NACH GRÁNNA É? Tubaiste na muc is na muintire leat

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH GRÁNNA É? Tubaiste na muc is na muintire leat

Má bhí neart beannachtaí sa nGaeilge riamh chuirtí neart mallachtaí i gcónaí freisin. Leaganacha eile ar an mallacht thuas ba ea tubaiste an pharóiste ort, tuilleadh tubaiste chugat, tubaiste an tí leat, tubaiste na bliana leat.

I gContae an Chláir nuair a bhítí ag cur capaill nó bó nó ag fáil réidh le rud eicínt a briseadh ‘tubaiste na bliana ort’ a deiridís. Seo bealaí eile fós a dtagadh an focal tubaiste sa gcaint:

Tá an tubaiste anuas orthu.

Buille na tubaiste.

I bhfad uainn an tubaiste.

Is cuma liom sa tubaiste.

Tubaiste ar mhuin tubaiste.

Ag triall chun na tubaiste.

Bhí sé ag tuar tubaiste dó féin.

Bhuailfeadh an tubaiste le duine i lár an bhóthair: go mbíonn an t-olc i ngach uile áit.

D’fhág sé sa tubaiste é: níor bhac sé leis níos mó, ba chuma leis céard a d’éireodh dó.

Nach mór an tubaiste a bhí orm an lá ar phós mé thú a dúirt fear lena bhean chéile. Níor chuala mé fós cén freagra a thug sí air.

Fág freagra ar 'NACH GRÁNNA É? Tubaiste na muc is na muintire leat'