Nach deas é? – Sin é an áit a ndearna siad an seafal…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? – Sin é an áit a ndearna siad an seafal…

Focal é seafal nár casadh liom go dtí le fíorghairid. Dearmad a chiallaíonn sé, earráid, meancóg botún, iomrall, tuathal, tuaiplis.

Ag Tomás Laighléis as Mionlach a bhí sé. Níl a fhios agam an raibh an focal i gceantar ar bith eile nó nach raibh.

Ag cur síos a bhí Tomás ar an gcaoi ar roinneadh gabháltais i Mionlach fadó. Socraíodh ceathrar ar gach gabháltas.

Ní beart ciallmhar a bhí ann, a dúirt Tomás. Seo mar a chuir sé síos air:

“Rinne siad garranta beaga, preabáin agus pioncáis de chuile gharraí den rath dá raibh ar an roinnt. Dá gcoinneodh siad i ndiaidh a chéile cuid an cheathrair ar an roinnt bheadh chuile shórt ceart, ach séard a rinne siad ach a meascadh trína chéile ina hábhar achrainn, callóide is ábhalóireacht faoi theorainneacha, agus cíbe stoc beag a bhí acu ag briseadh isteach ar a chéile, á gcur in adharca na móna chuile lá agus go minic ag dul chuig an gcúirt. Sin é an áit a ndearna siad an seafal.”

Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? – Sin é an áit a ndearna siad an seafal…'