NACH DEAS É? Níl imní goirt ná sléibhe air…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Níl imní goirt ná sléibhe air…

Níl imní goirt ná sléibhe air a déarfaí faoi dhuine a bheadh ag tógáil an tsaoil go réidh. Sliabhadóir a thugtar ar fhear a chónaíonn ar an sliabh agus cladóir ar an té a bhíonn ina chónaí cois farraige.

Pós bean ón sliabh agus pós an sliabh ar fad, a deirtear.

Tugtar Lá an tSléibhe ar Lá an Bhreithiúnais.

Thug sé an sliabh air féin a déarfá faoi fhear a thug a aghaidh ar an sliabh.

Titeann maidhm shléibhe le fána scaití.

Tagann sliabh gortach ar chorrdhuine —lagar ocrais.

Tamhnach shléibhe — áit a bhfuil fás roinnt mín anois, mar a raibh cur sa tseanaimsir.

D’ordaigh Dia do dhuine an cith a ligean thart, mura mbeadh aige ach a mhaide a shá sa sliabh is dul ar a scáth.

Dhá dtrian sneachta le sliabh.

Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe

Ar an áit ar éagadar, is milleán crua, a dúirt Raiftearaí faoin mbáitheadh in Eanach Dhúin.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Níl imní goirt ná sléibhe air…'