Cén mhaith do dhuine a shaol nuair a bheas a bhean ina baintreach, a deirtí.
Mheabhraítí freisin gurb é an té is faide a chuaigh an té is gaire don uaigh.
Bhí Seán Bán Breathnach ag cur agallamh raidió ar an bhfile Johnny Chóil Mhaidhc uair. Labhair sé ar an am a raibh Johnny an-tinn san ospidéal.
‘Bhí tú an-ghar don bhás an uair sin nach raibh a Johnny?’ a dúirt Seán go drámatúil.
‘Tá mé níos gaire dhó anois,’ a dúirt Johnny
Tá rud amháin cinnte, ní ghlacann an bás breab. Breitheamh ceart cothrom an bás. Díríonn an bás an cleasaí is cáime. I ndiaidh do bháis ní bhfaighidh tú ach cónra is braillín mar a fuair Mór is a cailín.
Ciallaíonn sé sin gur ionann uasal is íseal sa mbás.
Ní ghlacann an bás breab…
Nach deas é?
Frainc
Muchadh coinnle i mbeal maidine.