Nach rómáns atá sa gcupán tae ag deireadh an lae agus na soithí a chur isteach sa niteoir?

An bhfaigheann fir bláthanna mar bhronntanas? Is mura bhfaigheann, cén fáth? 

Nach rómáns atá sa gcupán tae ag deireadh an lae agus na soithí a chur isteach sa niteoir?

‘Mamaí,’ arsa an Cailín Mór Beag, ‘an bhfuil bláthanna faighte agatsa do Dhaidí le haghaidh Lá Vailintín?’ a d’fhiafraigh sí díom.

Bhí mé sáinnithe sa gcarr léi ar an mbealach abhaile ón traenáil gan aon éalú agam ón dianfhiosrúchán.

Ar Chormac Ó hEadhra agus Sarah McInerney ar an raidió a bhí an locht agus iad ag caint ar cheann de cheisteanna móra Lá Vailintín, an bhfaigheann fir bláthanna mar bhronntanas? Is mura bhfaigheann, cén fáth?

Chorraigh mé go míchompordach sa suíochán agus rug mé greim láidir ar an roth stiúrtha. ‘Ní cheapaim go bhfuil aon suim ag Daidí bláthanna a fháil ar Lá Vailintín, déarfaidh mé an fhírinne leat.’

Dá dtabharfainn bláthanna dhó tá seans maith ann go mbeadh sé a cheapadh go raibh mé imithe as mo chiall ar fad. Meas tú an iad comhlachtaí bláthanna a chum Lá Vailintín an chéad lá riamh?

‘Só is maith le mná bláthanna a fháil ar Lá Vailintín, ach ní maith le fir?’ a d’fhiafraigh sí.

‘Is dóigh,’ a dúirt mé. ‘Bhuel, níl chuile dhuine mar a chéile ach an oiread. Níl aon chall duit aon rud a dhéanamh ar Lá Vailintín mura bhfuil tú ag iarraidh.’

‘Hmm,’ a dúirt sí, ‘agus céard a fhaigheann na fir?’

‘Bosca seacláidí b’fhéidir,’  a dúirt mé, ‘stéig agus buidéal fíona seans.’

‘Cén fáth?’ a d’fhiafraigh sí.

‘Níl a fhios agam cén fáth. Brainwashing de chineál éigin, seans,’ a dúirt mé.

Thug mé glaicín bláthanna fiáine mar bhronntanas uair amháin do dhuine de mo chuid uncaileacha cuimhním nuair a bhí mé an-óg, b’fhéidir sé nó seacht mbliana d’aois. Ní raibh ar m’aire ag an am ach a bheith ag cartadh sa ngarraí agus ag bailiú bláthanna. Nárbh aoibhinn an saol é.

‘Breathnaigh,’ a dúirt mé leis, ‘phioc mé na bláthanna seo duit.’ Shín mé glaicín caisearbhán agus seamar chuige agus cuma bhatráilte go maith orthu.

Chaithfeadh go raibh imní ar an bhfear bocht fúm. Níor dhúirt sé tada ar dtús ach tharraing sé gal mhór as a thoitín is scaoil sé amach sraoill deataigh is é ag casadh suas i dtreo na síleála.

‘Caithfidh mé rud éigin a insint duit faoin saol,’ a dúirt sé ansin nuair a bhí a mhachnamh déanta aige. ‘Ní thugann cailíní bláthanna do na buachaillí. Is iad na buachaillí a thugann na bláthanna do na cailíní.’  Thóg mé ar a fhocal é is níor imigh mé ón gcosán sin ó shin.

‘Beannachtaí na Féile Vailintín!’ a deir an chomharsa liom nuair a tháinig mé amach doras an tí maidin Lá Vailintín. ‘Cén chaoi a bhfuil an ‘rómáns’ ag dul díobh inniu?’ a d’fhiafraigh sé ansin.

‘Tá rómáns go gealach againn,’ a dúirt mé. ‘Tá an rómáns ag teacht amach as na cluasa againn!’

Nach rómánsúlacht atá sa gcupán tae ag deireadh an lae agus na soithí a chur isteach sa niteoir i ndiaidh an dinnéir agus ní haon dochar gloine fíona, stéig mhaith agus glaicín bláthanna anois is arís.

‘Ach an oiread liom féin!’ a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Nach rómáns atá sa gcupán tae ag deireadh an lae agus na soithí a chur isteach sa niteoir?'