Nádúr na Nollag – dán le Joe Steve Ó Neachtain

Is cúis áthais dúinn dán eile as an gcnuasach nua ‘Fad Saoil’ leis an sárscríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain a fhoilsiú inniu

nativity-scene-212549_1280

Nádúr na Nollag

Mothaím rúndiamhair

as taisce na spéire,

calóga sneachta

ag cur clóca

ar an sliabh,

Sólás na Nollag

i gcroí

an chine dhaonna,

nádúr nár athraigh

le dhá mhíle bliain.

 

Le anam na marbh

a chuirim mo bheannacht,

iad ag cumhdach

an linbh

sa teachín ceann tuí,

mé dhá samhlú

go suaimhneach

i soilse na gcoinnle,

is craobh cuileann dearg

ag cur fáilte roimh Chríost.

 

An t-aol ar na ballaí

chomh geal

leis an eala,

gríosach mhór dhearg

go fáilteach sa gclúid,

an páidrín páirteach

i bhfairsinge na féile,

is stocaí na bpáistí

crochta

ar an lúib.

 

An bhó is an t-asal

go ceansa

sa stábla,

ag ithe as mainséar

atá lán suas le féar,

méileach ag caoirigh

le titim na hoíche,

is madraí ag tafann

ar an réalt

ins an spéir.

 

Mothaímse síocháin

ar anáil na gaoithe,

chomh séimh

leis an naíonán

nár saolaíodh

go fóill,

tnúthán le dóchas

ón linbhín Íosa,

a thug sólás

dár sinsir

a fhad is a mhaireadar beo.

 

Tá Fad Saoil, cnuasach nua Joe Steve Ó Neachtain, ar fáil anois sna siopaí agus anseo ó Chló Iar-Chonnacht ar €10

 

Fág freagra ar 'Nádúr na Nollag – dán le Joe Steve Ó Neachtain'