Feicim go bhfuil an iascaireacht ina cnámh spairne san idirbheartaíocht trádála idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach, agus seans mór ann go dteipfidh ar an idirbheartaíocht ar fad cheal socrú fúithi.
Tá an Bhreatain ar ndóigh ag iarraidh go mbeidh cúrsaí iascaireachta ar ais faoi lánsmacht acu féin is nach mbeidh cead isteach ag iascairí ó thíortha eile go dtí a bhfarraige ach ar choinníollacha a leagfaidh na Sasanaigh féin síos.
Níl an oiread sin tábhachta leis an iascaireacht do gheilleagar na Breataine, ach is fearr a léiríonn an cúrsaí iascaireachta smacht an stáit ná aon ní eile. Agus is cinnte gur thug pobal iascaireachta Shasana agus na hAlban tacaíocht láidir don éileamh go n-imeodh an Bhreatain as an Aontas Eorpach.
Ar an taobh eile den scéal, tá an tAontas Eorpach ag iarraidh an greim atá acu ar chúrsaí iascaireachta a choinneáil. Arís, níl an iascaireacht chomh tábhachtach sin don gheilleagar i gcoitinne, ach is ceist fhíorthábhachtach í don Spáinn, don Phortaingéil is don Danmhairg.
Níos gaire don bhaile, bíonn iascairí na hÉireann ag iascach in uiscí na Breataine, is tá an tAire Michael Creed ag seasamh go láidir leis an dream nach bhfuil sásta géilleadh ar chor ar bith faoin ábhar seo.
Tuairiscítear go raibh sainordú a lorg ag príomh-idirbheartaí an Aontais, Michel Barnier, le héileamh an Aontais a mhaolú, ar fhaitíos go mbeadh ceist na hiascaireachta ina bac gan réiteach ar chonradh trádála.
Níor tháinig an scéal seo aniar aduaidh orthu siúd a bhíonn ag léamh Tuairisc.ie go rialta.
Ag tús na bliana thagair mé in alt de mo chuid ar Tuairisc.ie don ráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, nach mbeadh sa chéad chuid de na cainteanna trádála ach earraí is iascaireacht, agus mura dtiocfaí ar shocrú maidir leis na cúrsaí sin nach bpléifeadh an tAontas aon rud eile.
Thug mé foláireamh nach mbeadh na Sasanaigh sásta smacht a gcuid uiscí a bheith i lámha an Aontais.
Dúirt mé nach raibh mórán le cailliúint ag an Danmhairg, mar shampla, mura mbeadh conradh críochnúil trádála ann, ach go raibh go leor le cailliúint againne.
D’áitigh mé ag an am go raibh sé seafóideach ag an Aire Talmhaíochta agus Mara Michael Creed tacú leis an gcinneadh go mbeadh margadh faoi chúrsaí iascaireachta ina choinníoll sula ndéanfaí aon mhórshocrú. Agus dúirt mé nach raibh ach bealach amháin ann le leas ár gcuid iascairí a chosaint. B’in trí idirbheartaíocht faoi leith a dhéanamh i gcomhthéacs na socruithe a bhí le déanamh (agus atá le déanamh fós) maidir le Muir Éireann agus an prótacal don Tuaisceart.
Ar ndóigh, ní raibh díograiseoirí na hEorpa sásta tabhairt faoi sin, mar is tábhachtaí leosan a ndílseacht don Aontas ná leas na hÉireann mar thír neamhspleách.
Is é fírinne an scéil go raibh na daoine a bhí i gceannas ar an stát seo sásta ón tús ár gcuid cearta iascaireachta is ár gcuid iascairí a dhíol ar mhaithe le hairgead don talmhaíocht agus teacht a bheith againne ar infheistíocht ó thar lear ar mhargaí na hEorpa.
Níor chuir sé isteach orthu in aon chor gur ghabh an tAontas ár n-uiscí iascaigh nuair a chuaigh muid isteach sa gCómhargadh.
Ach is fiú cuimhneamh ar ar tharla.
Socraíodh go mbeadh ar Éirinn, an Bhreatain, an Danmhairg agus an Iorua (a bhí ag iarraidh cead isteach) glacadh le rialacha an Aontais mar a bhí siad nuair a chuaigh siad isteach sa Chómhargadh.
Go dtí sin, ba bheag a bhí sna conarthaí faoi chúrsaí iascaireachta, ach i 1970 thuig an Seisear bunaidh go mbeadh luach mór ag baint leis an iascach is d’athraigh siad na rialacha, díreach sular tháinig na stáit nua isteach agus cuireadh uiscí thíortha an Aontais faoi úinéireacht an Aontais.
Ghlac muide leis sin, mar is beag aird a bhí tugtha ag an stát ar an rannóg sin, ach bhí an coinníoll sin ar cheann de na fáthanna gur fhan an Iorua amach sa deireadh.
Is mór a chailleamar de bharr na faillí sin. Mar a mhínigh mé in alt eile a foilsíodh in 2017, idir 1973 agus 2013 fuair an tír seo €72 billiún ón AE. D’íoc muid €31 billiún isteach, rud a thug glanbhrabús €41 billiún dúinn.
Ach idir 1975 agus 2010 bhí luach tráchtála €201 billiún ar earnáil iascaireachta na hÉireann, agus ní bhfuair muid ach €17 billiún de sin. Sin glanbhrabús €184 billiún ag an AE.
Cuir an dá fhigiúr seo le chéile agus is léir go ndearna an tAontas Eorpach glanbhrabús breis is €140 billiún orainn sa tréimhse sin.
Nach mbeadh sé níos ciallmhaire againn iarracht a dhéanamh seilbh a fháil ar ais ar ár gcuid bráití iascaireachta luachmhara (a thabharfadh deiseanna i bhfad níos fearr dár gcuid iascairí ná mar atá le fáil as rochtain a bheith acu ar uiscí na Breataine) in ionad ligean don Aontas aon seans a bhí ann go ndéanfaí conradh trádála iarBhreatimeachta a scrios?
Donncha Ó hÉallaithe
“Ar ndóigh, ní raibh díograiseoirí na hEorpa sásta tabhairt faoi sin, mar is tábhachtaí leosan a ndílseacht don Aontas ná leas na hÉireann mar thír neamhspleách”, arsa Eoin. Níor theaspáin Eoin mórán spéise i leas na hÉireann, nuair a thacaigh sé le BREXIT. Cosúil le go leor daoine eile, a thacaíodh leis an USSR, is tábhachtaí leis briseadh as a chéile Aontas na hEorpa ná leas na tíre seo.