Báltas ort! Aon duine a bhíonn ag greadadh ag fual chuile dhara nóiméad agus bealach an uisce á dhó tuigfidh sé nach galar é seo a bheifeá a iarraidh.
Bás an mhúille (na miúile) chugat! Deirtear gur ina sheasamh a fhaigheann an mhiúil bás.
Ocras tar éis altaithe ort! Drochbhail eile ar dhuine – goin ocrais ort agus tú ag éirí ón mbord!
Nára fada go mbeidh tú ag ithe builíní! Is léir nach mór an meas a bhíodh ar bhuilíní, beatha an phríosúin.
Nár fheice tú an chuach! Go raibh tú faoin bhfód roimh theacht an earraigh.
Fág freagra ar 'Nach gránna é? – ‘Nára fada go mbeidh tú ag ithe builíní!’'