Nach deas é? Tá bachlóg ar a theanga…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Tá bachlóg ar a theanga…

Tá bachlóg ar a theanga.

Is iad Marmite dhinnéar na Nollag iad. Na rudaí beaga glasa sin a chuireann múisc nó cíocras ar dhaoine.

Agus cá bhfios nach bhfuil baint aige sin leis an nath! Déarfá é le duine nach dtuigfeá a chuid cainte go rómhaith, nó nach mbeadh an chaint róshoiléir aige. Samhlaigh a bheith ag caint le duine agus bachlóg a bheith ar (bharr) do theanga agat – cuireann sé an cluiche boird sin ‘Speak Out’ i gcuimhne dom! Sin siamsaíocht na Nollag socraithe don chéad bhliain eile.

Go deimhin d’úsáidfí an nath leis an duine a mbeadh braon maith ólta aige agus é ag cogaint a chuid cainte.

Nár dheas mallacht amhail ‘go raibh bachlóga ar do phláta agat’ nó ‘go raibh bachlóga ar do theanga agat’ a chumadh dóibh siúd ar gráin leo an glasra beag glas!

B’fhéidir nach deas le daoine an bhachlóg bhocht ach nach deas é mar nath go fóill féin?

Tá bachlóg ar a theanga. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá bachlóg ar a theanga…'

  • Tomas

    ‘Ta crans ar a theanga’….a dearfai san Oilean Tiar agus ag bhiodh (ta?) se ag cainteoiri airithe i nDunchaoin.
    Ni fios cad as a dtainig ‘crans’. Lochlannais, b’fheidir.