Nach deas é? Ní bréag a rá nach acu a bhí úsáid na gcos…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Ní bréag a rá nach acu a bhí úsáid na gcos…

Ní bréag a rá nach acu a bhí úsáid na gcos, a dúirt fear a bhí ag cur síos ar an gcomórtas damhsa ar an sean-nós ag an Oireachtas. Bhí siad mear sciobtha ag oibriú na gcos agus iad ag baint fuaim as an stáitse.

Dá dtrian den damhsa an chosúlacht nó na goití. Níor mhór duit damhsa de réir an phoirt le go beadh seans ar bith agat i gcomórtas an Oireachtais.

Ar ndóigh d’fhéadfá a bheith ag damhsa uaireanta eile le háthas, le lúcháir nó le fearg.

Thug sí an damhsa ó bhuaile léi a déarfaí faoi chailín luathchosach a bheadh ag damhsa go croíúil. Chaithfeadh daoine tréimhse ag tabhairt aire do bheithígh ar buaile amuigh faoin sliabh sa samhradh fadó. Bí cinnte go ndéantaí neart damhsa ansin.

Níor fhág an damhsa do chosa a déarfaí le damhsóir a bheadh ag dul amach sna blianta. Ar an taobh eile den scéal, bhí seanfhocal ann a deireadh gur deacair damhsa a chur roimh sheanmhada. Is é an chiall a bhí leis sin nach mbeadh seanduine in ann aon rud nua a fhoghlaim. Nach bocht an bhail orainn é!

Bíonn an ghrian ag damhsa Domhnach Cásca. Bíonn na huain ag damhsa ar na bánta. Damhsa na gcoiníní i ngarraí na heorna is an coinín ab óige briseadh a chos. Sin achasán a chaití le damhsóir místuama.

Mar bhuille scoir, bíonn an damhsa beag ann, i.e., a bheith ag oibriú na gcos faoi mar a bheifeá ag damhsa.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní bréag a rá nach acu a bhí úsáid na gcos…'