Nan Ghriallais, duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann, ar shlí na fírinne

Ba í Nan Ghriallais an dara duine riamh a bhuaigh Corn Uí Riada nuair a thug sí an corn sin léi ag Oireachtas na Gaeilge i 1973

Nan Ghriallais, duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann, ar shlí na fírinne

Tá duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann Nan Ghriallais tar éis bháis i ndiaidh tamall fada easláinte.

Duine ab ea Nan Ghriallais, nó Áine Uí Fhátharta, de mhuintir Ghriallais as Muiceanach Idir Dhá Sháile i gConamara, clann mhór le ceol agus amhráin a bhfuil a gcáil i bhfad agus i ngearr mar gheall ar a máistreacht mar fhonnadóirí sean-nóis.

Ba í Nan Ghriallais an dara duine riamh a bhuaigh Corn Uí Riada nuair a thug sí an corn sin léi ag Oireachtas na Gaeilge i 1973. Ba í chomh maith an chéad duine de thriúr deirfiúracha Ghriallais a thug leo an onóir sin, agus Corn Uí Riada buaite chomh maith ag Nóra agus Sarah Ghriallais.

Chaith Nan Ghriallais blianta i Meiriceá sular fhill sí ar Chonamara a dúchais mar a bhfuair sí post i dtús na seachtóidí leis an stáisiún nua Raidió na Gaeltachta, mar a raibh an-mheas agus an-chion uirthi mar chomhghleacaí gnaíúil spraíúil.

Maireann a beirt mhac, agus cuid mhór dá muintir agus dá cairde.

Fág freagra ar 'Nan Ghriallais, duine de mhóramhránaithe sean-nóis na hÉireann, ar shlí na fírinne'