Tá ‘Nach gránna é?’ déanta againn de ‘Nach deas é?’ na seachtaine seo agus cuid de na heascainí a bhíodh coitianta tráth ag ár gcolúnaí
Cupán do ghlúnach (ghlúine) ag ól súp ag do sheanmháthair. Sin eascaine amháin a bhí ag cuid den dream deas a bhí i bparóiste Charna tráth den saol. Tá neart eascainí eile sa nGaeilge freisin ar ndóigh. Seo cuid acu:
Do phutóga faoin gcófra ag déanamh ceoil do na cait.
Go lasa an talamh fút.
Go dtuga an diabhal le fána aille thú.
Do chraiceann ar an taobhán ag déanamh solais don domhan thoir.
Imeacht an tsrutha le fána ort.
Nár thé corp ’un cille romhat.
Go bhfeice an diabhal ina gharraí cabáiste thú.
Loscadh is dó ort
Imeacht gan teacht ort.
Go mbrise an diabhal do chnámha.
Mallacht na baintrí ort.
Go ndéana an diabhal dréimire de chnámh do dhroma.
Ualach sé chapall de chré na húire ort.
Nár fheice Dia ina chathaoir thú.
Cupán do ghlúnach (ghlúine) ag ól súp ag do sheanmháthair. Nach gránna é?
Carraig
Go dtachta an droch-fhocal tú!
Nára maith agat!
Mallacht Chromail ort .i. tochas agus díth ingne ort.
Go seinne sé thiar ort! (bia)
Fán fada ort gan filleadh ná feacadh!
Scread mhaidne ort!
Míchrom ort! (míchothrom)
Maisle (milleadh) is máchail ort!
Go gcaille an diabhal do cheann!
Léan ort!
Léan ar do lár!
Léan áir uait!
Triomach ort!