Náire shaolta é go bhfuil cainteoirí óga Gaeilge neamhliteartha ina dteanga dhúchais

Tá sé in am siollabas Gaeilge d’fhoghlaimeoirí a bheith ann chomh maith le hábhar eile a dhíreodh ar an teanga do chainteoirí líofa agus lánchead ag daltaí ar mhian leo an péire a dhéanamh don Ardteist agus do scála draíochta mursanta an CAO

Náire shaolta é go bhfuil cainteoirí óga Gaeilge neamhliteartha ina dteanga dhúchais

Meileann muilte na Roinne Oideachais go mall ach fainic thú féin orthu…

Sna hochtóidí sa gcéad seo caite, os cionn 35 bliain ó shin, an chéad uair is cuimhneach liomsa a bheith ag plé cúrsa Gaeilge Ardteiste do Ghaeilgeoirí líofa leis an Roinn Oideachais ar choiste siollabais, sularbh ann don NCCA.

Cúrsa a bhí á éileamh againn a thabharfadh a ndúshlán go hacadúil, a d’osclódh fuinneog dóibh ar litríocht agus ar shaíocht a dteanga féin agus thar aon rud eile a chuideodh leo forbairt a dhéanamh ar a gcumas anailíse, tuairimíochta agus foghlama.

A bheith ábalta a gcuid mothúchán agus a ndearcadh ar an saol a chur in iúl go soiléir beacht, ar phár agus ó bhéal, trí thaithí a fháil ar mheáin chumarsáide is litríochta éagsúla a dteanga féin.

Ní éileamh rómhór é sin a déarfá, tá sé ar fáil do chainteoirí dúchais an Bhéarla agus déantar é a thástáil i scrúdú Béarla na hArdteiste.

Is iomaí cor curtha di ag an mbró mhuilinn chéanna ó shin agus is cinnte go bhfuil cuid mhaith de dhíocas agus d’fhuinneamh na ndaoine ar theastaigh a leithéid uathu meilte agus ídithe ag SP (sraith pictiúr) na míchlú agus ag an gconamar litríochta.

Ach tá géim sa gcailleach i Sráid Mhaoilbhríde fós agus ó dhúisigh McHugh í, tá sé ina imní anois ar a lán nach mbeidh aon rogha ag Gaeilgeoirí líofa ach an siollabas T1(teanga dhúchais) agus an scrúdú a rachaidh leis a dhéanamh agus gan aon chreidiúint ná bónas a fháil as a ndúthracht ná a gcumas.

Bhí sé de dheis agam roinnt blianta ó shin a bheith in ann a fháil amach a laghad daltaí i ngach Gaelscoil agus scoil Ghaeltachta a rinne ábhar ar leith trí Ghaeilge ag an Ardteist. Bhí an t-eolas céanna ag an Roinn Oideachais. Céard a rinne siad faoi? Ar thug cigirí cuairt ar aon scoil Ghaeltachta chun ceist a chur cén fáth go ndearna a gcuid daltaí ábhair trí Bhéarla ag an Ardteist nó cén fáth gur scríobh siad gach téarma i mBéarla?

Ar mheabhraigh siad do na scoileanna sin gurb í an Ghaeilge T1 na scoile agus an teagaisc? Beag an baol! Ba bheag a suim ná a dtuiscint ar an gcainteoir dúchais Gaeilge ná ar an naíondú a bhí á dhéanamh acusan air.

Chuala mé príomhoide i scoil Ghaeltachta ag maíomh go poiblí le déanaí nach ionann an cás leis an mBéarla agus an Ghaeilge mar nach ‘raibh scríobh na Gaeilge ag cainteoirí líofa Gaeilge mar atá scríobh an Bhéarla ag cainteoirí líofa Béarla’. Faraor is léir agus is náire shaolta go bhfuil an ráiteas sin fíor ach an cheist is córa a chur ná cén fáth atá leis an easpa litearthachta sin sa nGaeilge? Maímse gurb é siollabas easnamhach páistiúil na Gaeilge faoi láthair is bun leis.

Údar gaisce ag córas an CAO go dtugann sé cothrom na Féinne do gach dalta sa tír agus ar ndóigh bheadh scrúdú T1 éigeantach, gan aon aitheantas ná bónas, éagothrom ar Ghaeilgeoirí líofa, cé go mbeadh siad i bhfad níos ábalta agus níos muiníní as a dteanga de bharr feabhas an chúrsa breise.

An scéin atá ar scoileanna agus múinteoirí sna scoileanna Gaeilge is Gaeltachta anois go mbeadh cúrsa dúshlánach le déanamh agus na pointí céanna as agus atá as an gcúrsa don fhoghlaimeoir atá á dhéanamh acu faoi láthair. Tá rogha ag gach dalta agus go deimhin ag gach scoil cén leibhéal a roghnóidh siad i scrúdú na hArdteiste, bonn, gnáth nó ard. Mar sin cén fáth go gcúngófaí an rogha ar Ghaeilgeoirí líofa?

Tá marcanna bónais ann don Mhatamaitic, tá trasnaíl idir an Mhatamaitic, an Mhatamaitic Fheidhmeach agus an Fhisic Mhatamaiticiúil mar atá idir an Bhitheolaíocht agus an Eolaíocht Talmhaíochta ach ní chloisim aon duine ag cáineadh na scoláirí meabhracha sin ar fad a dhéanann rogha, ar mhaithe le pointí arda, ábhair dá leithéid a roghnú.

Nach bhfuil sé in am siollabas Gaeilge d’fhoghlaimeoirí a bheith ann mar atá do na nuatheangacha ar fad agus ábhar eile a dhíreodh ar an teanga do chainteoirí líofa agus lánchead ag daltaí ar mhian leo an péire a dhéanamh don Ardteist agus do scála draíochta mursanta an CAO?

Bheinn ag súil, na daltaí sin a mbeadh fúthu tabhairt faoi ghairm nó staidéar tríú leibhéal ina mbeadh Gaeilge mhaith ag teastáil nó faoin mbunmhúinteoireacht, go ndéanfaidís an siollabas tathagach nó go mbeadh réamhchúrsaí ar fáil i ndiaidh na hArdteiste le go mbeadh Gaeilge a ndóthain acu don chúram.

Bua eile a bheadh aige seo go bhféadfaí díriú go córasach ionraic ansin ar chúrsa Gaeilge Ardteiste a bheadh feiliúnach don fhoghlaimeoir, seachas an meascán mearaí atá againn faoi láthair nach bhfeileann aon dream.

Thabharfadh sin cothrom na Féinne do na foghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa pé cearn den tír ina bhfuil siad agus níos fearr fós, ní bheadh sé le rá ag príomhoide in aon scoil Ghaeltachta go raibh Gaeilgeoirí óga ag leibhéal na hArdteiste neamhliteartha ina dteanga dhúchais ag fágáil na hiarbhunscoile dóibh.

An fhadhb ar ndóigh ná nach gcreideann an Roinn Oideachais i ndáiríre gur ann do chainteoir dúchais Gaeilge agus seans go dtógfaidh sé 35 bliain eile orthu a fháil amach go raibh slám againn ann in 2019, ach ar nós sneachta mór na bliana anuraidh…

Fág freagra ar 'Náire shaolta é go bhfuil cainteoirí óga Gaeilge neamhliteartha ina dteanga dhúchais'

  • Cainteoir Dúchais a bhí ann sa bhliain 2019

    Arbh aon leigheas ar an scéal é mura mbeadh cead ag duine a bheith ina Theachta Dála, ina Thaoiseach, ina Chomhairleoir Contae, ina Uachtarán, ina Aire Oideachais, etc., gan ardghrád sa scrúdú T1?

  • Mairéad

    Admhaíonn príomhoide méanscoile Gaeltachta nach bhfuil “scríobh na Gaeilge ag cainteoirí líofa Gaeilge mar atá scríobh an Bhéarla ag cainteoirí líofa Béarla”. Nuair atá “cainteoirí óga Gaeilge neamhliteartha ina dteanga dhúchais” nach bagairt a bheidh sa gcúrsa éigeantach T1 dos na scoileanna Gaeltachta maidir le poinntí CAO de?

    Céard a cheapann na daltaí sna scoileanna Gaeltachta faoin scéal go mbeidh iachall urthu an cúrsa T1 a leanacht?

    Is ins na bunscoileanna a thosaíonn an fhadhb litearthachta seo i measc daltaí na Gaeltachta agus ní leigheasfaidh an cúrsa nua T1 Ardteiste an fhadhb. Mar shampla, faoi láthair i rang a 2 sna bunscoileanna Gaeltachta níl an dúshlán céanna ar cor ar bith san ábhar léitheoireachta i nGaeilge is atá san ábhar léítheoireahta Béarla sa gclár “Literacy Lift-off” .

  • tg lurgan

    Cuid mhór céille chomh maith le díocas & paisean sa mhéid seo. Seod an tsaghais meoin & díograis a bhéas riachtanach má tá an córas oid. riamh le tionchar dearfach a imirt ar dhaoine óga.

  • An rud is léir don dall, ach nach bhfeiceann leathshúil TeeGee4.

    Ní chaitear go gairmiúil le teagasc na litearthachta Gaeilge ón chéad lá a leagann na páistí cois thar thairseach na scoile. Ay-Bee-Cee-Dee-Eee-Eff- agus ar aghaidh leo. Níl sa Ghaeilge ach amaidí ag na múinteoirí. Is tábhachtach leo aibítir an Bhéarla a theagasc, áfach, agus an Béarla a theagasc go maith. Mo thrua an tír agus an dream nach dtuigeann prionsabal chomh bunúsach.

    Tá TG4 ar an tsaol le 20+ bliain. Nár mhór an cuidiú don litearthacht Ghaeilge dá gcuirfí na fotheidil suas i nGaeilge? Ach bhí míle leithscéal acu le gan sin a dhéanamh.

    Bloody good job the Englidh did!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím le Mairéad thuas, tosaíonn an fhadhb litearthachta sna bunscoltacha.

    …’nach ‘raibh scríobh na Gaeilge ag cainteoirí líofa Gaeilge mar atá scríobh an Bhéarla ag cainteoirí líofa Béarla’.’
    Bhoil, ní fheictear an Ghaeilg sa ghnáth shaol, ní chluintear í sa ghnáth shaol agus ní úsáidtear í sa ghnáth shaol – cúrsaí fostaíochta, gnó, sóisialta, spóirt, creidimh, sláinte srl. Níl na meáin náisiúnta (Béarla) ag déanamh faic leis an Ghaeilg a chuir chun cinn ar cláir raidió agus teilifíse. Is ailt Bhéarla a scríobhtar sna nuachtáin áitiúla agus náisiúnta – fiú na scéalta a bhaineann leis an Ghaeltacht agus le himeachtaí/scéalta a bhíonn ag plé leis an Ghaeilg taobh amuigh den Ghaeltacht!!

    Diomaite den bómánú leanúnach ar an Ghaeilg le ‘siollabas Gaeilge d’fhoghlaimeoirí’ cad chuige nach bhfuil dianchúrsa Gaeilge ar fáil do dhaoine óga/dhaltaí gan Ghaeilg nó ar bheagán Gaeilg, sula gcuireann siad ladhar thar tairseach na scoile Gaeltachta/Gaelscoile?? Cad chuige nach bhfuil polasaí ag na scoltacha seo go gcaithfear caighdeán ar leith Gaeilge bheith ag achan dalta sula gceadaítear iontrál daofa?? Má bhíonn orthu bliain iomlán a dhéanamh ag foghlaim na Gaeilge bíodh sé mar sin. Nach ndéantar seo le hábhair scoile eile?? Má bhíonn an dalta lag in ábhar/ábhair moltar daofa dhul siar bliain chun éirigh níos eolaí ar an t-ábhar/na hábhair sin?

    Is amaidí agus ceap magaidh – agus cuir amú airgid – é cead a thabhairt do dhaltaí gan aon Ghaeilg nó ar bheagán Gaeilg isteach i scoil Gaeltachta. Ní dhéantar ach an láthair iomlán scoile a thruailliú le BÉARLA!!

    Agus cé hiad Roinn an Oideachais? Nach saoránaigh an stáit iad? Agus má bhíonn státseirbhísigh gan Ghaeilg, agus neamhaird acu ar an Ghaeilg, ag dréachtú polasaithe don Ghaeltacht/do Ghaelscoltacha – agus polaiteoirí ansin ag glacadh leis na polasaithe seo, cad chuige, mar sin, go mbeadh iontas/díomá orainn go bhfuil meath mhillteanach ar an Ghaeilg anois?

  • Scoláire Ardteiste 2018

    Bheadh sé mí-fhéireáilte iachall a chuir ar scoláirí Gaeltachta an scrúdú T1 a thógáil gan tada acu dá bharr ach brú breise. Is ag cuir pianós ar an gcainteoir dúchais Gaeilge atá muid.

    Más mian linn fadhb na litearthachta a leigheas caithfear tosnú sa mbunscoil. Más mian linn suim don Ghaeilge a chothú i measc Gaeilgeoirí óga, caithfear cúrsa nua Ardteiste spreagúil a chur le chéile áit, cran atá éagsúl ó chúrsa an fhloghlaimeora, go bhfaigheann scoláirí léargas ar shaibhreas na litríochta Gaeilge agus a thraenálann scoláirí le léamh ar bhealach anailíseach, chriticiúil.