Nach deas é? Tá sé chomh leisciúil sin ná tógfadh sé an smeachaide dá chois…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Tá sé chomh leisciúil sin ná tógfadh sé an smeachaide dá chois…

‘Tá sé chomh leisciúil sin ná tógfadh sé an smeachaide dá chois.’ Sin leagan cainte a bhí ag Gaeilgeoirí Chontae an Chláir,  de réir an leabhair ‘Caint an Chláir’ a scríobh an tAthair Seoirse Mac Clúin.

‘Ní thógfadh sé an splanc de do chois,’ a deirtí i gConamara.

Déarfá leat féin gur mó céille atá le leagan an Chláir: cén fáth a mbeadh an splanc, nó an smeachaide a bheadh ar chois duine eile ag cur imní ar an leisceoir?

Tá an leisce ar cheann de na seacht gceannpheaca marfach. Ní hionadh dá réir sin go bhfuil neart tagairtí do leisceoirí sa mBíobla. Seo cuid acu:

*Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí,

ach is ród réidh cosán na ndícheallach.

*Mac críonna a chnuasaíonn sa samhradh,

ach cúis náire é an mac a chodlaíonn le linn an fhómhair.

*Is ciallmhaire an leisceoir dar leis féin

ná seachtar fear a d’fhreagródh le stuaim.

*Dála na comhla a chasann ar a tuislí,

casann an leisceoir ina leaba.

*Tumann an leisceoir a chrobh sa mias

ach tá sé róthraochta le hé a bhreith chun a bhéil.

*A leisceoir, téigh chun an tseangáin:

déan machnamh ar a  bhealaí,

agus bíodh ciall agat.

Níl aon duine le hordú a thabhairt dó,

saoiste ná máistir:

Ach cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh,

agus bailíonn a sholáthairtí san fhómhar.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá sé chomh leisciúil sin ná tógfadh sé an smeachaide dá chois…'

  • Simon Ó Faoláin

    “Is fearr an t-ádh maith ná éirí go moch!”

  • Carraig

    “Is minic a bhíonn cú mall sona”.

  • Carraig

    ‘Béarfaidh an saol orainn’.

  • Carraig

    Glac bog an saol agus glacfaidh an saol bog tusa.