Bhain Michael Gove, Státrúnaí na Breataine don Timpeallacht preab mhór as polaiteoirí is iascairí na hÉireann araon nuair a d’fhógair sé go raibh sé ar intinn aige rannpháirtíocht na Breataine i gCoinbhinsiún Iascaireachta Londain a chur ar ceal i gceann dhá bhliain.
Tugann an Coinbhinsiún seo, a aontaíodh i 1964, ceart iascaireachta do chúig thír idir sé mhíle mara agus dhá mhíle déag mara ó chósta na Breataine ar bhonn cómhalartach: Éire, an Bheilg, an Ísiltír, an Fhrainc agus an Ghearmáin.
D’fhéadfadh drochthionchar mór bheith ag an gcinneadh seo ar iascairí na hÉireann, mar tógann muid 34% dár ngabháil éisc ar fad as farraigí na Breataine.
Tá faitíos anois ar iascairí go gcuirfear deireadh le cead iascaireacht a dhéanamh taobh istigh de 200 míle mara ó chósta na Breataine nuair a imíonn an tír sin as an Aontas Eorpach.
Anuas ar an ngabháil éisc a d’fhéadfadh muide a chailliúint, tá faitíos ann freisin go mbeidh brú ar iascairí eachtrannacha eile teacht isteach inár gcuid farraigí, rud a chuirfeadh brú breise ar ár stocanna éisc.
Ní cara ar bith é Michael Gove don tír seo, ach céard eile a dhéanfadh sé ach leas na Breataine a chur chun cinn mar a fheictear dó é. Ach ardaíonn an scéal an cheist arís: an féidir linn brath ar an Aontas Eorpach leas na hÉireann a chur chun cinn maidir le cúrsaí ascaireachta, nó an cóir dúinn iarracht a dhéanamh idirbheartaíocht dhíreach a dhéanamh leis na Sasanaigh, go háirithe i dtaobh na teorann, farraigí an Tuaiscirt agus Loch Feabhail.
Fuair an tír seo drochmhargadh cheana ón Aontas Eorpach ó thaobh na hiascaireachta de. Ní fhaigheann an tír seo ach cuóta an-bheag den éisc a ghabhtar inár gcuid farraigí: tá 44% d’fharraigí iascaireachta an Aontais ar chósta na hÉireann, ach níl mar chuóta ach 4% den ghabhail éisc ag an tír seo.
Ní hamháin sin, ach ní dhéantar próiseálú in Eirinn ach ar 5% den éisc a thagann i dtír in Eirinn. Tugann loingis eachtrannacha an t-iasc i dtír agus ansin seoltar ar aghaidh é go dtí an Spáinn, an Fhrainc agus tíortha eile nach iad le próiseálú.
Ar ndóigh ní raibh aon fhorbairt ar an tionscail iascaireachta nuair a chuaigh muid isteach sa gComhargadh, agus is beat fís ag polaiteóir ar bith lena fheabhsú. Mar sin, bhí sé éasca iascaireacht na hÉireann a thabhairt ar láimh ar mhaithe le buntáistí nua a fháil don talmhaíocht.
Déanann na hEorafanaicigh (ar nós Michael Heneghan i FinFacts) iarracht an méid sin a úsáid mar leithscéal don chailliúint mhór a d’fhulaing an tír seo maidir le cúrsaí isscaireachta. Sea, bhí fás beag ar an tionscail nuair a chuamar isteach sa gComhargadh, ach le himeacht na mblianta chuaigh saibhreas ollmhór ó fharraigí na tíre seo go dtí codanna eile den Aontas.
D’amhdaigh David Doyle, ón Roinn Airgeadais, agus é ag labhairt le Coiste Oireachtais na gCuntas Poiblí, go bhfuair an tAontas Eorpach i bhfad níos mó as iascaireacht na hÉireann na mar a fuair muide ón Aontas ar fad.
Seo iad na figiúirí:
Idir 1973 agus 2013 fuair an tír seo €72 billiún ón AE. D’íoc muid €31 billiún isteach, a thug glanbhrabús €41 billiún dúinn.
Ach idir 1975 agus 2010 bhí luach tráchtála de €201 billiún ar earnáil iascaireachta na hÉireann, agus ní bhfuair muid ach €17 billiun de sin. Sin glanbhrabús don AE de €184 billiún.
Cuir an dá fhigiúir seo le chéile agus is léir go raibh glanbhrabús de os cionn €140 billiún ag an Aontas Eorpach orainn sa tréimhse sin.
Ní laghdú ar bith é ar an éagóir go raibh polaiteóirí is lucht rialaithe na tíre seo páirteach inti.
Ach nuair a bhreathnaíonn muid ar na figiúirí seo, agus ar an méid a tharla dúinn i dtaobh ghéarchéim na mbanc agus an t-iachall a cuireadh orainn cailliúinti lucht dibhintiúr a sheasamh, bheadh muid as ár meabhair a cheapadh go gcuirfeadh an tAontas Eorpach leas na hEireann roimh leas na Gearmáine, na Spáinne agus na Fraince maidir le hiascaireacht.
Is féidir linn glacadh leis go rachaidh an scéal seo in olcas toisc muid a bheith inár gcuid d’Fhoireann an Aontais, nó is féidir linn labhairt amach ar ár son féin, diúltú glacadh le tréigean ar bith agus iarracht a dhéanamh labhairt go díreach le rialtas na Breataine maidir lena bhfuil fógartha ag Michael Gove.
Ní cara ar bith é an Gove céanna don tír seo, ach tá riachtanais ghnó níos tábhachtaí ná aon cheist faoi dhímheas.
Fág freagra ar 'Iascairí na hÉireann le tréigean arís?'