Níor moladh an deifir rómhinic ariamh. Moilleann Dia an deifir, a deirtí.
Fan go n-imí an deifir dhíot mar a d’fhan do mháthair le do bhreith, a deirtí.
Suigh síos agus fan go lá, is mara bhfuil deifir ort, go dtaga an t-ádh.
An té a bhfuil deifir aige le bás duine, b’fhéidir gur túisce é féin.
Ar an taobh eile den scéal, níor mhaith an rud a bheith ag tógáil an tsaoil ró-éasca ar fad. An té nach bhfuil deifir ar maidin air, bíonn sé ina shodar tráthnóna.
Ar ndóigh tugadh faoi deara i gcónaí nach raibh pota ar bith is faide go bhfiuchadh ná an pota is mó a raibh deifir leis.
Moilleann Dia an deifir. Nach deas é?
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Moilleann Dia an deifir…'