaidh Bhéal Átha hAmhnais i gcluiche ceannais Mhaigh Eo agus beidh an choimhlint idir é féin agus Maitias Eoin Bairéad i lár na páirce tábhachtach.

Beidh ardtaispeántas ag teastáil ó Naomh Anna más leo an cluiche seo a bhuachan ach d’éirigh leo nach mór chuile dhúshlán a bhí rompu i mbliana a shárú.

Dún na nGall

Craobh Shóisir Peile Uladh
Na Dúnaibh v Seán Mac Diarmada – Eadarnaidh, 1pm

Is iad na Dúnaibh an t-aon fhoireann as Dún na nGall atá fágtha san iomaíocht i gcraobhacha peile agus iomána Uladh i mbliana agus beidh súil ag fir na Gaeltachta nach mbeidh a rás rite tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chumann Sheáin Mhic Diarmada as Muineachán sna babhtaí leathcheannais de Chraobh Shóisir Peile an chúige.

Tá coicís ann ó bhuaigh na Dúnaibh ar Achadh Lios na bhFiann as contae an Dúin sna babhtaí ceathrú ceannais. Bhí Lorcan Connor ar fheabhas do na Conallaigh agus sé phointe scóráilte aige sa bhua 0-11 in aghaidh 0-7 ach lig na Dúnaibh don fhreasúra teacht ar ais sa chluiche tar éis go raibh siad seacht bpointe chun cinn ag leath ama ach má d’fhoghlaim siad a gceacht ní bheidh siad chomh scaoilte sin inniu.

Is é an t-imreoir idirchontae Niall Kearns laoch Sheáin Mhic Diarmada agus tá an ceann is fearr faighte acu ar churaidh Thír Eoghain agus Ard Mhacha cheana féin sa chomórtas seo.

Is é seo an tríú huair ag na Dúnaibh a bheith ag imirt i gCraobh Uladh ach theip orthu an cluiche ceannais a bhaint amach in 2012 agus in 2016. Foirne as Muineachán a fuair an ceann is fearr orthu an dá bhliain sin agus ní bheidh an scéal sin á iarraidh acu inniu.

Ciarraí

Craobh Shinsir Peile Chiarraí Thiar
An Ghaeltacht v Daingean Uí Chúis – Páirc an Ághasaigh, 2.30pm

Tabharfaidh boic mhóra Chiarraí Thiar, An Daingean agus An Ghaeltacht aghaidh ar a chéile arís i gcluiche ceannais na craoibhe áitiúla inniu. Tá an Daingean sa tóir ar a gceathrú craobh as a chéile sa chomórtas seo agus iad ina rogha na coitiantachta arís tráthnóna.

Cinnte, bhí cuma níos fearr ar fhir an Daingin sna babhtaí leathcheannais. Bhí bua cumasach acu ar Abhainn an Scáil agus bearna trí phointe dhéag idir na foirne, 1-15 in aghaidh 0-5. Sa chluiche eile, bhí an teacht aniar a rinne an Ghaeltacht sa dara leath ag teastáil go géar uathu agus le haon chúilín amháin a fuair siad an ceann is fearr ar Chaisleán Ghriaire sa deireadh, 2-4 in aghaidh 1-6.

Ní go réidh a ligfidh fir na Gaeltachta faic lena gcéilí comhraic. Bhí Éanna Ó Conchúir ar fheabhas dóibh sa Chraobh Idirmheánach i mbliana agus má éiríonn leis agus le muintir Uí Bheaglaoich dul i bhfeidhm ar an imirt, d’fhéadfadh go mbeadh sárchoimhlint ann.

Tá sárpheileadóirí ag an Daingean ó cheann ceann na páirce, agus meitheal Geaneys acu i measc na dtosaithe, níorbh aon iontas é dá mbeadh cearta maíte acu i gCorca Dhuibhne ar feadh bliana eile.

Fág freagra ar 'Naomh Anna ag dul chun páirce i gCraobh Chonnacht agus cluiche ceannais Chiarraí Thiar sa Daingean'