Nach mór 75% de dhaoine den tuairim gur cheart iar-bhunscoil lán-Ghaeilge a bheith ar fáil do gach páiste gaelscoile – pobalbhreith

Deir beagnach leath den phobal ó dheas go roghnóidís scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí ach a leithéid de scoil a bheith ar fáil ina gceantar

Nach mór 75% de dhaoine den tuairim gur cheart iar-bhunscoil lán-Ghaeilge a bheith ar fáil do gach páiste gaelscoile – pobalbhreith

Deir beagnach triúr as gach ceathrar go mba chóir deis a bheith ag gach páiste gaelscoile oideachas lán-Ghaeilge a fháil ag an dara leibhéal.

De réir pobalbhreith nua a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, 73% den phobal ó dheas a dúirt gur chóir go mbeadh ceart ag páiste ar oideachas trí Ghaeilge a fháil san iar-bhunscoil.  53% den phobal a dúirt amhlaidh ó thuaidh.

Dúirt beagnach leath den phobal ó dheas go roghnóidís scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí ach a leithéid de scoil a bheith ar fáil ina gceantar.

30% de dhaoine ó thuaidh a roghnódh an t-oideachas lán-Ghaeilge.

49% de dhaoine ó dheas a dúirt go roghnódh siad scoil lán-Ghaeilge dá mbeadh ceann ar fáil ina gceantar.

Léirigh tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais anuraidh nach ndeachaigh ach 36% de na daltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

I 21 as 26 contae téann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

Níos lú ná aon trian de dhaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i 19 den 26 contae agus 13 contae atá ann nach bhfuil aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge iontu.

Deir Conradh na Gaeilge, a choimisiúnaigh an phobalbhreith, go léiríonn na figiúirí an tábhacht a bhaineann le cur leis an soláthar gaeloideachais.

“Táimid ag pointe anois go bhfuil tacaíocht an phobail i leith na Gaelscolaíochta thar a bheith láidir, agus an t-aon rud atá á coimeád siar ná easpa soláthair ón stát, a dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.

“Leath an daonra ó dheas agus trian den daonra ó thuaidh a roghnódh scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí dá bhféadfaí, ach nílimid in aon ghiorracht don líon spásanna ná scoileanna ar an oileán le freastal ar an éileamh sin.

“Do pháistí a bhfuil fáil acu ar oideachas bunscoile lán-Ghaeilge, is iomaí duine acu nach bhfuil meánscoil lán-Ghaeilge ina gceantar le dul ar aghaidh chuici i ndiaidh dóibh an bhunscoil a fhágaint. Tá tromlach mór den phobal i bhfabhar a leithéid de dheis a bheith ar fáil do na páistí seo, ach arís, níl an soláthar sin ar fáil.”

Roghnaíodh 2,696 duine don suirbhé do Chonradh na Gaeilge.

I measc na gceisteanna a cíoradh sa taighde a choimisiúnaigh an Conradh, bhí dearcadh an phobail ar úsáid na teanga, an Ghaelscolaíocht, coláistí samhraidh, cearta teanga ó thuaidh agus maoiniú na teanga ó dheas.

Roghnaíodh rannpháirtithe don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh ‘claonadh reiligiúin’ san áireamh ó thuaidh. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.0% ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Nach mór 75% de dhaoine den tuairim gur cheart iar-bhunscoil lán-Ghaeilge a bheith ar fáil do gach páiste gaelscoile – pobalbhreith'