Nach deas é? Ní amach faoi chearc a tháinig mé ach oiread leatsa…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Ní amach faoi chearc a tháinig mé ach oiread leatsa…

Ní amach faoi chearc a tháinig mé ach oiread leatsa, a dúirt fear le fear eile agus achrann réidh le tosú. Ní hea, a dúirt sé, ná isteach faoi thír. Bhí sé ag dearbhú leis an gcaint sin nach duine simplí a bhí ann ná duine nár tháinig ó dhaoine maithe.

Is iomaí focal eile ar an simpleoir. Seo cuid acu: aerthóir, stualán, amaid, baothán, gaimse, gamal, leadhbán, leib, óinmhid, pleidhce.

D’fhéadfaí an leagan cainte thuas a úsáid freisin i gcás go mbeifí á thabhairt le tuiscint nach raibh aon ghus i nduine,  i.e., nach raibh aon chnámh droma ann, gur dhuine gan spriolladh é, catamán, éagbhás, niúdar neádar, silteánach, síománaí, smúrthannach, bás gorm, bás ina sheasamh.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní amach faoi chearc a tháinig mé ach oiread leatsa…'