‘Cad déarfadh Nain fé sin?’ – gaois agus seanchas Chorca Dhuibhne ar fáil i leabhar nua

Bailiúchán seanchais, stair áitiúil, scéalta seoigh agus nathanna cainte atá sa leabhar Nain, a bhailigh an craoltóir aitheanta le Raidió na Gaeltachta, Sláine Ní Chathalláin, óna seanmháthair

‘Cad déarfadh Nain fé sin?’ – gaois agus seanchas Chorca Dhuibhne ar fáil i leabhar nua

Tá gaois, greann agus seanchas Chorca Dhuibhne ar fáil i leabhar nua leis an chraoltóir aitheanta Sláine Ní Chathalláin.

Bailiúchán seanchais, stair áitiúil, scéalta seoigh agus nathanna atá sa leabhar Nain, a bhailigh Sláine Ní Chathalláin, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, óna seanmháthair Máirín Uí Chathalláin.

“Ní beathaisnéis atá ann ná scéal a beatha,” a deir Ní Chathalláin, a d’fhás aníos san aon tigh lena seanmháthair ar an Choimín in iarthar Dhuibhneach.
“Tá seanchas ann, scéalta seoigh agus scéalta beaga a bhíodh Nain ag aithris dom.
“Tá scéalta ann a bhaineann leis an lá inniu, an cnaipe atá timpeall ar a muineál, scéalta faoi thoitíní. Agus tá a léamh féin ar an saol ar fáil ann chomh maith. Baineann an chéad chaibidil sa leabhar ar fad le tubaiste farraige inar bádh a hathair,” a dúirt Ní Chathalláin.

22 caibidil ar fad atá sa leabhar, a sheolfar an deireadh seachtaine seo, agus tá léargas ann ar shaol Mháirín Uí Chathalláin agus ar mhuintir Pharóiste na Cille. Tá mioneolas sa leabhar faoin Arda Mór, an baile fearainn i bParóiste na Cille, inar tógadh í.

“Tá mapa an-speisialta de na hArda Mór curtha le chéile ag Domhnall Ó Bric sa leabhar, an baile fearainn gurb as do Mháirín. Tá ainmneacha na ngort ar fad ina ceann agus tá ainmneacha bóithríní beaga nach mbeadh ar eolas go forleathan,” a dúirt sí.

Dúirt Sláine Ní Chathalláin, ar amhránaí aitheanta ar an sean-nós í chomh maith, gur bhraith sí “dualgas” nathanna agus seanchas a mamó a chaomhnú.

“Gach aon lá bím ag foghlaim focal nua nó nathanna cainte ó Nain agus bhraitheas go raibh dualgas orm iad san a chaomhnú nó bheadh dearmad déanta agam orthu mura mbeidís scríofa síos agam.

“Thosnaíos ag tógáil físeán di agus á gcur ar na meáin shóisialta agus bhí an-éileamh orthu agus mar sin bhraitheas saghas dualgas iad a bhailiú le chéile i gcnuasach éigin chun go mbeidís ann go deo,” a dúirt sí.

De réir mar a bhí na físeáin á gcur amach bhí níos mó agus níos mó daoine ag cur suime sna tuairimí a bhí ag Nain faoi rudaí a bhí ag titim amach sa saol.

Ba mhinic a cuireadh an cheist ‘Cad déarfadh Nain faoi seo?’ agus b’as sin a d’eascair an smaoineamh don leabhar.

Leabhar é Nain d’óg agus aosta, a deir Ní Chathalláin

“Cé gur seanbhean í Nain atá 86 bliain d’aois, ní leabhar do sheandaoine amháin é. Bhainfeadh ógánaigh sult as chomh maith mar go bhfuil go leor de ag baint leis an lá atá inniu ann agus na míthuiscintí a bhíonn eadrainn.”

Cé go bhfuil “bús” faoin leabhar agus faoi Nain féin, deir Sláine nach bhfuil aon suntas á thabhairt ag a máthair chríonna dó.

“Tá bús ann faoin leabhar ach ní dóigh liom go dtuigeann Nain canathaobh go mbeadh a leithéid ann.

“Tháinig na páipéirí áitiúla chuig an tigh agus ní thuigeann sí in aon chor canathaobh a mbeadh an oiread suime á chur sa méid atá le rá aici, mar a thuigeann muidne, mar bhí scéalta seoigh ag gach éinne fadó ach tá na daoine san ar fad caillte anois,” a dúirt Ní Chathalláin.

Seolfaidh Jeaicí Mac Gearailt an leabhar Nain, atá á fhoilsiú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne, i Seanscoil an Chuasa Dé Sathairn 23/09/2023 ag 6.30pm.

Na trí ní…

Tá caibidil amháin dírithe ar ‘Sheanchas Nain’, ina bhfuil seanfhocail, nathanna, tomhais agus tréanna, ar nós.

Cad iad na trí ní is géire amuigh?
Súil na circe ar an ngráinne, súil an ghabha ar an dtairne is súil an linbh i ndiaidh a mháthar.

Cad iad na trí ní ná tagann aon mheirg orthu?
Crú capaill, airgead sagairt agus teanga mná.

Cad iad na trí ní is fusa a ghortú?
Do shúil, do ghlúin agus d’uillinn.

Éist le Neain

Meáig, (Comharsa do Nain ar an gCoimín ab ea Meáig Ghinneá)

“Meáig, sin í an bhean go raibh an chaint aici. Thabharfadh sí sin caint don bPápa! Agus ní bheadh aon eagla uirthi roimis, labharfadh sí suas leis, labharfadh san. Thagadh sí anseo aníos na haon lá is bhíodh scéal éicint na haon lá aici. Ní bhíodh an raidió ná an teilifís aici.”
Comharsa do Nain ar an gCoimín ab ea Meáig Ghinneá, agus bhí a fear Maidhc, agus deartháir a céile Peats sa tigh ina teannta.

“Aniar ón gCarraig a tháinig sí, tá an tigh san déanta suas ar fad anois. As san ab ea í an chéad lá.”

Is mó taifeadadh iontach atá i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta di. Is é an t-amhrán Mary in The Woods an ceann is comónta a chloistí uaithi agus pearsantacht Mheáig ag brúchtaíl amach trína cur i láthair ceolmhar. Tá an lúbaireacht le clos ann leis. Is mó scéal ag Nain fúithi.

“Conas a cailleadh í?” arsa mise.

“Ó, an t-aos a chaill Meáig. Bhíodh sí féin ag ól fags. Is é an lasán a bhí aici, is ea ná cuireadh sí isteach sa tine é.”

“Bhí a deartháir céile sa tigh ina teannta. Dúirt sé léi lá buidéal uisce coisreacan a thabhairt chuige ón Aifreann. Bhí sé ana-mhór timpeall ar an uisce coisreacan an uair sin.
“Tháinig Meáig pé scéal é agus d’fhiafraigh sé di an dtug sí léi an t-uisce coisreacan?
‘Thugas,’ a dúirt Meáig is ní chuimhnigh sí ó shin ar an uisce coisreacan. Bhí tap lasmuigh don ndoras, is ní dhein sí aon rud ach an buidéal a líonadh.

“’Seo,’ a dúirt sí, ‘tá do dhóthain uisce anois agat,’ is bhí sé á chaitheamh timpeall an tí agus chuala Father Ciosáin ansan an scéal mar gheall ar an uisce coisreacan agus na haon uair a bhuaileadh Meáig leis, deireadh sé, ‘Ó a Mheáig, abair scéal an uisce choisreacan liom.’

“A Chríost, níorbh aon dóichín í Meáig,” arsa Nain.

“Dhein Breandán Feirtéar, Raidió na Gaeltachta, dhein sé scannán thíos aigesna crainn di ag gearradh prátaí agus bhíodh Breandán Feirtéar ag teacht chuichi, mar dhea.”

“Meáig, níleann tú ag gearradh na bprátaí i gceart.”

“Fág mo radharc a Bhreandán Feirtéar, is dóigh leat ná fuil éinne ábalta ar phrátaí a ghearradh ach tú féin,” arsa í leis.

“Chloisfeá ar fud an bhaile í.”

“Lá eile ansan, bhí francach istigh in iomall na tine ansan aici, istigh sa ghráta ansan.”

“Cad a thug ansan tú, a bhastairt?” arsa í leis an bhfrancach.

“Chaith sí braon gáis is lasán air, is bhailibh sé leis in airde! Bhí blaze ag imeacht aige, táim á rá leat.”

“Tá a fhios agat na málaí bána a bhíodh fadó ag teacht leis an bplúr, abair? Málaí móra bána. Bhí sí thíos ag na crainn ag triomú a cuid gruaige leis an mála. Dá gcífeá an plúr a bhí ag imeacht san aer ón mála bán. Cuimhneoidh mé go deo air. Cad a dhein sé léithe? Faic!”

“Bhíodh maicréil istigh i mbairille ag Meáig fadó á leasú agus an chéad rud eile, ná ghaibh francach go dtí an maicréal. Ní dhein sí faic ach an tlú a fháilt.”

Fág freagra ar '‘Cad déarfadh Nain fé sin?’ – gaois agus seanchas Chorca Dhuibhne ar fáil i leabhar nua'

  • Dirk

    Tréaslaím an leabhar so go mór leis an údar agus lena nain.

    ‘Bhreá lem’ chroí cóip a dh’fháilt. Mar sin, seo ceistín a ritheann liom láithreach: cad é an praghas a bheidh ar an leabhar agus cá mbeidh sé ar fáil do shimpleoirí mar mise thar lear?

    litriocht.com agus ansiopaleabhar.com?

  • jpmorley0@gmail.com

    Le fáil ó 0669152204
    An Café Liteartha, Daingean Uí Chúise. Ón Luan beag seo amach. Á seoladh anocht sa Chuas.

  • An Siopa Leabhar

    Tá cóipeanna ordaithe ag An Siopa Leabhar go cinnte, agus muid ag súil le hé a fháil i ndiaidh an do leabhar a bheith seolta go hoifigiúil ar 23 Meán Fómhair. Níor luaigh éinne tada linn faoi phraghas fós!