Nach deas é? ‘Tá na Seacht nDeabhail Ort!’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

peter cook

Is minic ráite le duine a bheadh ró-ábhailleach go raibh “na seacht ndeabhail” air. (Ní hannamh an uimhir iolra a theacht i ndiaidh an fhocail ‘seacht’ i leaganacha mar seo sa chaint bheo). Nuair a bhíonn breis is do dhóthain ite agat, bíonn do sheacht sáith clabtha siar agat; bíonn seacht gcúraimí an tsléibhe orthu siúd a mbíonn an iomarca iarnaí sa tine acu; in ainneoin do sheacht ndícheall, tharlódh go ndéarfaí leat gur seacht measa a bhí an scéal dá mbeadh cocstí déanta agat de ghnó éigin, ach tharlódh, leis, ar ócáid eile go gcloisfí mar ghuí, ‘gura seacht bhfearr a bheimid bliain is an lá inniu’.

Is ea, is cinnte go bhfuilimid tugtha do dhul i muinín na huimhreach seacht d’fhonn treisiú lenár gcuid cainte.

Tuigeadh d’fhealsaimh na sean-Ghréige gur iomlánú í an chorruimhir ar an ré-uimhir fúithi, agus tagann go maith leis an tuiscint seo ‘mórsheisear’ sa Ghaeilge ar sheachtar. Beartaíodh ar an uimhir seacht go háirithe mar léiriú ar iomláine agus tuigeadh go raibh barántas ón dúlra féin chuige sin mar áiríodh seacht bplainéad a rialaigh cúrsaí an tsaoil, seacht lá sa tseachtain de réir fhéilire na gealaí, agus is seacht ndath a bhí sa bhogha síne.

Tagraíodh d’fharraigí uile na cruinne mar na seacht n-aigéan, agus ní raibh aon ní ab fhiú a fheiscint nach bhfaca an té a chonaic seacht n-iontais an domhain. Sa traidisiún Giúd-Chríostaí chruthaigh Dia gach a bhfuil ann i seacht lá, seacht ndiabhal a d’fhág Máire Mhaigdiléineach agus bhí diagairí sa mheánaois an-leanúnach ar an uimhir seacht mar theorainn — seacht líon na sacraimintí, na gcinnpheacaí marfacha, tíolaicí an Spioraid Naoimh agus sólais agus dólais na Maighdine.

Déarfadh lucht imeartha cártaí gur deacair an seacht a shárú nó go mbíonn seacht an mháimh éiritheach, agus léiríonn an leigheas a luaitear leis an seachtú mac nó an seachtú hiníon an géilleadh a thugtar i gcónaí do chumhacht na huimhreach seacht. Nach deas é an seacht?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Tá na Seacht nDeabhail Ort!’'

  • seán

    ‘gura seacht bhfearr a bheimid bliain is an lá inniu’. Cheapas go ndéarfaí…. ‘ón lá inniu’ sa chás sin? Agus ‘seacht nglúin ó rí go ramhainn’…mo dhálta féin!

  • Fearn

    Aidhe! mo sheacht mh’anam thú, a Phádraig!!

  • Máire Prior

    Is deas é an seacht! Agus is deas na hailt seo, “Nach deas é?.” An-saibhreas Gaeilge ag baint leo.
    Bhí orm mo mhadra a thabhairt go dtí an tréidlia an tseachtain seo caite. Bhí an madra “hipir” agus ní raibh sé ag iarraidh fanacht ciúin ionas go mbeadh an tréidlia in ann féachaint ar a shúile. Dúirt an tréidlia, as Béarla, “tá an diabhail istigh ionat inniu, a Phatch.” Cé nár chuala mé an nath cainte seo as Béala le fada, bhraith mé gur tháinig sé ón nGaeilge, agus go raibh sé suimiúil go bhfuil a leithéid de nath fós á rá as Béarla, sa lá atá inniu ann. Ní raibh “na seacht ndiabhail” air, ar a laghad!