Chomh goirt le mún asail, a deirtí. Ní choiscfeadh mún cait é, a deirtí faoi lao a bheadh deacair a choisceadh. Bhainfí seacht gcineál fual asail as duine a thraochfaí ag obair.
D’fhéadfadh duine a bheith ag silt deora goirte—a bheith ag gol go géar goirt. Is goirt iad na deora a shiltear ach is goirte go mór na deora nach siltear. Chomhairlítí gur fearr goirt ná bréan. Is é an chiall a bhí leis sin gur cheart neart salainn a chur ar rud a bheifí a shailleadh nó go lobhfadh sé. Chomh goirt leis an bhfarraige, a deirtí. Sea, agus chomh goirt le Loch Mono. Loch in California i Meiriceá í Loch Mono.
Seo seanrá eile fós:
An fear saibhir ag déanamh grinn,
Deir chuile dhuine gur binn a ghlór,
Ach is seirbhe ná an searbhán goirt,
An duine bocht ag déanamh ceoil.
Derry O'Sullivan
Láidir!
SM
Greann leithris.