‘Nach iontach go deo an mac é Seáinín Tom Bán?’ – leigheas ar gach póit é SBB

Chuala Seán Bán Breatnach caint thíriúil, chréúil na Gaeltachta ó bhí sé sa gcliabhán agus rinne sé a chuid féin di

‘Nach iontach go deo an mac é Seáinín Tom Bán?’ – leigheas ar gach póit é SBB

Rinneadh comóradh breá ar leathchéad bliain chraoltóireachta Sheáin Bháin Breathnach, SBB, mar a baisteadh air fadó, Seáinín Tom Bán mar a thabharfadh a chairde agus a chomharsana air.

Is maith atá an moladh sin tuillte aige. Tá sé ar dhuine de na craoltóirí is cumasaí in Éirinn.

Ní de thaisme a shroich sé an caighdeán atá bainte amach aige: tá a shaol caite aige ag foghlaim le barr feabhais a chur ar a chuid buanna ag an micreafón agus os comhair an cheamara.

An uirnis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol scaití, de mo bhuíochas. Máirtín Ó Cadhain a dúirt é sin. D’fhéadfadh SBB an rud céanna a rá. 

Chuala seisean an chaint thíriúil, chréúil ó bhí sé sa gcliabhán. Agus ar ndóigh thosaíodh sé fein ag gol scaití freisin nuair a d’fheilfeadh sin dá chúis. Sin é a rinne sé nuair a bhuaigh Katie Taylor an bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha.

Bhí aithne agam ar athair agus ar mháthair Sheáinín. Bhínn sa teach acu anois agus aríst nuair a bhí mé i mo bhuachaill óg.

B’iontach an cainteoir í Kate. Maidir leis an nGaeilge a bhí aici, róstfadh sí ar an tlú, mar a déarfadh Tomás Laighléis as Mionlach.

Bhí Tom Bán go maith freisin. Ní hé amháin go raibh an chaint aige ach bhíodh ciall lena chuid cainte. Fear meabhrach a bhí ann a léadh leabhra. 

I réimse na siamsaíochta a thosaigh Seáinín ag craoladh. Bhí muid ar fad óg  nuair a chuireadh sé Popcheol na Máirte i láthair—“the groovy babóg from Spiddal,” mar a thug Terry Wogan air. 

Éan cuideáin a bhí ann inár

measc: é “with it”, mar a thugtaí air. Amhráin as an ‘Top Twenty’ a bhíodh sé a chasadh agus gan againne ach ‘Púcán Mhicil Pháidín’ agus ‘Máire Inis Toirc’.

Ní shin le rá gur thug sé cúl lena dhúchas ariamh.  Fear Gaeltachta a bhí ann os comhair an tsaoil. Bhí sé bródúil as a mhuintir féin, as Cois Fharraige agus, ar ndóigh, as foireann Peile Mhícheál Breathnach. 

Is beag bliain le caoga bliain anuas nach raibh sé sa nuacht náisiúnta agus corruair sa nuacht idirnáisiúnta. Máistir a bhí ann i gcónaí ar phoiblíocht a fháil dó féin.

Spreagadh sin éad i gcuid de na daoine. Gaisce agus postúlacht a bhí ann ina súile siúd. Ach níorbh é sin an leagan amach a bhí ag formhór mhuintir Chonamara air. ‘Nach iontach go deo an mac é Seáinín Tom Bán?’ a deireadh siadsan. 

Caithfear a rá freisin go mbíodh an phoiblíocht tuillte aige. Bhíodh sé sásta an beart contúirteach a dhéanamh go breá misniúil gan frapa gan taca. Is fada a bheas cuimhne againn ar an am a raibh sé ina luí ar an gclár a raibh na tairní ann agus an gluaisrothar ag teacht ina thintreach thairis. 

Rinne sé gníomh chomh misniúil céanna nuair a ghlac sé páirt sa gclár teilifíse Charity You’re a Star.  Moltóir an-bhog nó an-trócaireach a ghlaofadh ar ais air i gcomórtas amhránaíochta an Oireachtais ach níor stop sin é. 

Chas sé amhráin gan scáth gan náire agus thaitnigh a bhealach thar cionn le lucht féachana na teilifíse a bhí ag caitheamh na vótaí.

Dúradh faoi Sheáinín nach raibh de mhúinteoir aige ach é féin. Tá cuid den fhírinne sa ráiteas sin ach níl an scéal iomlán ann. 

Fear é a bhíodh sásta foghlaim ó dhaoine ar cheap sé gurbh fhiú glacadh lena gcomhairle faoin gcraoltóireacht. Tabhair faoi deara an aird a thug sé ar chaint Ghay Byrne nuair a dúirt Gay leis nár mhór dó a bheith ag déanamh taighde seasta; go mb’fhéidir nach n-úsáidfeadh sé ach 3% den eolas ach go mbeadh an 97% eile i gcúl a chinn aige.

Tabhair taighde ar an ullmhúchán a dhéanadh Seáinín. Is minic a chonaic mé é ag caint agus ag diabhlaíocht i seomra na gcláracha i Raidio na Gaeltachta ach bhíodh sé ag obair ar a bhionda i rith an ama ar fad ag réiteach don chéad chraoladh eile. Maidir leis na leathanaigh spóirt sna nuachtáin, shlogadh sé iad. 

Sa deireadh thiar thall tuairisceoir cumasach spóirt, thar rud ar bith eile, é Seáinín. Is beag tráchtaire atá in ann beocht a chur i gcluiche mar é.

Bhí mé tráthnóna i dteach tábhairne anseo i gConamara. Breoite go leor a bhí mé féin agus na custaiméirí eile. Bhí Seáinín ag déanamh tráchtaireachta ar chluiche peile ar bheag ár suim sa dá fhoireann.

Cluiche leadránach go maith a bhí ann ach d’athraigh Seáinín é sin gan mórán achair. Shílfeá anois gurbh é an cluiche ba tábhachtaí é dár imríodh ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael. 

Na leaganacha cainte a bhí aige a thóg ár gcroí. Bhí scraith déanta d’imreoir amháin, bhí eascann déanta ag fear eile de féin i lár na páirce. Bhí imreoir eile fós ina ghiorria sna tosaithe. 

Ba é leigheas na póite é. Níorbh fhada go raibh cluais orainn ag éisteacht leis agus muid ag leanacht chuile chor den imirt. 

Maidir leis an am ar thosaigh sé ag caoineadh nuair a thóg Katie Taylor an bonn óir, cé acu aisteoireacht nó dáiríreacht a bhí ansin? Leath agus leath, déarfainn. Ba é sin fear na diabhlaíochta agus an té a bhfuil a chroí i gcúrsaí spóirt ag teacht le chéile in aon duine amháin.

Go maire tú i bhfad, a Sheáinín. Tá muid bródúil asat.

Fág freagra ar '‘Nach iontach go deo an mac é Seáinín Tom Bán?’ – leigheas ar gach póit é SBB'

  • Cluain Sceach

    Díreach.

  • Tomas

    Nach iontach an píosa é seo, cairdeas agus gael idir láimhe, ag déirigh leat tábhacht SBB I saol na Gaeilge a thabhairt chun cinn, ceanródaí a bhí in SBB nuair nach raibh aon réalt mór meáin le Gaeilge bhí SBB againn , is maith ann thú a Sheáin agus tá siúl agam nach bfhuil deireadh le do ré fós I RnaG

  • Pól Ó Braoin

    An ceart uilig agat… Chuirfeadh sé an beo i mblocán. Bhí an t-ádh orm castáil leis agus leabhar a dhearthár á sheoladh thiar, cé gur beag a tháinig as mo bhéal agus an fhaill féin buailte liom. Ardfhear é SBB agus go maire sé an céad!