Taispeánadh an scannán 'Caoineadh Airt Uí Laoire' le Bob Quinn i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Conamara, Déardaoin seo caite mar chuid de Fhleadh Scannán na Gaillimhe. Rinne Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, plaic a nochtadh agus chuaigh na haisteoirí agus an criú a bhí i láthair siar bóithrín na smaointe. Club Scannán Sailearna a chuir an ócáid chuimhneacháin ar bun le tacaíocht ó TG4. PIctiúir: Seán Ó Mainnín
Bob Quinn, léiritheoir agus stiúrthóir an scannáin ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’, ag fáil bualadh bos ón slua i Seanscoil Sailearna agus go leor d’fhoireann an scannáin ag an léiriú
Íomhá as an scannán: Seán Bán Breathnach, Art Ó Laoire sa scannán
Máirtín agus Joe Mac Fhlanncha ó Mhaigh Cuilinn, lena ndeirfiúr Patsy, ar a mbealach isteach chuig ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’ i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Bhí Máirtín agus Joe páirteach sa scannán a rinneadh i 1975
Bernie Ní Fhlatharta agus a fear céile John Richardson ar a mbealach chuig an scannán. Bhí Bernie páirteach sa scannán, a rinne Bob Quinn agus Cinegael 50 bliain ó shin
Donncha Mac Con Iomaire agus Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín
Caitlín Ní Dhonnchú agus a fear céile Joe Seoighe. Ba í Caitlín a bhí i bpáirt Eibhlín Dubh sa scannán
Iar-Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, agus a bhean chéile Mary. Ar dheis tá Donncha Ó hÉallaithe, eagraí na hócáide
Pádraig Campbell, ar chlé agus an boscadóir Gerry Hanly. Bhí Gerry ag casadh ceoil sa scannán
James Harold, ar chlé agus an t-aisteoir Seán T. Ó Meallaigh
Ó chlé, Mary Owens, Helen Quinn, Joe Comerford agus Hannah Quinn. Ba é Joe Comerford an ceamaradóir agus bhí Hannah Quinn, iníon le Helen, páirteach sa scannán a rinne a hathair
Bob Quinn lena chlann is a gharchlann, chomh maith le cuid de na daoine a bhí páirteach sa scannán
Bob Quinn, Stiúrthóir/Léiritheoir an scannáin ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’ (1975) agus a bheirt mhac, Robert, ar chlé, agus Toner
Máirtín Davy Ó Coistealbha agus Seán Bán Breathnach. Ba é Seán Bán Breathnach a bhí i bpáirt Airt Uí Laoire sa scannán agus bhí Máirtín Davy ar dhuine de na haisteorí
Ar chlé, Síle Ní Ríordáin, ar chlé, a tháinig ó Chúil Aodha in éindí le Máire Ní Dhrisceoil (Uí Laoire) ó Chléire chun páirt a ghlacadh sa chomóradh. Ba í Máire a bhí i bpáirt dheirfiúr Eibhlín Dubh sa scannán
Capriní Uí Thuairisg, ar chlé agus Helena Uí Ráighne
An t-amhránaí Treasa Ní Mhiolláin, agus Caitríona Ní Bhuachalla, iarmhúinteoir i Scoil Eoghnachta in Árainn
An teach lán!
An scannánadóir Redmond Morris as an Spidéal agus athair a mhná céile, Pat Lynch
Cuid de na haisteoirí a bhí páirteach sa scannán ag fáil aitheantais ar stáitse. Ó chlé: Joe Mac Fhlanncha, Toner Quinn, Máire Ní Dhrisceoil, Bernie Ní Fhlatharta, Barbara Bolustrom, Seán Bán Breathnach, Margaretta D’Arcy, Caitlín Ní Dhonnchú, Tommy Healy agus Hannah Quinn
An drámadóir mór le rá ó Shasana, John Arden, nach maireann, a bhí ina aisteoir sa scannán. Pic: le caoinchead Toner Quinn
Johnny Finn, ar chlé agus an boscadóir Gerry Hanly. Bhí deartháir le Johnny, Mickey Finn (Fidil), ag casadh an cheoil in éindí le Gerry Hanley (Bosca agus Bainseó) sa scannán
Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, a rinne an phlaic do cheiliúradh caoga bliain ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’ (1975) a nochtadh le linn na hócáide
Bob Quinn (Stiúrthóir/Léiritheoir); Helen Quinn (Léiritheoir Cúnta), agus Joe Comerford (Ceamaradóir): an triúr is mó a bhí ag obair ar an scannán ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’ leathchéad bliain ó shin. Pic: Seán Ó Mainnín
Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, ag nochtadh plaic chomórtha caoga bliain ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’ (1975)
Bob Quinn, Stiúrthóir/Léiritheoir an scannáin ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’ (1975) ag léamh plaic a nochtadh ag an gcomóradh 50 bliain. Sa bpictiúr chomh maith tá Helen Quinn (Léiritheoir Cúnta); Joe Comerford (Ceamaradóir); Toner Quinn a bhí ina pháiste óg sa scannán agus Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín
Bob Quinn ag caint lena leathbhádóirí tar éis an scannáin
Seán Bán Breathnach ag déanamh cur síos ar a ról féin
Joe Comerford, an Ceamaradóir ar ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’, an céad scannán ficsin i nGaeilge, a rinneadh sa bhliain 1975
Bernie Ní Fhlatharta, a bhí páirteach sa scannán, ag tabhairt a cuid cuimhní féin faoin gcriú agus faoina comhaisteoirí
Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, ag cur ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’, i gcomhthéacs earnáil na scannánaíochta Gaeilge
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Comóradh 50 bliain ar an scannán ‘Caoineadh Airt Uí Laoire’ le Bob Quinn i Seanscoil Sailearna'